Coitianta ar an bpeann ...

Alan Titley
Coitianta ar an bpeann ...

markwickham.org

Scríbhneoir is ea scríbhneoir, agus roghnaigh Liam Ó Muirthile clár agus foirm de réir mar ba ghá, a deir Alan Titley

Uaigneach gairm an cholúnaí. Níl a leath nó a cheathrú chomh huaigneach le gairm an fhile ná an úrscéalaí, gan amhras, ach is uaigneach mar is amuigh in aer úr an fhásaigh atá sé. B’fhéidir go bhfaigheadh litir mholtach ó am go chéile, nó ceann cáinteach níos minice ná sin, ach is é is mó is cás leis ná go bhfuil an saol go léir réidh ullamh chun gabháil a’ steallaidh air. Ní mar namhaid, ach mar iomarcacht, mar raidhse gan teorainn.

Earra scanrúil is ea saoirse an cholúnaí, don té a mbeadh eagla air roimh an tsaoirse. Tháinig Liam i gcomharbacht ar liosta fada de cholúnaithe táscúla ar scríbhneoirí cruthaitheacha iad chomh maith céanna. Myles i dtosach ar chuma leis deoraí ná duine, an Cadhnach a bhleaisteáil leis mar ba dhual, Seán Ó Ríordáin a raibh an dorn garbh i bhfolach laistigh den fhíneáltacht mhín stíle aige, agus Breandán Ó hEithir a thuig Éire níos fearr ná aon duine eile. Ba mhór an tasc é iad a leanúint.

Bhí a fhuascailt féin aige. Sa réamhrá leis an gcnuasach de rogha amháin dá cholún ‘An Peann Coitianta’ a bhfuil Ar an bPeann air eachtraíonn sé dúinn mar a léigh sé an scríbhneoir Francach Jacques Réda. Ba é ba nós leis bualadh amach faoin aer agus scríobh mar gheall ar rud ar bith sa tsaol a chonaic sé. Cé go dtugann sé le fios dúinn gur mhúnla mar sin a leanfadh sé as sin suas, is é mo thuairim mheáite gur mhúnla ba ea é a lean sé riamh i ngan fhios dó féin.

Níorbh ionann colún Liam agus colún na ndaoine a ghabh roimhe. Bíodh gurbh iriseoir cumasach láidir ceistitheach é i gcaitheamh na mblianta le RTÉ, dhealródh gur bheag an spéis a bhí aige leanúint den chabaireacht leanúnach shíoraí ar an saol poiblí a raibh daoine ag súil leis. D’fhan sé siar ón ngnáth-ghealtachas nó óna léiriú coinbhinsiúnta. Ní raibh éalú iomlán ón saol sin riamh ann, pé in Éirinn é, agus ghabh sé conair eile chuige féin.

D’fhiafraigh sé de Sheán Ó Ríordáin uair amháin: ‘An dánta nár tháinig cuid de na colúin?’ Ba é freagra an Ríordánaigh ná go gcaithfeá a bheith sásta le dán nó le colún, ‘pé acu ceann a thiocfadh’. Léirigh an Ríordánach dó chomh maith céanna ‘go mbuaileann an prós eochair na filíochta an uair is fearr a bhíonn sé’. Sílim féin go raibh sé ag iarraidh go mbuailfeadh a chuid próis eochair sin na filíochta níos minice ná a chéile. Agus níl aon amhras orm ná gur éirigh leis.

Ba léir ar a chuid colún gur mhór aige an cheardaíocht. Ní malairt ar thinfeadh ná ar inspioráid í an cheardaíocht: is comhlánú é. Tá aistí aige ar ‘Bord Oibre’, ar ‘Ceardaí Cathrach’, ar ‘Urlár Cláir,’ gan trácht ar scata mar gheall ar an gcamán agus ar an iománaíocht, mar a dúirt sé gur ‘athmhúscail an cholúnaíocht mo dhúil i gcúrsaí iomána ar geall le sruthchúrsa fola de mo chuid iad’.

Is sa réamhrá sin don rogha Ar an bPeann is macánta a leagann sé a thuiscintí féin ar an gcolúnaíocht amach. Iomlánú go fairsing air sin is ea an réamhrá cuimsitheach a chuir Regina Uí Chollatáin le Rogha Alt (2014), agus ba dheacair do dhuine ar bith cur leis sin. Is ann a chíorann sí go cuimsitheach stair na gcolún sa Ghaeilge agus ionad faoi leith Liam ann.

