Idir dhá Phápa
Chuig tír Chaitliceach a tháinig an Pápa Eoin Pól II 39 bliain ó shin,chuig tír ina bhfuil an eaglais in ísle brí a thiocfaidh an Pápa Proinsias
Féile mhór náisiúnta ab ea é, ceiliúradh spleodrach. D’fhreastail suas le leath an phobail ar imeachtaí le linn na cuairte a thug an Pápa Eoin Pól 11 ar Éirinn i 1979. Níl aon choinne lena leithéid nuair a bheidh an Pápa Proinsias anseo. Tá meath na hEaglaise Caitlicí in Éirinn idir an dá linn doshéanta agus na trioblóidí a tharraing sí uirthi féin ina gcancar gan leigheas.
I 1979 bhí daonra na Poblachta i bhfad níos lú ná mar atá anois, 3.3 milliún duine. Bhí 1.5 milliún i dTuaisceart Éireann. Caitlicigh ab ea móramh mór den phobal ó dheas agus beagán níos lú ná 40% den daonra ó thuaidh. Cuireadh turas an Phápa go hArd Mhacha ar ceal ar bhonn slándála. Mí roimhe sin a mharaigh an IRA an Tiarna Mountbatten i Sligeach agus 18 saighdiúir i ndeisceart an Dúin.
Bhí an chéad toghchán do Pharlaimint na hEorpa in Éirinn an bhliain sin, bhí Jack Lynch ag druidim le deireadh a thréimhse mar Thaoiseach agus Charlie Haughey ar tí a theacht i gceannas ar Fhianna Fáil. Bhí Margaret Thatcher tofa ina Príomh-Aire sa Bhreatain. Bhí Máire Geoghegan Quinn i measc na bpolaiteoirí ag an aerfort le fáiltiú roimh an bPápa agus chualathas ráiteas cáiliúil ón Ardeaspag Marcinkus, fear eagair an turais, ‘I said, no broads on the runway’. Níor thug sí aon aird air, ach bhí an dearcadh frithbhanda soiléir.
In Éirinn i 1979 bhíodh suas le ceathrar as gach cúigear ag freastal ar Aifreann an Domhnaigh go rialta. Cuid den ghnáthshaol ab ea cleachtadh an chreidimh go poiblí. Scéal eile a bhí ann go príobháideach. Chuaigh na mílte de mhná na hÉireann chun na Breataine le haghaidh ginmhillte, cuireadh mná torracha eile isteach i neachtlanna Maigdiléine, ina gcaithidís a saol mar sclábhaithe, nó in institiúidí eile ina bhfeadfaí ‘a náire’ a cheilt. Rinneadh a gcuid leanaí a uchtú, in aghaidh a dtola uaireanta.
In Éirinn Chaitliceach na bliana 1979 bhí a fhios ag íospartaigh, ar ndóigh, faoin mí-úsáid ghnéis a bhí á baint ag leithéidí Brendan Smyth as páistí, ach ní raibh a fhios ag an bpobal trí chéile.
Bhí a fhios ag an Eaglais.
Ní dhearna an cliarlathas aon bhlas chun páistí a chosaint. Ba í cosaint a clú agus a maoine an chosaint ba chás leis an eaglais chorparáideach. Aistríodh péidifiligh ó pharóiste amháin go paróiste eile gan foláireamh ná fainic a thabhairt do phobal Dé, gan trácht ar na póilíní nó na gardaí agus údaráis eile na tíre a chur ar an eolas faoi choireanna na mí-úsáideoirí.
