Amhrán na Gealaí ó Romancero Gitano , Federico García Lorca
le Mike Mac Domhnaill
Tagann an ghealach isteach sa cheárta
bláthanna is fáinní ar a gúna.
Tá an leanbh ag stánadh uirthi,
ag baint lán na súl aisti.
Ardaíonn an ghealach a lámha
san aer corraitheach,
stán-bhrollach á thaispeáint,
maighdeanúil gan smál.
‘Imigh leat, a ghealaigh, a ghealaigh!
má thagann na giofóga
déanfar muincí ‘s fáinní geala
as do chroíse.’
‘A leanbh, lig dom damhsa, damhsa!
Nuair a thiocfaidh na giofóga
beidh tú sínte ar an inneoin
ag dul a chodladh.’
‘Imigh leat, a ghealaigh, a ghealaigh!
cloisim a gcuid capall.’
‘A leanbh, imigh id aonar
is ná leag cos ar mo righin-ghile.’
Bhí an marcach i ngiorracht
ag bualadh bodhrán an mhachaire.
Istigh sa cheárta
bhí súile an linbh dúnta.
Thángadar ó na garráin ológ
ina dtaibhreamh cré-umha,
a gceann go hard,
na súile leath-dúnta.
Éist - ceol binn na hoíche!
síor-chanadh ón gcrann.
An ghealach ag trasnú na spéire
leanbh lena láimh.
Sa cheárta táid na giofóga
ag olagón is ag béicigh.
An ghaoth ag faire, ag faire.
Ag faire ar gach aon ní.