An choisíocht agus an cheardaíocht ...
Is iomaí cúis gur tubaisteach an chailliúint é Liam Ó Muirthile, a deir Caoimhín Mac Giolla Léith
Doicheall
Siúlaim trí bhrat scamall,
siúlaim trím dhoicheall
ar bharr an tsléibhe.
Ní fada go scaiptear iad
ina ruainní stractha
ar snámh san aer.
Mar a bhíodh flas siúcrúil
á chruinniu ar chipín
is an blas ann as sa bhéal.
Tamall gearr sul má cailleadh Liam Ó Muirthile cuireadh cóip dá chnuasach nua-fhoilsithe Camino de Santiago: Dánta/Poems/Poemas chugam sa phost. Léigh mé an leabhar láithreach ó thús deireadh, mar a bhí gach díolaim filíochta dá chuid léite agam le cíocras ó foilsíodh Tine Chnámh sa mbliain 1984, an uair ab fhearr a bhí aithne phearsanta agam air, mar a thit cúrsaí amach. An t-aon eisceacht amháin ab ea An Fuíoll Feá – Rogha Dánta/ Wood Cuttings – New and Selected Poems, ceann de sheoidleabhair na nualitríochta, a foilsíodh beagnach tríocha bliain ina dhiaidh sin in 2013, mar go raibh profaí breithnithe agam roimh ré ar mhaithe le réamhrá a chur leis, cúram ar ghlac mé leis go fonnmhar mar phribhléid, ní miste a rá.
‘Doicheall’ is teideal don dán is mó a d›imigh i bhfeidhm orm féin sa leabhar déanach oilithreachtúil seo Camino de Santiago as measc sé cinn déag de dhánta gearra miúine i gcnuasach atá fial agus fáilteach thar mar a bhí na leabhra luatha, a bhí suaite go maith ach cumhachtach dá réir sin. Tá íoróin áirithe ag roinnt le ‘Doicheall’ a bheith bronnta mar theideal ar shaothar atá chomh mealltach leis an aiste ghonta filíochta seo. Trí cinn de ranna trí líne atá ann – ar mhúnla an haiku, a raibh tionchar nach beag aige ar fhilí Gaeilge ghlúin Uí Mhuirthile i dtús a ré – arna gceangal le chéile le barr snoiteachta le rím láidir idir focal aonsiollach deiridh gach rainn (is é sin i gcanúint Mhuimhneach an fhile). Ar éigean a chuirtear doicheall an údair faoi bhráid an léitheora sa chéad rann sula scaiptear é sa rann dar gcionn, gan morán dua ba dhóigh leat, a bhuí leis an diongbháilteacht úd is dual don choisí-qua-file seo. Is éard a nochtann ina áit sa rann deiridh, trí ruainní réabtha na néalta ar fán, ní íomhá per se, ach blaiseadh Proustúil de mhílseacht na cuimhne, de bheadaíocht na hóige.
Tá comharthaí sóirt éagsúla le sonrú anseo a bhain le filíocht Uí Mhuirthile ón gcéad lá. An guth faoistiniúil sa chéad phearsa, an chonstaic láithreach atá idir phraiticiúil agus fhealsúnta, an díocas deasghnáthach lena dtugtar aghaidh uirthi, an faoiseamh nach mór flaitheasúil a bhaintear amach go sealadach agus, thar aon rud eile, mar sméar mhullaigh, an séala a chuireann an chuimhne phearsanta, an léargas ó óige an fhile, ar an dán ar deireadh. Ní annamh i saothar Uí Mhuirthile trí chéile sólás á bhaint as a leithéid de ‘mhílseacht aeróbach› – mar a tugadh ar a mhacsamhail sa dán luath ‘Beoldath’ – arna tharrtháil ó thobar na gcuimhní ó laethanta na hóige. Mar a tharlaíonn, gné shuntasach í seo freisin de shaothar cara agus comhbhádóir an Mhuirthiligh Michael Davitt, file eile a cailleadh i bhfad róluath, faraoir.
Tagaimid ar mhacalla den ‘ann as’ seo i ruball ‘Doicheall’ tamall amach sa chnuasach i ndán dar teideal ‘Tionlacan’, mar a ngintear comhcheol rithimiúil as muga stáin agus maide siúil an taistealaí ag dul thar bráid: ‘Tionlacan drumaí bóthair/ maolaithe ag caipíní rubair/ ann as, ann as, ann as,/ ag imeacht as radharc’. Gan amhras, ba fíor fadtéarmach i saothar Uí Mhuirthile trí chéile an coisí, mar is léir ó theidil an phéire láir de na cheithre bhunchnuasach ba thathagaí dá chuid a foilsíodh in imeacht na mblianta, mar atá Dialann Bóthair, 1992, agus Walking Time agus dánta eile, 1999. Agus tá mianach meafarach na fíorach seo le sonrú go glé sa dán ‘Li Am ar Fhalla Mór na Síne’, ceann de na dánta is gile liom féin sa chnuasach Sanas, 2007, bíodh nach raibh bheith istigh aige sa rogha dánta in An Fuíoll Feá ar chúis éigin. Sa dán seo buaileann tocht láidir an taistealaí i bhfad ó bhaile agus é ar a shlí anuas na céimeanna ar Fhalla Mór na Síne. Is mó ‘de ghliondair ... ná de de náire’ atá sna deora a shileann sé, áfach, de bhrí gur léir dó go bhfuil, ag an bpointe seo ar a laghad, an cumas fós ann é féin a thabhairt suas is anuas stráice amháin d’éachtaí móra an domhain, is a rá gur ceann d’éachtaí móra an duine é céim a chur le céim chun an turas iomlán a dhéanamh go lathúil go ceann scríbe ...
