Lámh chúnta in ionad droim láimhe ...

Póilín Ní Chiaráin
Lámh chúnta in ionad droim láimhe ...

Tá an feachtas maidir le leasú a dhéanamh ar dhlí an ghinmhillte ag bailiú nirt, a deir Póilín Ní Chiaráin

‘Tabhair dom do lámh’ an ceol aitheantais ba cheart a bheith ag toradh an reifrinn chun an tOchtú Leasú ar an mBunreacht, an toirmeasc ar ghinmhilleadh, a aisghairm.
Bhí an toradh doshéanta. Bhí an tinreamh an-ard – 64.5% --a agus vótáil 66.4% i bhfabhar na haisghairme agus 33.6% ina coinne. Claochlú a bheadh doshamhlaithe scór bliain ó shin ab ea é agus impleachtaí móra aige do Thuaisceart Éireann chomh maith leis an bPoblacht.
Má ritear dlí a bheidh oiriúnach don fheidhm ní bheidh fadhb á heaspórtáil go dtí an t-oileán béal dorais feasta. Ní bheidh mná nó girseacha ag imeacht faoi rún, sa dorchadas, ina n-aonar go Learpholl, Londain nó Glaschú le haghaidh ginmhilleadh. Déanfar sa bhaile an gnó anróiteach atá á dhéanamh thar sáile cheana agus beidh lámh chúnta le fáil ag an duine brónach cibé rogha a dhéanfaidh sí.
Tréimhse chinniúnach i saol na tíre a bheidh sna míonna amach romhainn. Sa Phoblacht rinne an pobal, an t-aos óg agus mná óga go háirithe, maille le roinnt polaiteoirí agus daoine a bhí ag feachtasaíocht le blianta fada an obair throm. ’Sé dúshlán an rialtais bailchríoch shlachtmhar fheidhmiúil a chur ar an obair sin. Tá tábhacht thar na bearta leis an dlí, ar ndóigh, ach tá práinn freisin leis an obair thánaisteach i dtaca le seirbhísí, rialacháin do lucht sláinte agus maoiniú cuí. Caithfear a chinntiú go mbeidh na hacmhainní riachtanacha ar fáil cibé rogha a dhéanfaidh duine.
Ní mór a rá nach mbeidh iachall ar aon duine ginmhilleadh a roghnú; raiméis is ea é a mhaíomh go mbeadh an brú cultúrtha chomh trom sin nach mbeadh an dara rogha ag duine. Luíonn sé le réasún go raibh na daoine a bhí in éadan aisghairme croíbhriste faoin toradh - dhá thrian in aghaidh aon trian, malairt scéil ó 1983 nuair a glacadh leis an leasú. Gan dabht chreid lucht an fheachtais ‘Níl’ a maíomh gur chinntigh an toirmeasc ar ghinmhilleadh go bhfuil na mílte beo inniu dá bharr, ach níl fianaise ná staidreamh ar bith againn gur fíor sin. Tá na figiúirí againn áfach a chruthaíonn gur imigh breis is 100,000 chun na Breataine Móire le haghaidh ginmhilleadh ó 1983; níor chuir an t-ochtú leasú stop leo sin agus níor chuidigh sé leo.

