‘Is d’fhág na haibhnte fúm fhéin é imeacht dem réir’

Peter Sirr

Cé go raibh aithne agam ar Liam agus a shaothar leis na blianta ní fheadfainn a rá go raibh tuiscint dhomhain agam ar an bhfear féin. D’athraigh sin píosa nuair chuaigh sé i dteagmháil liom agus An Fuíoll Feá – Rogha Dánta á ullmhú aige, an mórshaothar dátheangach atá ar an saol buíochas le spreagadh agus iarrachtaí Gabriel Rosenstock. An mbeinn toilteanach dornán dánta a aistriú go Béarla? Cinnte, bheinn.

Mar sin a thosaigh tréimhse chorraitheach oibre agus idirghabhála, mé ag triail leaganacha de dhánta nua chomh maith le dánta as Dialann Bóthair agus Tine Chnámh, eisean ag teacht ar ais chugam go luath ar maidin, go mall san oíche le freagraí, moltaí, ceisteanna eile, é amhrasach faoin líne úd, faoin leagan is deireanaí, faoin bhfocal úd ... Is maith liom an dara líne go háirithe, oibríonn sé ....measaim go bhfuil Bantry Cavalry réitithe agat, ach tá an líne dheireanach sa rann as riocht sa mhéid is gur liom féin é ar an gcéad dul síos agus bhíos ródhlúth le brí na Gaeilge....ar imeall.....an oibreodh i mBéarla, smaoineamh a rith liom, gníomh briathartha ...edging....?

Agus an comhfhreagras sin á léamh in athuair agam ritheann sé liom a ghéire is atá a aird ar chuile ghné den obair, a thábhachtaí is atá sé go gcuirfí in iúl san aistriúchán gach nuance sa bhundán, go mbeadh an t-aistriúchán ar comhchéim ó thaobh iarracht agus doimhneacht agus faobhar an dáin Ghaeilge. Níos mó ná sin thuig sé go cruinn an cineál aistriúcháin phearsanta a bhíonn i gceist nuair atá file i gcroí na hoibre agus é ag iarraidh a theanga féin a aimsiú dó féin.

Níorbh aon ionadh liom a léamh sa nóta Béarla a chuir sé lena Rogha Dánta go raibh drogall air, i bhfad níos mó ná ar a chomhghleacaithe i gceird na filíochta Gaeilge, dul i mbun aistriúcháin chun pobal níos fairsinge a aimsiú. Ní raibh idé-eolaíocht i gceist, a dúirt sé, ach gur bhraith sé gurb é ba chiall le haistriúchán don fhile ‘translation at depth, in the unconscious’. Tugaim anseo a chuid focal féin: ‘How, in any sense, can language become fully alive in its only possible existence, without an enormous investment, a persistent attention, a constant nurturing of its presence both in our minds and in the world? We create our own language over time, where we can feel truly at home.’

Le blianta beaga anuas bhí Liam in airde réime mar fhile. Is cuimhin liom nuair a chuir sé dánta chugam agus mé i m’eagarthóir ar Poetry Ireland Review, dánta a foilsíodh níos deireanaí sa chnuasach Sanas, gur chosúil ag an am go raibh na dánta ag stealladh uaidh gan stad, gan teorainn. Cuimhním ar an bhfuinneamh fíochmhar a bhí le brath ar an obair – bhí a theanga féin aimsithe aige go folláin faoin am sin agus áthas orm go raibh mé in ann cuid den fhuinneamh sin a roinnt le léitheoirí na hirise.

Cúrsaí aistriúcháin ba chúis leis na ríomhphoist dheiridh a fuair mé uaidh: a leagan de Bateau Ivre de chuid Rimbaud, an dá arm aigne aige, Fraincis agus Gaeilge ag teacht le chéile chun fuaim agus faobhar nua a chur sa domhan:

Ag seoladh aibhnte síos dom

bealaí na neamhchúise,

níor bhraitheas ar cheann téide

níos mó ag lucht na mbád;

iad tairneáilte ag na Fir Rua

gona rúille-búille

de chuaillí dathannach, lomnocht,

chun amas d’fháil.

Níor spéis liom beag ná mór

na baill d’aon chriú,

an té thug grán ó Fhlóndras

ná cadás ó Lancashire;

bhí lucht na mbád réidh,

deireadh le fuilibiliú,

is d’fhág na haibhnte fúm fhéin

é imeacht dem réir ...