‘Ná treascródh duine éicint an bloc san!’ Sealanna seanchais le Pádraig ‘Peaidí Neoiní’ Ó Cathalláin. Roibeard Ó Cathasaigh a chóirigh is a chuir in eagar. Dómhnal Ó Bric a mhaisigh. Leabhar agus dhá dhlúthdhiosca ilmheáin. An Sagart, An Daingean. 2018, €20

Léirmheas le Liam Mac Peaircín.

Tá mórán éachtaí curtha i gcrích ag an scoláire aitheanta béaloidis, Roibeard Ó Cathasaigh, le tamall de bhlianta anuas; d’éirigh leis, ní hamháin seoda den ealaín bhéil a chosaint ó bhaol, ach fairis sin, adhmad a bhaint as modhanna nua-theicneolaíochta d’fhonn iad a chur os comhair an tsaoil ar bhealach úr nua. Cuimhnímis ar thaisce a chuir sé i dtoll a chéile ó Bhab Feiritéar mar shampla: Ó Bhéal an Bhab (2002), agus Coiglímis an Tine (2010). Ardán eile a thug sé do Lís Ní Shúilleabháin lena seanchas féin a nochtadh in Téanam go Mín Aird (2013).

Ní gá a rá nár dhíomhaoin é an Cathasach, ó Lios Póil ó dhúchas, ó shin i leith, agus tá aghaidh agus cluas tugtha aige do stór cuimhní, ceoil agus seanchais Phádraig Uí Chathalláin ón gCoimín, paróiste na Cille, laistiar den Daingean,
an turas seo.

Is iomaí uair an chloig a chaith an Cathasach ina theannta ina thigh i gCathair Dháibhín, Cathair Luimnigh idir 2012-13. Chaith an Cathallánach cuid mhaith dá shaol ina mhúinteoir bunscoile i Ráth Caola, agus i gCathair Luimnigh.

Sa bhailiúchán gleoite seo, tugann an seanchaí sinn siar fad a shaoil óna óige go dtí ár linn féin. Faighimid éachtaint ar ghnáthimeachtaí an tsaoil trí shúile an gharsúinín: obair phortaigh agus caitheamh aimsire (ceol, rince, amhránaíocht, spórt, agus mar sin de). Díríonn sé isteach ar eachtraí ar leith a sheas amach dó féin le linn a óige, gaiscí ar bhain sé taitneamh astu, agus blúiríocha a mbainfeadh an lucht léite agus éisteachta sásamh astu leis. Sampla amháin ná crústáil cloiche ar gharsún ag iarraidh liathróide a bhí imithe ar fán. (‘Seachain tú fhéin air siúd’ CD1.7).

Is geall le scáthán é an leabhar seo ar chúrsaí eacnamaíochta le linn a óige féin; prátaí ag gach béile, dualgais ógánaigh ar an bportach; fíoruisce ón tobar i mBun Glaise á ól, agus margaíocht aonaigh, mar shampla.

Ar mhianach an dea-scéalaí, tá féith an ghrinn go smior ann, agus maisiú mór ar aon scéal is ea an greann, fiú más ina choinne féin an magadh éadrom ar uairibh (sampla an-bhreá is ea an léiriú ar fhoghlaim seiteanna (‘B’in í an chéad seit agam’ (CD1.14) agus ‘Dhein sí stumpaí amadáin don dtriúr againn!’ (CD1.14)). Buailimid le carachtair neamhghnácha, lán de dhiabhlaíocht na hóige, agus d’acmhainn láidir grinn, a choimeádann ar bóthar sinn go léir (féach, mar shampla, ‘Ní fiú mo chac sibh!’ (CD1.8) nó ‘An fear nó bean Montessori?’ (CD1.18)). Carachtair is ea iad atá ina steillbheatha os ár gcomhair go héasca ag an scéalaí, agus nach é atá oilte ar chomhrá drámatúil a fhí isteach san insint go fuirist le cur le léiriú an scéil nuair is gá. Scéalta gearra fuinte a roinneann sé linn, agus tá sé de bhua aige craiceann a chur ar scéal (féach ‘You can drink your piss!’ mar shampla, CD1.2). Éiríonn lena leithéid de chaint anam agus croí a chur sa scéal ó thús go deireadh. Scéalaí nádúrtha is ea Pádraig, agus é thar a bheith deisbhéalach de shíor. Tá an chumarsáid go léir beo, agus tosnaíonn Pádraig ar phortaireacht bhéil, ar línte as amhráin a chanadh, nó ar an orgán béil a sheinm go nádúrtha, amhail is gur i gcuideachtain cois tine a bhí, ceithre fichid bliain ó shin.

Ach níl éirim an leabhair seo teoranta do shaol an dalta scoile; tá i bhfad níos mó ná sin ann. Faighimid léargas agus tuiscint ar dhalta ar a chompord leis féin is lena chomhluadar i gcoláiste ullmhúcháin i mBaile Bhuirne; ar mhac léinn múinteoireachta i gColáiste Phádraig, ar mhúinteoir nua-oilte, ar pheileadóir cumasach i mbun a dhíchill do gheansaí an chlub agus an chontae, agus ar thinneas agus é ag dul anonn sna blianta.