Na Scéalta

Bhí scéal ag gach duine den 100,000 bean sin. Bheadh sé díchéillí a mheas gur scéal cráite a bhí ag gach duine; seans maith go ndearna cuid acu rogha ar bhonn stíl mhaireachtála nó gairme. Ach ní go fánach a dhéanann an chuid is mó cinneadh faoi ghinmhilleadh. Is cinnte go ndeachaigh scéalta na gcruachásanna i gcion ar go leor dá ngaolta agus dá gcairde agus go raibh tionchar aige sin ar vótáil.
I measc na scéalta bhí cásanna na lánúineacha a bhí ag súil go mór le leanbh ach a roghnaigh foirceannadh toirchis mar nach raibh an féatas inmharthana. Cé a dhéanfadh neamhshuim de chuntas na ndaoine a thug cré an linbh abhaile i mbosca sa ngluaisteán? Ta a fhios againn go ndeachaigh a leithéid de scéalta i gcion go mór ar cheannaire Fhianna Fail, Micheál Martin, agus ar an Aire Sláinte Simon Harris. Go minic b’éigean do bhean imeacht thar lear ina haonar mar go raibh ar a fear fanacht sa bhaile le haire a thabhairt do pháistí eile.
Cé a thabharfadh cluas bhodhar don bhean, ag cur fola go trom, a shiúil i Manchain ar feadh uaireanta an chloig ag fanacht leis an eitilt abhaile? Na tuismitheoirí a thug déagóir a éigníodh go Londain le haghaidh ginmhilleadh, í fós neamhaibí i gcorp agus in intinn? An bhean (nó na céadta acu) a raibh uirthi an t-airgead a fháil ar iasacht? Cuid de na mná sin ag aisíoc an airgid go seachtainiúil i ngan fhios do pháirtnéir brúidiúil. Nó na mná nach raibh in acmhainn iasacht a fháil agus a thóg piollaí contúirteacha sa bhaile gan comhairle dochtúra?
De réir an tsuirbhé a rinne RTÉ i measc vótóirí is iad ag fágáil na mbothanna vótála, dúirt 75% go ndearna siad suas a n-intinn i bhfad ó shin, dúirt 8% go ndearna siad a gcinneadh mar gheall ar bhás Savita Halappanavar agus bhí 12% faoi anáil an fheachtais. Thagair suas le hochtar as gach deichniúr do scéalta a d’imir tionchar orthu; 43% do scéalta a bhí ar na meáin agus 34% do scéalta a lucht aitheantais (77% ar fad).
Dúirt 62% de vótóirí a d’fhreagair an suirbhé gurb é ceart na mná chun rogha a dhéanamh an cheist ba thábhachtaí. Bhí contúirt do shláinte agus do bheatha na máthar ard ar an liosta mar a bhí éigniú agus féatas neamh-inmharthana. As iomlán na vótóirí a d’fhreagair an suirbhé nor luaigh ach 12% díobh tábhacht an chreidimh.
Bhí baint ag creideamh le céatadán níos mó ná 28% díobh sin a vótáil ‘Ní’l. Go ginearálta bhí leagan amach lucht ‘Níl’ i dtiúin leis an Eaglais Chaitliceach agus 76% acu den bharúil gurb é ceart chun beatha an linbh gan bhreith an cheist ba thábhachtaí.

Idir dhá Phápa


I 1983 nuair a cuireadh an bac ar ghinmhilleadh, an tOchtú Leasú, sa Bhunreacht bhí Caitlicigh bhunchreidmheacha i mbarr a réime in Éirinn. Ceithre bliana roimhe sin d’fháiltigh móramh an phobail roimh an bPápa Eoin Pól II ar a chuairt stairiúil. Bhí a fhios ag cuid den chléir ag an am sin faoi choireanna leithéidí Brendan Smyth, an sagart a aistríodh ó áit go háit nuair a tháinig a mhí-úsáid ghnéis ar pháistí chun solais laistigh den Eaglais. Ach ní raibh a fhios ag an bpobal faoi Smyth, faoi mhí-úsáideoirí eile ná faoi nós na hEaglaise an choiriúlacht a cheilt.
Ní féidir na scannail faoi mhí-úsáid a chur as an áireamh in aon scrúdú ar an athrú saoil ó 1983. Ina dteannta sin fuarthas amach faoin drochíde a fuair mná in ionaid ar nós neachtlanna Maigdiléana agus na cleachtais dhochreidte a bhain le huchtú. Bhí an stát chomh ciontach leis an Eaglais i gcuid mhór de na scannail sin. D’fheil sé don bhunaíocht an obair shalach a fhágáil faoin gcléir –dream a raibh a gcuid iarrachtaí chun an smál a ghlanadh díobh féin chomh tútach sin gur chun donais a d’imigh. Ní de sheans a rinne an dá phatrarcacht faillí agus éagóir ar mhná agus páistí.
Bhí údarás na hEaglaise Caitlicí ag meath ó thús na nóchaidí. Scanrú faoi mhaoin a chailliúint is mó a bhí ar siúl i 1995 roimh an reifreann ar cholscaradh. Roghnaigh na vótóirí colscaradh, ar éigean, le móramh níos lú ná 1%. Fiche bliain ina dhiaidh sin vótáil móramh mór ar son pósadh comhghnéis agus vótáil móramh níos mó fós an mhí seo caite i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú. Bhí scéalta pearsanta agus taithí saoil an ghnáthdhuine ag dul i gcion ar an saol poiblí agus tábhacht níos mó leo ná le dogma.
Is mór idir an tír a dtiocfaidh an Pápa Proinsias chuici gan mhoill agus an áit a chonaic an Pápa Eoin Pól i 1979. Is cosúil go bhfuil an scaradh idir Eaglais agus Stát tugtha chun críche, nó gar dó. N’fheadar cé mar a chruthóidh siad i mbun a gcúram féin amháin.