Comhartha sóirt eile de chuid na filíochta seo is ea cothrom na féine a thabhairt don áthas agus don éagaoineadh araon, don olc is don mhaith sa saol. Is fiú i gcónaí, adeirtear linn i ndán teidil Dialann Bóthair ‘aire a thabhairt don dearfach don diúltach.’ Feicimid a leithéid seo feadh na slí ar an gCamino, sa dán ‘Compánach’, mar shampla:
Clog ar mo sháil.
Tinneas. Binneas
chlogadadh seanphocán fáin.
(Is fiú a thabhairt faoi deara nach dtagann an chothromaíocht fhoirfe anseo idir ‘tinneas’ agus ‘binneas’, ní áirím an t-imeartas focal idir ‘clog’ agus ‘clogadadh’, slán sa leagan Béarla den dán – ‘Blisters on my heel. /Sweeter by far the peal of...’, ar a bhfuil na leaganacha Spáinnise agus Gailísise bunaithe, mar is léir: ‘Muco más dulce...’/’Moíto mas agarimoso...’)
Tá pathos diachrach ar leith, ní gá a rá, ag roinnt anois le dánta éagsúla faoin gCamino i bhfianaise bás anabaí an té a chum agus a cheap – ach go háirithe, b’fhéidir, an dán dar teideal ‹Áthas›.
Rófhada bhíos i ngreim
ag déantús an dáin,
is go bhfuil m’aird iomlán
anois ar charn castán
á choscairt agam faoim chaol,
lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol.
Arís tá íoróin shofaisticiúil ag baint leis an easpa réitigh idir a bhfuil á rá anseo agus an chaoi a gcuirtear é sin in iúl. Níl aon amhras ach go mbréagnaíonn an tsiúráil lena láimhsítear cúrsaí rithime, ríme, uaime agus eile sa sliocht seo an t-áiteamh nach bhfuil spéis ag an bhfile i gcúraimí den chineál seo níos mó. Le hais an choisí is gá dúinn aitheantas a thabhairt chomh maith don cheardaí mar phearsa eiseamlárach i samhlaíocht agus i saoldearcadh Uí Mhuirthile. Sa dán ‘Faoi Úim’, ceann amháin de na dánta éagsúla a scríobh sé in ómós dá athair, siúinéir, léirítear an luach a shamhlaíonn an file le cúram na ceardaíochta:
thóg sé saol oibre ar fad ort ach d’fhoghlaimís é,
is tuigimse anois leis conas a bheith sruthlíneach.
Fillfidh sé ar an téama seo minic go leor, ach is dócha gur sa dán ‘An Máistirshéideoir’ is éifeachtaí a éiríonn leis a Ars Poetica pearsanta a léiriú.
Sé an t-iomlán an beagán leanúnach,
an méid a shníonn amach de réir a chéile
faoina stiúirsean.
Is cé go bhfuil an lámh, le féachaint, daingean,
bhí an tslat ag casadh ar an ais sin
a fhanann socair nuair a chaitheann.
Ar chuma aisteach éigin samhlaím gaol i bhfad amach idir ‘ais dhaingean’ seo an tsárcheardaí agus rothlú an chipín ag cruinniú flas siúcrúil sa dán lenar chuireamar chun siúil. Mar seo leanas a chríochnaíonn ‘An Máistirshéideoir’, ar bhealach atá máistriúil ann féin:
Is cuma leis faoin bpraghas le híoc a déarfainn
ach an méid is gá a dheanamh álainn
a dhéanamh.
Is léir anseo go bhfuil an Muirthileach ar aon intinn lena chomhfhile Anne Michaels a raibh an méid seo a leanas le rá aici ina húrscéal Fugitive Pieces: ‘Important lessons: look carefully; record what you see. Find a way to make beauty necessary; find a way to make necessity beautiful.’
Ar deireadh thiar, tuigim go maith gur aistíl phearsanta de mo chuid féin é go mba nós liom riamh, nuair a d’imigh dán Gaeilge go mór i bhfeidhm orm, iarracht a dhéanamh ar leagan Béarla dó a sholáthar. Bealach é, thar aon rud eile, le cur le mo thuiscint ar ‘dhéantas an dáin’. Bíodh gur foilsíodh corr-iarracht acu seo thar na blianta, leaganacha de dhánta Liam ‘An Tobar’, ‘Sa Daingean’ agus ‘Faoin mBráca’ in An Fuíoll Feá ina measc, is dom féin amháin a bhformhór mór. Mar a tharlaíonn, nuair a léigh mé ‘An Máistirshéideoir’ den chéad uair thug mé faoi leagan Béarla dó a chumadh láithreach. Theip orm an rann deiridh thuas a thabhairt liom. Tá teipthe orm in iarrachtaí iomadúla eile ó shin, ainneoin go bhfuil an dán léite agus pléite agam le rang ollscoile uair in aghaidh na bliana le breis mhaith agus scór bliain anuas. (An leagan míshásúil ba deireanaí ná ‘He cares little for what it costs, I suppose,/ but for that which must be made beautiful,/ to make it so.’) Níl a fhios agam, le fírinne, cén teist ar dhán é seo, más teist ar bith é. Cuimhním, mar sin féin, ar an imní a bhí ar chriticeoirí áirithe thiar sna hochtóidí, nuair a bhí borradh ar leith ar nós an aistrithe den chéad uair, go mbeadh tábhacht mhíchuibheasach ag roinnt feasta leis an tso-aistritheacht mar shlat tomhais i measc filí na Gaeilge. Níor bhaol riamh do Liam Ó Muirthile, pé scéal é. Ar an ábhar seo agus ar mhórán eile is tubaisteach an chailliúint é.