Is amhlaidh go dtugann sé sracfhéachaint dúinn leis ar ghnéithe ildánacha eile dá shaol in áiteanna éagsúla eile chomh maith. Solaoid bhreá is ea an insint ar a eispéireas ar shaol agus ar chultúr Low Island, in Inbhear na Sionainne, CD1.22 agus CD 1.23.

Bhí cáil na haisteoireachta ar an gCathallánach, agus bhí sé i bpáirt le cumainn dhrámaíochta i rith a shaoil; bhí ráchairt mhór ar Aisteoirí Ráth Caola, agus iomrá nach beag ar na Quarry Players i gcathair Luimnigh lena linn. Ar na drámaí go léir ar thug sé fúthu, bhí cion speisialta aige ar dhrámaí John B. Keane ina chroí, agus tugann sé an-léiriú ar ghnéithe áirithe dá chuid; go háirithe ar an bpáirt a bhí aige mar An Tarbh cáiliúil in The Field. Téann pearsantacht bhríomhar tharraingteach Phádraig féin i bhfeidhm go mór ar léitheoir agus ar éisteoir; ní hannamh gur léir an sásamh a bhaineann sé féin as eachtra éigin a fhágann sna trithí gáire é.

Gné shuaithinseach eile den fhoilseachán seo is ea míreanna áirithe a bhailigh Pádraig féin fé Scéim na Scol, le linn dó freastal ar Scoil Smeirbhic sa bhliain 1936, agus iad curtha in eagar go snasta ag an eagarthóir. Bhí Pádraig féin ina gharsún bunscoile, gan dabht, ach bhí sé de chumas ann rannta agus scéalta éagsúla (cuid acu leagtha ar Phiaras Feiritéar agus ar Eoghan Rua Ó Súilleabháin), a bhailiú óna athair, Seáinín Mhuiris, óna mháthair, Nóra ‘Neoiní,’ agus óna dheartháir, Muiris Ó Cathalláin.

Ní hamháin go bhfuil saibhreas seanchais le cloisint ar dhá dhlúthdhiosca, ach tá seoid neamhghnách ar fáil ar an dara ceann; comhad ilmheán, físeán den Chathallánach féin i mbun scéalaíochta ina sheomra féin. Scéal a mhíníonn an seanráiteas “‘Bíonn tuirse na ngaibhne ar na buachaillí beo,’” atá idir lámha aige go cliste (CD2 comhad ilmheán). Is léir go bhfuil an scéalaí ar a chompord ag an gCathasach, agus é i mbun cainte le cara go nádúrtha.

Ábhar maíte eile is ea maisiú barrúil Dhómhnail Bhric ar an leabhar a chuireann go mór leis, agus léarscáil san áireamh; tá seantaithí againn ar a chuid ealaíne, gan amhras, agus ar a acmhainn grinn ann, a bhíonn in oiriúint d’éirim na n-eachtraí.

Fianaise is ea an foilseachán seo ar bhuanna an Chathasaigh féin chun an scéalaí a spreagadh chun cainte, ach gan cur isteach ar an rithim chainte is dual don duine i mbun na ceirde. Tá eagarthóireacht an-oilte déanta aige ar an saothar seo trí chéile, agus níl aon cheilt aige ar eolas ná ar leaganacha canúna tríd an leabhar. Cuireann na nótaí iomadúla agus na tráchtaireachtaí anáil chruinn na hacadúlachta leis an leabhar, idir cúlra staire, Gaeilge agus béaloidis féin.

Cuirimid na seacht n-aithne ar Phádraig Ó Cathalláin de réir a chéile idir clúdaigh an leabhair seo; fear lách saoithiúil agus grámhar, ar mhaith leis a bhfuil aige a roinnt linn. Bíodh a chuid agus a chomhroinn ag gach duine. Seo sampla dá fhealsúnacht, agus an phaidir ‘A Íosa, ‘Rúin-chéile m’anama’’, á cur i láthair aige:

An phaidir sin, sé an chiall gur mhaith liom í a chur ar an téip ná is paidir ana-dheas í, b’fhéidir go mbeadh sí ag daoine eile a chloisfeadh í go ndéarfaidíst : ‘Diabhal! Bhreá liom í bheith agam,’ agus ba mhaith liom é sin, dá mba rud é go dteastódh sí ó dhuine éicint eile … (lch 105, CD2.19).

Duine ildánach i ngach aon tslí is ea é san fhoilseachán dea-shnoite seo – ceoltóir, fear spóirt, aisteoir, Gaeilgeoir, múinteoir agus athair dílis. Ar an drochuair, ní raibh sé de rath air an t-ábhar luachmhar seo a fheiscint i gcló, mar cailleadh é Lúnasa 2017, roinnt míonna sular foilsíodh é. Is deimhnitheach go mbeadh sé an-bhródúil ar fad as, agus buíoch de gur éirigh leis an eagarthóir sruthanna ó thobar a dhúchais fhéin a chur os ár gcomhair go beo bríomhar ilmheánach.