Luí leis an DUP


Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Ní ar an DUP a smaoineofá i dtosach dá mbeifeá ag roghnú comhbhádóir do Chaitliceach deabhóideach. Liosta le háireamh iad na maslaí a chaith an tUrramach Paisley, bunaitheoir an DUP, leis an Eaglais Chaitliceach i gcaitheamh na mblianta. Anois, i bhfianaise an reifrinn ó dheas, tá an feachtas ó thuaidh maidir le leasú ar an dlí faoi ghinmhilleadh bailiú nirt. ’Sé an DUP an páirtí is diongbháilte in éadan an ghinmhillte agus dúirt ceannaire an pháirtí sin, Arlene Foster, nach n-athróidís a seasamh féin i bhfabhar na beatha.
Mhaígh sí go raibh Caitlicigh –idir vótóirí Shinn Fein agus eile- i dteagmháil lei á chur in iúl di gurb é an DUP an t-aon pháirtí a bhí ag teacht lena mianta an leanbh sa mbroinn a chosaint. Mhaígh Ian Paisley óg go bhfuair sé litir ó shagart ina thoghcheantar, Aontroim Thuaidh, ag cur in iúl dó go mbeadh sé ag treorú a thréada i dtreo an DUP. Níor ainmnigh sé an sagart.
Bhí fianaise le tamall go raibh vótóirí aonair nó dreamanna beaga ag bogadh i dtreo an DUP i ngeall ar athrú poirt nó caint dhébhríoch Shinn Féin agus an SDLP. Dúirt bean óg, imreoir peile CLG gur vótáil sí don DUP i Lár Uladh mar gurbh iad ab inmhuiníne faoin nginmhilleadh. Chaithfeadh líon mór vótóirí bogadh chun difear a dhéanamh. Ar an láimh eile tugann pobalbhreitheanna le fios nach n-aontaíonn móramh an phobail leis an DUP faoi ghinmhilleadh ná faoi phósadh comhghnéis; d’fhéadfadh trácht a dhul an bealach eile. Ní mholfainn geall mór a chur ar cheachtar céim.
Tá easaontas i ngach páirtí abhus faoin nginmhilleadh. Bhí ar Shinn Féin dul i ngleic leis an easaontas sin ag comhdháil speisialta i mBéal Feirste, an chéad Ard-Fheis faoi cheannas Mary Lou McDonald. Bhí comhdháil speisialta ag an SDLP a sheas le polasaí ar son na beatha ach a thug saoirse coinsiasa d’ionadaithe, beart nár shásaigh cuid de na seanfhondúirí. Tá an tsaoirse chéanna ag Alliance agus an UUP.
Bhí imní ar roinnt san DUP go ngéillfeadh an Príomh-Aire Theresa May do bhrú ón Lucht Oibre agus ó chuid dá feisirí Caomhacha féin chun dlí 1861 (cionta in aghaidh an duine) a rialaíonn ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann a leasú. ’Sé Tuaisceart Éireann an t-aon réigiún san Ríocht Aontaithe ina bhfuil dlíthe atá an-teoranta maidir le ginmhilleadh a cheadú (agus bac ar phósadh comhghnéis). Ní raibh fonn ar Theresa May cur as don DUP ach seans nach bhfágfar an dara rogha aici i ngeall ar bhreithiúnas cúirte.
Rialaigh an Chúirt Uachtarach i Londain nach raibh sé de cheart ag Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine dúshlán an dlí a thabhairt. D’fháiltigh lucht feachtais in éadan an ghinmhillte roimhe sin ach níor shásamh ar bith dóibh an chuid eile den bhreithiúnas. In ionad an Coimisiún a bheith mar ghearánaí, níor mhór do bhean a raibh ginmhilleadh á cheilt uirthi a dhul chun cúirte, a dúirt na tiarnaí dlí, é le tuiscint uathu go rialódh an chúirt go raibh a cearta á gceilt. Bhí móramh den seachtar breithiúna cinnte gur shárú ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ab ea na srianta atá ar ghinmhilleadh i dTuaisceart Éireann. D’fhógair Sarah Ewart a raibh foirceannadh toirchis aici cúig bliana ó shin mar nach raibh an leanbh a raibh sí ag súil leis inmharthana go dtabharfadh sise a cás chun na hArd-Chúirte i mBéal Feirste. Tá an feachtas ag bailiú nirt agus d’éagmais Feidhmeannas nó Tionól in Stormont ní léir cén fhad eile a bheidh Theresa May in ann an chluas bhodhar a thabhairt dó.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.