Unfrid

Unfrid

Mise Unfrid.
Lochlannach.

Seolfaidh mé ar long,
bagarthach.
Tiocfaidh mé i dtír,
ionsaitheach.
Brisfidh mé do dhoras,
lúcháireach.
Maróidh mé do mhadra
cantalach.
Ólfaidh mé do bheoir
íocshláinteach.
Feicfidh mé d’iníon
leochaileach.
Titfidh mé i ngrá…
amaideach.
Tochlóidh mé sa ghairdín,
dícheallach.
Cuirfidh mé an madra,
leithscéalach.
Fágfaidh mo long mé,
uaigneach.


Mise Unfrid.
Éireannach.