Mar sin féin, de bharr leathantas a chuid oibre agus an bhreis sin de 14 mbliana i mbun an phinn sheachtainiúil, beidh a rogha féin ag cách. Chuireas féin suntas sa mhodh oibre a chleachtaigh sé go minic. Is é sin, tosnú le smaoineamh amháin agus ligean don smaoineamh sin spóladh amach de réir mar a rithfeadh. Mar shampla de sin, sampla fánach amháin, is ea an tslí gur rug sé greim ar an bhfocal ‘dúluachair’ san alt aige ‘Smaointe sa dúluachair’ atá ar fáil in Rogha Alt. Seolann an focal aonair sin é i dtreo machnaimh ar an aimsir, a ghluaiseann go dtí marana ar ghníomh an scríbhneora – ‘Sealgaire is ea é agus mogall in éineacht, ag tóch focal agus ag ligean dóibh imeacht le sruth féachaint an dteanntófar iad sa líon’ - agus ina dhiaidh sin nádúir an tinfidh agus Oghma agus Innti agus Irisleabhar Mhá Nuad agus ionad poiblí na litríochta. Gach smaoineamh díobh ar muin a chéile ag gluaiseacht go seolta.

Ní mar sin a bhí i gcónaí, áfach. Uaireanta is léir go raibh an buille deireanach réidh ullamh aige agus gur chuige sin gach cor den phíosa. Is cuma nó gearrscéal é ‘Cad d’imigh ar an tSiúr Eilís?’ mar shampla, trácht neafaiseach go leor, déarfá, ar thuras go dtí scoil ar fhreastail sé féin uirthi ina naíonán. Ag lorg pictiúir de féin, agus eile, an bhliain úd inar dhein sé a chéad chomaoineach. Tá go maith agus tá go maith, go dtaispeántar dó seanghrianghraf ina bhfuil bean rialta a bhfuil a cloigeann bainte di ann, ar nós mar a dhéantaí le heasaontóirí sa tseanAontas Sóivéadach nuair a thagadh míghean an pháirtí orthu. Freagra ná freagra ní fhaigheann sé ar a achainí, ‘Cad d’imigh ar an tSiúr Eilís?’ Níl a fhios againn, ach is féidir linn buille faoi thuairim a thabhairt go binn.

Tá an toise Corcaíoch seo láidir go maith ina chuid saothair, ní hea amháin sna colúin sin a bhaineann lena óige – agus is mionphictiúir dhírbheathaisnéise go leor díobh seo – ach an cúram a dhéanann sé do phearsana stairiúla na háite, go háirithe lucht éigse agus lucht Gaeilge, Máire Bhuí Ní Laoghaire, Dáibhí de Barra, Thomas Swanton.

D’inis sé scéal dom uair amháin mar gheall ar scoil ghalánta i gcathair Chorcaí nach raibh tosnaithe ar mhúineadh na Gaeilge fós inti faoi dheireadh na bhfichidí den aois seo caite. Nuair a fiafraíodh den phríomhoide cad ina thaobh an doicheall roimh mhúineadh na teanga, is é a dúirt sí, ‘Well, I hear, don’t you know, it’s very bad for the mouth!’ Cloisim an scairteadh gáire fós uaidh nuair a d’inis sé sin; agus gan amhras, chaithfeá an blas ceart Montenotte a bheith agat d’fhonn a insint i gceart.

B’fhéidir gurbh é, leis, is túisce a bhain adhmad agus greann as an nGaeilge nua uirbeach, as an nGaelscoilis. Déarfá go raibh sé idir dhá aigne ina taobh. Ar leith amháin Gaeilge nua ba ea í, comhartha fáis agus bisigh; ach ar an leith eile, níorbh í an Ghaeilge í a bhí in anallód ann, ná go deimhin Gaeilge na gcainteoirí ab fhearr idir chomhréir agus fhoghraíocht an lae inniu.

B’fhéidir gurbh é, leis, is túisce a bhain adhmad agus greann as an nGaeilge nua uirbeach, as an nGaelscoilis. Déarfá go raibh sé idir dhá aigne ina taobh

Tá na haistí seo uaidh lán de sheoda Gaelscoilise, den chriól sin atá tagtha chugainn nach mór gan choinne, ach atá leabaithe anois mar chanúint eile teanga – ‘Cad a bhfuil sé mar?’, ‘Cad a bhfuil sé ó?’ ‘Cén fáth ní féidir linn faigh Playstation?’ ‘Sin an chéad cheann go raibh mé amach riamh ag é.’ ‘Cad é aon, nó aon cad?’, agus gan amhras, ‘Cén fáth nach?’ Beidh spraoi ag canúineolaithe ar ball á díchódú.

Ábhair gan teorainn a chleachtaigh sé, taisteal, baile, scríbhneoirí, drámaí, spórt, ceol, bia, stair, dúlra, seoltóireacht, ach an uile cheann acu greanta, gonta agus géarchúiseach. ‘Le mo shaol féin faoi mar a bhíonn sé á chaitheamh agam, ó sheachtain go seachtain’ ba ea, ábhar an cholúin, a dúirt sé. Bhí an greann ann, leis, ach uaireanta shílfeá go raibh sé ag iarraidh é a smachtú. Aoir bhinbeach is ea ‘Compulsory Irish Victims’ Support Group’ mar atá in ‘An ghlúin éigeantach’, agus baineann sé ramsach spórtúil as Gaelainn Sheáin Uí Chuirrín agus nathaíocht na nDéise in ‘Traein Dracula’ a bhfuiltear fós ag fuireachas leis.

