An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin, Síobhra Aiken (eag.) Cló Iar-Chonnacht, 2018. Máirtín Ó Direáin: Selected Poems/ Rogha Dánta Frank Sewell (ed. & trans.) Cló Iar-Chonnacht, 2018.

Caoimhín Mac Giolla Léith

Léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith

Is mar dhuine de mhórfhilí Gaeilge an chéid seo caite is fearr aithne ar Mháirtín Ó Direáin, ainneoin gur mar scríbhneoir próis a d’imigh sé i mbun pinn i gcéaduair i dtús na dtríochaidí, tamall de bhlianta sular thug sé faoin seánra liteartha a bhuanódh a chlú. Agus b’airde go mór a ghradam mar fhile ar feadh i bhfad i measc léitheoirí Gaeilge ná léitheoirí Béarla na tíre seo. Cuid den chúis a bhí leis seo nach raibh deis ag filí a ghlúine buntáiste a bhaint as aistritheoirí a ndiongmhála a bheith ag tabhairt faoina ndánta go luath ina ré, murab ionann agus na glúinte filí a thiocfadh chun cinn ó na seachtoidí amach. Ar ndóigh, ní beag an cion a bhí ag léitheoirí Gaeilge riamh ar an gcnuasach gleoite d’aistí pearsanta, Feamainn Bhealtaine, a d’fhoilsigh an Direánach sa bhliain 1961, agus bhí mórán le moladh freisin sa díolaim dhátheangach dá shaothar filíochta a chuir Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy le chéile i 1992, Tacar Dánta. Níor shop in áit scuaibe ceachtar den dá fhoilseachán sin, ná baol air. Mar sin féin, is fada ag fanacht muid ar chnuasach a léireodh i gceart réimse próis Uí Dhireáin, a éagsúlacht ó thaobh ábhair agus foirme araon, agus bhí sé thar am chomh maith d›aistritheoir cumasach eile tabhairt faoi rogha nua dá chuid dánta a chur ar fáil do phobal an Bhéarla. Dá réir sin tá Cló Iar-Chonnacht le moladh as an dá easnamh seo a chur ina gceart go comhuaineach, nach mór, leis an dá leabhar atá faoi chaibidil.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Caoimhín Mac Giolla Léith

Is Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é Caoimhín Mac Giolla Léith