Go mall a tháinig an t-eolas sin ar fad chun solais i dtosach, agus ansin ina rabharta. Fuarthas amach faoin Athair Smyth nuair a cúisíodh é i mBéal Feirste; ciontaíodh é i 1994. Taca an ama sin ruaig an cliarlathas an tAthair Kevin Hegarty go hIorras (íochtar na cruinne, shíl siad) mar gur cheistigh sé an chaoi a raibh an Eaglais ag déileáil le mí-úsáideoirí. Sheas sé an fód i 1993 san iris Intercomm a raibh sé ina eagarthóir uirthi. Tháinig na líomhaintí a rinne Colm O’Gorman faoin Athair Fortune ina dhiaidh sin. Agus ansin tháinig tuilleadh agus tuilleadh…
Nocht na tuairiscí reachtúla ar dheoise Fhearna in 2005, ar dheoise Baile Átha Cliath in 2009 agus ar dheoise Chluana in 2011 gurbh fhadhb í a bhí forleathan agus gurbh é polasaí na hEaglaise a freagracht a cheilt, mí-úsáideoirí a aistriú agus diúltú as éadan cúram a dhéanamh do leas na bpáistí ar tugadh drochíde dóibh. Tá a fhios anois go raibh an Eaglais ar an eolas faoi seo ó 1975 agus tá a fhios againn go raibh cairde sa chúirt aici. Nocht fiosrú an Bhreithimh Yvonne Murphy in 2009 gur thug na Gardaí an chluas bhodhar do líomhaintí mí-úsáide ar feadh i bhfad. Tá a fhios freisin nárbh í an Eaglais in Éirinn amháin a bhí ag iarraidh an fhírinne a cheilt agus leas a bhaint as an Dlí Canónach chuige sin ach go raibh an Vatacáin ina bhun freisin.
Roinnt seachtainí roimh theacht an Phápa Proinsias fuarthas amach ó Dermot Ahern an t-iar-aire gnóthaí eachtracha agus ó Mháire Mhic Giolla Íosa, an t-iar-uachtarán go raibh an Eaglais fós ag iarraidh a maoin a chosaint cúig bliana déag ó shin. Thuairisc siad beirt gur iarr feidhmeannach ón Vatacáin slánaíocht dóibh in aghaidh cúitimh.
Nocht Dermot Ahern gur iarr rúnaí stáit na Vatacáine, an Cairdinéal Sodano air aontú go ngabhfadh rialtas na hÉireann i mbannaí ar an Vatacáin in aghaidh cúiteamh a íoc le híospartaigh. Bhí ceann de na hinstitiúidí is saibhre ar domhan ag iarraidh pionós airgid as coireanna a cuid ball a sheachaint. Ba chosúil gurbh é a mbarúil gur cheart don rialtas cibé costas a bheadh i gceist a sheasamh mar gur chuir an Eaglais seirbhísí oideachais ar fáil. Ar ndóigh níl an stát saor ó mhilleán. D’fheil sé don bhunaíocht an obair a fhágáil faoin Eaglais agus dá réir sin, níor cuireadh caighdeáin iompair agus rialacha cosanta i bhfeidhm.
Má d’éirigh an Vatacáin as an bhfeachtas ag iarraidh urraíochta (ní heol dúinn go cinnte gur éirigh) is léir nár éirigh siad as an gceilt eolais. Finné údarásach iontaofa is ea Marie Collins a ndearna sagart mí-úsáid uirthi in ospidéal agus í ina páiste. Caitliceach deabhóideach is ea í ach d’éirigh sí as Coimisiún an Phápa um Chosaint Mionúr anuraidh tar éis trí bliana seirbhíse a thabhairt mar go raibh feidhmeannaigh sa Vatacáin ag iarraidh teacht salach ar an obair.
Dúirt sí in alt san Irish Times le gairid go raibh claonpháirteachas ar bun idir an Vatacáin agus an Eaglais in Éirinn maidir leis an bhfírinne a cheilt nuair a thug an Róimh an chluas bhodhar d’iarratais a rinneadh in dhá fhiosrú reachtúla go gcuirfí cáipéisí ar fáil. Ina theannta sin, bhain an Vatacáin leas as an Dlí Canónach chun diúltú d’fhorálacha cosanta a d’ullmhaigh easpaig na hÉireann, a dúirt sí. Inniu féin tá easpaig na hÉireann ag úsáid dlíthe um Chosaint Sonraí mar leithscéal chun eolas a cheilt ar a n-oifig chosanta féin, dar léi.
