Perpi na Féinne i gcuimhne ar mo mhaidrín dílis Perpi  

Perpi na Féinne i gcuimhne ar mo mhaidrín dílis Perpi  

Le Caoimhín Mac Unfraidh

Samhlaím mo Pherpi mar pheata Dhiarmada.
Ní ritheann sí le hais a charbaid.
Ní choimeádann sí faire fhíochmhar
is an laoch ina chodladh i ndiaidh féasta.
Diúltaíonn sí an eilit a leanúint go dian
…nó ar aon slí eile.
Déanann sí neamhaird ar gach fead.
Ní scanraíonn sí aon fhathach.
Ach le linn na seilge léanmhaire deireanaí sin
ar thaobh fliuch na sléibhe, sna coillte cnó,
tagann sí láithreach, ag drannadh,
idir Diarmaid agus an torc.