Deir Regina Uí Chollatáin go bhfeidhmíonn an colún ‘liteartha nua-aimseartha’ go minic mar ‘réamhtheachtaí an ghearrscéil nó an úrscéil’. Agus n’fheadar an raibh aon phioc den cheist úd a chuir sé ar Sheán Ó Ríordáin maidir le ‘dánta nár tháinig’ ar gor ina aigne uair ar bith? Níor ghá é, mar is léir gur chaith sé an dua céanna leis na colúin agus a chaith sé le gach pioc eile dá chuid scríbhneoireachta. Níl abairt iontu atá mantach ná bacach, agus samhlaíonn tú é ina shuí ag a bhord oibre ag líomhadh agus ag snasú na bhfocal, ag baint an liobair agus na dtaoibhíní den fhrása leisciúil.

Ní beag de phléisiúr an stíl lomshaibhir chéanna ina chuid úrscéalta ar scríobh sé cúig cinn éagsúla díobh. Is iad atá éagsúil ina gcuid ábhar agus ina gcur chuige, amhail is go raibh a mhiotal féin á thriail aige an t-am ar fad. Bhain Ar bhruach na Laoi geit as go leor mar tháinig sé gan choinne, agus b’ait linn file chomh táscúil leis ag cur a spága thar teorainn amach. Tar éis an tsaoil, de réir an chliché réimiúil, file is ea file agus scéalaí is ea scéalaí agus níor cheart d’aon duine de lán na beirte leite an duine eile a shalú. Is é freagra is gonta air sin ná scríbhneoir is ea scríbhneoir, agus roghnaíonn sé clár agus foirm de réir mar is gá.

Ní móide go bhféadfadh Liam dán de shaghas ar bith a dhéanamh as Ar bhruach na Laoi, cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe ann lena dhráma scanrúil Liodán na hAbhann. Tá an t-úrscéal scanrúil go maith, leis, idir scéal Driscoll ag iarraidh teacht ar a chuimhne ar ais, agus cumhacht na tuile a scuabann oiread de Chorcaigh ar shiúl, ach a nochtann fírinní eile ar an gcuma chéanna.

Scéal bleachtaireachta is ea Sceon na Mara a ghabhann isteach i saol dorcha gruama fhobheatha chathair Bhaile Átha Cliath. Cé gur scéal bleachtaireachta é ní haon whodunit é ina bhfuil réiteach na maruithe mar chroílár na n-eachtraí ann. Go deimhin, tá scríbhneoireacht fhileata ann ó thús go deireadh, go háirithe mar a bhaineann leis an bhfarraige de, agus cuireann sé a scil chun comhrá agus allagar deisbhéalach a chruthú chun leasa síos siar. Scil ba ea í seo a léirigh sé go minic ina chuid colún, agus gan amhras, ina chuid drámaí. Is iad uafás an phobail eachtrannaigh atá sceimhlithe ag an ndúnmharfóir atá ar a dtóir, agus meon an dúnmharfóra féin a choinníonn teannas sa scéal, agus eagla orainne chomh maith céanna.

Ar shlí, is é An Colm Bán an t-úrscéal is uaillmhianaí dá chuid, agus go deimhin, ceann de na húrscéalta is fearr sa Ghaeilge san aois seo ar a laghad. Is ann a éiríonn leis go leor de na cúraimí a raibh sé riamh gafa leo a thabhairt le chéile in aon insint ealaíonta amháin – a dhúchas féin in Iarthar Chorcaí arb as don laoch Nora Buckley, a ghrá don Fhrainc óir ba Fhrancbhách buile é mar is léir, a thuiscint do na healaíona fág gurb é an rince atá sa treis anseo, agus an stair ar fad mar a ritheann ó chúlbhóithríní scéal na tíre seo go leathanmhachaire na hEorpa sna blianta ba mheasa dá raibh sí san aois seo caite. Tá caibidlí anseo ina bhfuil a chomhbhá leis an gcine daonna ina earra álainn, agus cinn eile nár mhór ná go gcaillfeá do dhóchas ar fad á léamh.

Caithfidh mé a rá gur bhaineas taitneamh thar na bearta as an úrscéal sin do dhaoine óga Gaothán, ach ní foláir dom a admháil nach bhfuil Aois Fir léite fós agam. Ach nach maith go bhfuil rud éigin mar é os mo chomhair amach le léamh, agus a fhios agam go mbeidh an ealaín agus an cheardaíocht chéanna ann agus atá i ngach aon rud eile a bhreac sé.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.