An Clog sa Spéir  

Mike Mac Domhnaill

le Mike Mac Domhnaill


Bheith in ann an spéir a léamh:
ceann eile a fuaireas
ón bhfear ar bheagán Béarla
a tháinig aniar chugainn, spailpín –
an Béarla fós gan spága a leagan i Muiríoch –
sea, d’fhoghlaimíos conas mo lámha a ardú
agus tomhas na gréine a mheas:
féach, mar seo,
sinne thíos san Móinéar Buí
is an t-am á léamh
chomh cruinn, adeirim,
leis an gclog
a chroch thar an gcófra,
na páirceanna siar,
sa chistin.

Eisean ansan om’ leanúint
(más mall, más stadach):
It is half past three

Mike Mac Domhnaill

Is file agus scríbhneoir é Mike Mac Domhnaill