Na Cailleacha Draíochta

Le Deirdre Brennan

Is muidne na cailleacha draíochta,
na mná feasa a bhailigh luibheanna leighis
i gcoillte, móinéir is fálta sceach;
is muidne a d’fhreastail ar an leaba luí seoil,
a thriomaigh othrais is créachtaí,
a mheil go púdar an rú Mhuire is sála fuiseoige
do ghalair chraicinn, dinnireacht is tinneas ailt.
Is muidne na cailleacha ar ar caitheadh droch-chlú,
mná curtha ar snámh is a bháigh,
mná inár gceap milleáin loiscthe ag an staic,
mná ar nós Hypatia réalteolaí na hAlastrine
feannta beo ag scroblach manach.

Dúirt siad gur créatúir dhrúisiúla muid,
mná aingiallta in éadan an réasúin;
dúirt siad go rabhamar mór leis an Diabhal
d’fhonn smacht a imirt ar na fir
nó tá faitíos orthu faoinár gcollaíocht,
ár bhfuil mhíosta, ár mbroinnte de shíor ag méanfach.
Is eagal dóibh an bhagairt ó bhoilg trom le leanaí
gan réasúntacht na bhfear i gceannas,
is deineann a ngiollaí stalcaireacht orainn,
ag déanamh géarleanúna orainn
go líonann ár gcluasa le cnagarnach bhrosna tinte,
boladh ár bhfeola scallta ar imeall feasa.
Na Fúire
Le Deirdre Brennan

Cloisim glam nach binn
na doininne anocht
na Fúire ar ais arís,
is is mallaithe a dtoisc chugainn
Tisphone, Magaera, is Alecto
ag imeacht le craobhacha,
bandéithe an díoltais
ag marcaíocht na stoirme
faoi ainmneacha nua,
Ophelia, Fleur, is Emma
iníonacha scanrúla na hoíche
i ndúil le díoltais orainn,
a ngruaig nathartha
ag leathnú thar néalta scéine,
srúillí fola ag sileadh
óna mbéil go húir.

Níl ionainn ach puipéidí i gcoinne
an fhóirnirt dhíoltach san os ár gcomhair
ag éisteacht i gcuibhreann ár dtithe
le scréacháin is olagóin na Fúire,
na mílte crann réabtha as a bhfréamha,
cuaillí leictreacha tite,
díonta ag eitilt ó fhoirgnimh
amhail is nach raibh iontu
ach cánacha feochadáin.
Is ní shásódh tada iad
ach ionsaí a dhéanamh
ar dhaingean Cré-Umhaoiseach
is ursain chloiche an bhealaigh isteach
maille le huaimh talún Dhún Bhig
a scaoileadh ó bharr aille
go droim na bóchna.

Ar imeall beochta is báis
a leathnaíonn tonn bhán na maidine.