Is é dúshlán an Phápa Proinsias, dar le Marie Collins, freagracht a ghlacadh agus gníomh seachas briathra a thairiscint. Ní haon mhaith a bheith ag rá go bhfuil brón nó aiféala ar an Eaglais. Seanchaite atá an scéal sin. Teastaíonn beart, a deir sí, má táthar chun meas éigin ar an Eaglais Chaitliceach a chothú agus údar dóchais a thabhairt do phobal an chreidimh.
Táim cinnte go n-aontódh daoine deabhóideacha eile léi. Is í an fhadhb atá ag an Eaglais Chaitliceach in Éirinn inniu gur pobal an-bheag na daoine deabhóideacha sin. San daonáireamh deiridh dúirt 78% gur Chaitlicigh iad, titim beagnach 6% i gcaitheamh cúig bliana. Ní chleachtann níos mó ná leath na ndaoine sin a gcreideamh go rialta. Tá cur chuige à la carte ag go leor, iad sásta leis an mbaisteadh, an pósadh agus deasghnátha sochraide b’fhéidir, ach iad ag maireachtáil de réir a gcoinsiasa féin den chuid is mó.
Ar an mórgóir, is daoine atá os cionn 65 bliain d’aois iad sin atá dílis don Aifreann agus do na sacraimintí. Tá sciar an-mhór den phobal faoi 40 nach bhfuil suim acu san Eaglais Chaitliceach ná meas acu uirthi. Tá líon na sagart ag titim go seasta agus an chuid is mó díobh sin atá i mbun dualgais os cionn leathchéad bliain d’aois. Tá cliarscoileanna dúnta agus is scéal mór é má théann duine sna sagairt nó sna mná rialta.
D’admhaigh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an an Dr Diarmuid Martin is é ag seoladh an chláir do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach go raibh an Pápa Proinsias ag teacht tráth a bhfuil an Eaglais Chaitliceach ag streachailt chun ról a aimsiú i sochaí agus i gcultúr na hÉireann.
Ba bhuille trom don Eaglais é toradh an reifrinn ar an ghinmhilleadh i mbliana, cruthúnas go bhfuil a neamhspleáchas ar an mbachall ina chomhartha sóirt ar mhóramh an phobail inniu.
Ní ón ngaoth a tháinig an meon seo a thugann droim láimhe le ról na heaglaise i ngnóthaí an stáit. Bua mór don mheon sin ab ea é an cinneadh an tOchtú Leasú a aisghairm, ach tháinig sé sna sála ar an reifreann inar glacadh go fonnmhar leis an bpósadh comhghnéis dhá bhliain ó shin. Ba chéim shuntasach eile é sin sa réabhlóid shóisialta. Sa reifreann sin thug móramh mór le fios nach raibh feidhm le dogma i gceapadh polasaithe poiblí. Is é gnó an rialtais freastal ar an leas coiteann, ní ar rialacha eaglaise ar bith. Is éard a bhí á rá acu ná thig leis an eaglais luachanna a cuid fíréan a rialú agus ní chuirfidh éinne iachall orthu glacadh le seirbhísí liobrálacha a thagann salach ar a gcreideamh. Ar an mbonn céanna níl sé de cheart ag na fíréin sin srianta a chur ar dhaoine eile. Tá sé ag dul rite le haicme áirithe san Eaglais glacadh leis an athrú meoin sin.
An spreagfaidh an Pápa Proinsias iad chun glacadh le ról nua sa tsochaí? Nó an mbeidh an aicme chaomhach ag iarraidh Éire na gcaogaidí a athchruthú? Dúirt an tArdeaspag Diarmuid Martin gur léirigh Proinsias ina bheatha agus lena bhriathra gur féidir a dhul i gcion ar dhaoine, fiú i sochaí ina bhfuil an creideamh imeallaithe. Tá sé ar a chumas, dar leis an Ardeaspag, croíthe a bhíogadh agus a chur ar a súile do dhaoine glacadh le luachanna atá riachtanach don dea-shaol. Cá bhfios céard a spreagfaidh cuairt Phroinsiais? Aitheantas gur féidir ‘maireachtáil go macánta i sochaí ina bhfuil creideamh imeallach’ nó an sórt gluaiseachta a spreag cuairt an Phápa Eoin Pól 11?
