Áthas agus ainnise

Áthas agus ainnise

Seasann an mhil agus maireann an salann sa tsraith ‘File ar Fhile’, a deir Peter Sirr

Cén fáth go gcuirfeadh file air nó uirthi féin file as traidisiún eile a aistriú? Uaireanta bíonn gaol rúnda idir cultúir nach gcloistear go dtí go dtéann duine thar chlaí a thaithí féin. An rud atá fada uait, tá sé níos gaire ná mar a cheap tú. I gcás Rimbaud, a deir Liam Ó Muirthile, a chéadchuimhnigh ar an tsraith seo a fhoilsítear i dilchuimhne air, ghlac an file Francach seilbh air agus san am céanna lig an dúshlán sin dó tabhairt faoin aistriúchán ‘mar chineál ómóis do thraidisiún liteartha na Gaeilge’. Aimsíonn Ailbhe Ní Ghearbhuigh ‘macalla ó fhilíocht na Gaeilge’ agus í ag plé le Andrée Chedid, agus chabhraigh saothar Chaitlín Maude léi an file Éigipteach de bhunadh na Liobáine a scríobhann i bhFraincis a iompar i dtreo na Gaeilge. Nó b’fhéidir go bhfuil bua ar leith ag baint leis an teanga ina bhfuil an guth atá aimsithe agat á athchumadh agus á chlaochlú. ‘Nuair a thosnaigh mé ag aistriú saothair Anedda go Béarla bhí deacracht ann láithreach,’ a admhaíonn Eiléan Ní Chuilleanáin, mar go bhfuil an iomarca Laidine sa Bhéarla ach gan é a bheith ag teacht le ciall nó atmaisféar na hIodáilise. ‘Níor mhothaíos an deacracht sin ag aistriú go Gaeilge, agus thug sin faoiseamh dom.’ Nó buaileann file le guth nach bhfuil le cloisteáil ina thraidisiún féin: ‘Is guth, guth daonna, atá ag labhairt linn sna dánta seo,’ a deir Gabriel Rosenstock faoin nGearmánach Erich Fried.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús