Geallúint an tsuaimhnis ...

Geallúint an tsuaimhnis ...

Eoghan Harris

Le deich mbliana anuas, chuireadh Liam agus mé féin cúrsaí filíochta agus cúrsaí an Phrotastúnachais trína chéile tar éis dúinn snámh i Seapoint. Go minic i lár an gheimhridh labhraíomar agus sinn fós inár bhfobhrístí sular chuirimis ár gcuid éadaí orainn arís, an bheirt againn ag seasamh díreach ar aghaidh a chéile ag caint go tapaidh amhail is go raibh baol ann slaghdán a fháil dá ngéillfimis don raiméis nó don athrá.

Cosúil liom féin, cheap Liam gurbh iad na misinéirí Protastúnacha a tharrtháil an Ghaeilge scríte ar chósta iargúlta iarthar na hÉireann, ach go háirithe ar oileáin na mBlascaod. Dhírigh sé go mín ar an dtionscnamh sin in 2010 nuair a tháinig sé chun solais gur Phreispitéireach a shin-seanmháthair, Ellen Daunt, a d’iompaigh ina Caitliceach nuair a thit sí i ngrá le Caitliceach agus fonn uirthi é a phósadh.

‘O Bhaile Uí Mhoinigh ab ea Ellen Daunt, Anglacánach bocht a d’iompaigh ina Caitliceach ar phósadh di i 1848 in aois a fiche, agus bhí neamhspleáchas meoin ag baint léi a d’fhágfadh a rian ar na glúnta ban ina diaidh.’

Theastaigh ó Liam stair rúnda Phrotastúnach na mná seo a athbheochan agus í a chur i riocht dáin próis. Dúirt sé liom: ‘Tá an bhean seo i mo chrá le fada. Braithim go raibh croí Protastúnach inti (braithim féin a croí Protastúnach), croí ab ea é a bhí gléasta in éadaí seachtracha Caitliceacha, agus teastaíonn uaim teacht ar an gcroí sin, ós rud é gur chuid mhór dem’ chroí féin é.’

Lean sé air: ‘Táimse á tharraingt aici go dtí áit fhíor-bhaininscneach. Táim toilteanach dul i gcuideachta léi go dtí an áit dhearóil sin chun éisteacht léi. An bhfuil aon chiall ag baint leis an aistear seo, dar leatsa? Braithim ceangal idir mo mhachnamh anseo agus do chuid taighde féin le blianta fada anuas, taighde dar léigheas le suim mhór agus le hiontas fiú ar uairibh. Is léir dom go mbeidh toradh ‘polaitiúil’ ag baint leis an dtionscnamh seo agam, agus tá suim éigin agam ins an ghné sin de, ach ní foláir dom an bhean seo a shamhlú i gceart ar an gcéad dul síos, an bhean rúndiamhair seo, agus má bhíonn tábhacht ‘pholaitiúil’ ag baint leis an iarracht sin fé dheireadh, is cuma.’

D’fhan Liam ina thost mar gheall ar an ábhar seo ar feadh ocht mbliana eile. Ach díreach sular cailleadh é, fuaireas ríomhphost uaidh á rá go raibh scéal Ellen Daunt idir lámha aige fós. ‘Déarfainn go bhfuil ‘dearcadh’ Protastúnach, más ea, agam anois ar an dtírdhreach in iarthar Chorcaí - timpeall na háite sin inar chuireamar an t-agallamh ar George Salter - agus feicfear rian an dearcaidh sin sa mhír fhíorgharbh fé iamh.’

Seo thíos an mhír bheag sin uaidh, cuid den dán próis a bhí á shamhlú aige fós fé dheireadh. Mar is eol dá chairde ar fad le fada an lá, is féidir solas a chuid éirime a fheiceáil i ngontacht a chuid cumadóireachta.

D’oscail sé amach ar na sailm, agus bhaineadar comhcheol aoireachta as logainmneacha na mbailte fearainn ar na harda míne agus sna faichí méithe. Cill Bheanáin, Both Doire Mín, An Fial Uachtarach, An Seanbhoth Thiar, Baile Uí Mhoinigh, Cill Cháscann. Bóthar maith garbhchloch isteach ag casadh soir agus siar ón ngabhal ar an ard réidh cois abhann. Fallaí cloiche, clathacha bearrtha, riar ar ainmhithe agus stoc, geataí dúnta, chúlaigh na tithe feirme isteach ón mbóthar faoi gheallúint an tsuaimhnis ar imeall an uisce. Crainn darach ag leathadh scála, bruacha coimeádta na habhann don slatiascach, saoirseacht chloiche na dtrí áirse, sheol an Bhandain féin thar an scoil, an reilig agus an séipéal Anglacánach le cinseal ó dheas go Cionn tSáile.