Dialann Emily Porter - An Jailtacht

Úrscéal le Richie Conroy

Léirmheas: Gemma Lambe  

An bhliain 1994 a bhí ann, agus bhí plean leagtha amach ag Emily Porter le haghaidh laethanta saoire an tsamhraidh; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh ag spaisteoireacht lena dlúthchara, Olivia.

Ach, i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltais… Bhí Emily le cur in aghaidh a tola chuig coláiste samhraidh sa Ghaeltacht - nó ‘An Jailtacht’ mar a thugann sí air.

Más rud é gur fhreastail tú ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht riamh, bheifeá in ann scéal Emily a thuiscint go maith. Scéal bríomhar, greannmhar soineanta is ea Dialann Emily Porter - An Jailtacht le Richie Conroy, an chéad saothar dátheangach de chuid LeabhairCOMHAR. Scríbhneoir scripte is ea Conroy, a oibríonn ar go leor clár teilifíse agus scannán don aos óg. Is é Dialann Emily Porter - An Jailtacht an chéad úrscéal atá scríofa aige. Tá an leabhar maisithe ag a athair Don Conroy, ar léir gur bhain sé an-taitneamh as a bheith ag obair lena mhac.

Níl an t-úrscéal seo cosúil le haon saothar eile atá foilsithe ag LeabhairCOMHAR zgo dtí seo. I mBéarla a chuirtear tús leis an scéal agus i nGaeilge a chuirtear críoch leis. I rith an scéil, de réir a chéile, faigheann an Ghaeilge an lámh in uachtar ar an mBéarla agus mar sin a chuirtear in iúl dúinn an feabhas atá ag teacht ar Ghaeilge an phríomhcharachtair Emily, beagán ar bheagán.

Cuirtear scata carachtar eile inár láthair. Táim cinnte go n-aithneofar na daoine éagsúla a mbuaileann Emily leo agus í sa Ghaeltacht. Is dócha gur bhuail go leor againn a d’fhreastail ar choláiste samhraidh le cailín ar nós Chlíona, mar shampla, cailín dána a bhíonn ag múitseáil ón scoil agus ag dul amach ón teach i ngan fhios do bhean an tí chun bualadh le buachaillí na háite. Cén mhaith riail a bheith ann mura mbristear í an meon atá ag Clíona agus Emily.

Cuireann scéal Emily na laethanta a chaith mé féin ag freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht i gcuimhne dom, agus sin ceann de na príomhphléisiúir a bhainfidh go leor as an úrscéal seo. An chéad uair a thit mé i ngrá, mar shampla (bhuel, cheap mé gur ghrá a bhí ann).

Gné shuntasach eile den saothar seo ná an greann ó thús go deireadh. A leithéid seo, mar shampla, ó Emily agus í ag labhairt faoin gcaidreamh atá aici le Clíona: ‘Labhair muid faoi bhuachaillí, an saol sa bhaile, an scoil, whether Ross will ever be with Rachel, rudaí tábhachtacha mar sin’.

Nó Keith, buachaill a raibh sí splanctha ina dhiaidh: ‘Ar an tsiúlóid abhaile, Keith officially asked me to be his girlfriend. Cailín cara. Of course dúirt mé ‘Yes’. Phóg muid taobh amuigh de mo theach ar feadh 22 nóiméad go dtí gur chuala mé Bean an Tí ag glaoch, ‘Is leor sin, tar isteach’.’

Tá luas maith faoin scéal a thaitneodh go mór le léitheoirí óga. Ach thar aon rud eile is í an stíl scríbhneoireachta bhríomhar agus an greann is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.

Níorbh fhéidir liom mé féin a stopadh ó bheith ag scairteadh gáire. Músclaíonn an scéal do chuid cuimhní geala féin agus cabhraíonn cur chuige Conroy le forbairt nádúrtha an scéil agus le cothromaíocht ó thaobh teanga a chur ar fáil do chineálacha éagsúla léitheoirí. Tá an Ghaeilge agus an Béarla araon lárnach sa bhfriotal a úsáideann an t-údar chun scéal Emily a insint agus tugann an leabhar seo sárléargas ar shaol an déagóra atá ag freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht den chéad uair.

Insítear an scéal sa chéad phearsa agus téann muid i dteannta Emily Porter siar go dtí an Ghaeltacht agus an bhliain 1994.Tugann an t-údar spléachadh iontach dúinn ar an óige agus mholfainn Dialann Emily Porter - An Jailtacht do gach aon duine. Is cinnte go n-oirfidh an t-úrscéal go háirithe do léitheoirí óga agus bheadh sé oiriúnach chomh maith do dhaoine atá ag iarraidh tabhairt faoin léitheoireacht sa Ghaeilge ag leibhéal nach bhfuil róchasta ó thaobh ábhair ná teanga de.