Breandán Ó hEithir

Ba scríbhneoir agus iriseoir é Breandán Ó hEithir (1930–1990). D'fhreastal sé ar an gColáiste Ollscoile Gaillimh ar feadh trí bliana gan céim a fháil. I ndiaidh an Choláiste, thosaigh sé ag obair mar bhainisteoir leabhair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. I measc a shaothair, tá: Lig Sinn i gCathú (Sáirséal agus Dill, 1976), Willie the Plain Pint, agus an Pápa (Cló Mercier, 1977), Over the Bar A Personal Relationship with the GAA (Ward River Press, 1984), The Begrudger's Guide to Irish Politics (Poolbeg Press, 1986), This is Ireland (O'Brien Press, 1987), Impressions of Galway (Appletree Press Ltd., 1987), Sionnach ar mo Dhuán (Sáirseál Ó Marcaigh, 1988), A Pocket History of Ireland (O'Brien Press, 1989), An Nollaig Thiar (Poolbeg Press, 1989) agus An Aran Reader (The Lilliput Press, 1991). Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán Scéala Éireann ó 1957 go 1963 agus ar Comhar ó 1960 go 1963 agus 1965 go 1966.

Ailt in Comhar (1)