Ba as an gcuairt sin i 1979 a d’eascair cuid de na feachtais ab achrannaí agus ba nimhní dár facthas sa tír in aimsir shíochána. Go gairid ina dhiaidh a thosaigh PLAC ( Pro-life Amendment Campaign) ar a bhfeachtas chun toirmeasc ar an ghinmhilleadh a chur sa Bhunreacht. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh toirmeasc dlíthiúil ar ghinmhilleadh cheana féin, ba bhua Piorrach dóibh an reifreann inar éirigh leo an tOchtú Leasú a bhaint amach. Níor stop sé na mílte a bhí ag imeacht thar lear gach bliain le haghaidh ginmhillte agus chothaigh sé deacrachtaí do dhaoine a raibh cóir leighis de dhíth orthu. Tá an leasú sin imithe anois agus an bac dlíthiúil ar ghinmhilleadh le himeacht leis. Gan dabht tá sé ar intinn ag lucht frithghinmhillte leanúint orthu le feachtas chun toradh an reifrinn i mbliana a chealú agus beidh le feiceáil an mbeidh tionchar ag cuairt an Phápa ar a gcur chuige. Ba iad an aicme chéanna a bhí in aghaidh an colscaradh a cheadú. Saothar in aisce eile a bhí ansin dóibh.
Is ar an Eaglais Chaitliceach féin an locht go bhfuil drochtheist uirthi. Feall uafásach ar dhaoine óga ab ea an mhí-úsáid ach coir i gceann na héagóra ab ea an cheilt eolais agus an diúltú freagrachta. Is i laghad a rachaidh a lucht leanta mura gcuirtear é sin ina cheart.
Cúis mhór é sin le meath na hEaglaise in Éirinn ach ní hé an t-aon údar é. Bhí an tsochaí ag athrú sna 70idí agus sna 80idí ar aon nós. Mar is léir ón dioscúrsa faoi 50 bliain de Humanae Vitae bhí neamhaird á déanamh sa teagasc faoi bhreithrialú, daoine den bharúil go raibh an Eaglais dall ar riachtanais an tsaoil. Bhí ag teip ar phóstaí. Bhí meáin chumarsáide ó thíortha eile le fáil go furasta agus bhí i bhfad níos mó béime á cur ar chearta an duine. Bhí glúin óg neamhspleách ag teacht in inmhe, glúin nár chuimhin leo bunú an stáit agus nár shíl gur chuid dá bhféiniúlacht an seanteagasc – an frithShasanachas (an frithchoilíneachas) agus an Caitliceachas.
Nuair a tháinig Eoin Pól 11 ba gheall le rac-réalta é, JFK na hEaglaise, laoch a fuair an ceann is fearr ar an gcumannachas sa Pholainn agus ceannaire na hEaglaise Caitlicí in aon phearsa amháin. Ócáid mhór phoiblí ar theastaigh ó dhaoine baint a bheith acu léi ab ea a chuairt. Bhí sé nua sa ról freisin agus ní raibh a fhios ag daoine fós nach réabhlóidí ach coimeádaí a bheadh ann.
Tá eolas níos fearr againn ar an bPápa Proinsias. Duine tarraingteach é ach mar cheannaire níor éirigh leis, go fóill ar aon nós, an ceann is fearr a fháil ar an dream sa Vatacáin ar mó acu maoin agus stádas na hinstitiúide ná cúram a dhéanamh don bhochtán nó don duine in Éirinn ar thug sagart drochíde dó.
Seans go bhfuil an chuairt seo níos tábhachtaí don Eaglais ná turas Eoin Pól 11. D’fhéadfadh an Pápa tionchar mór a imirt ar a bhfuil i ndán don Eaglais in Éirinn. D’fhéadfadh sé dóchas a chothú i measc na bhfíréan atá fágtha ag an Eaglais nó cur le líon na ndaoine atá á tréigean.