Rún

Rún

markwickham.org

Lena cuimhne, sé sin le rá, le linn cuimhne a cúig bliana slánaithe glan, d’fhágadh Aedín agus a Deaid pláta agus gloine branda amach sa seomra suí fá choinne Santaí, Oíche Nollag. Le chéile. Bhíodh slisín mór dorcha den chíste Nollag ar an phláta, stuaicíní bána siúcraithe ar a bharr. D’iompraíodh Aedín an pláta isteach go cúramach ina dhá láimh. Dhoirteadh Deaid an leacht dú-órga loinnireach isteach sa ghloine criostail galánta, agus thógfadh seisean isteach chuig an seomra suí, sa tóir ar Aedín. Taobh leis an teallach a d’fhágtaí iad seo go cúramach, sollúnta. Agus meacan dearg, ceann beag, do Rúdolf.

Ansin chuireadh a Mam a cuid pitseamaí ar Aedín os comhair na tine craosaí. Théadh Aedín suas staighre le Teidí agus Mam. Neadaíodh Aedín isteach faoin chuilt bhog fháilteach. Léadh Mam scéal di. D’fhanadh Deaid thíos staighre sa seomra suí chun súil a choinneáil amach do Shantaí, le bheith cinnte a rá leis siúd go raibh Aedín ina cailín maith ar feadh na bliana.

Ní hamhlaidh a bhí, áfach, anocht. Thug Mam an pláta d’Aedín agus d’amharc an cailín beag air. Rinne a cuid súl faiteadh gasta corraithe ar a raibh air.

‘An amhlaidh gur maith le Santaí Swiss Roll anois?’ a d’fhiafraigh sí, ag stánadh ar an slisín císte buí agus an líne thanaí dhearg a lúb tríd.

‘Cinnte dearfa, is breá leis é.’

Chuaigh Aedín isteach sa seomra suí agus leag sí go cúramach ar an teallach é, díreach faoina stoca-sa. Bhí an tinteán fuar, folamh i mbliana. Deaid a bhíodh i mbun tine a fhadú, agus níor las Mam aon cheann ó bhí air imeacht. Níor cheannaigh sí maide briste nua acu ach an oiread, ó bhris Deaid an seanphéire a bhíodh acu de thaisme. Ar an taobh eile de, b’shin dua breise nach mbeadh ag Santaí i mbliana, dar le hAedín. Ní bheadh d’iachall air an púdar draíochta a chaitheamh ar an tine lena mhúchadh sula ndreapódh sé anuas an simléar. Bhrostaigh Aedín ar ais chuig an chistin te.

‘Agus a dheoch?’ ar sí.

‘Seo, a stór.’

‘Ó. Oráiste.’

‘Sea. D’iarr Santaí ar na mamaí-anna ar fad gan branda a chur amach dó i mbliana. Dúirt sé gur fearr leis oráiste.’

‘Maith go leor,’ Thiontaigh Aedín, ansin chas sí ar ais arís, ‘agus meacan dearg Rúdoilf?’

‘Fan go bhfeice mé.’ Chuartaigh a máthair sa chuisneoir, ansin dhearc sí thar a gualainn ar a hiníon, ‘níl aon mheacan dearg againn. Ní raibh an t-am agam bualadh isteach chuig na siopaí ar mo bhealach abhaile ón obair, a chroí. Tá bachlóga Bruiséile againn,’ thug sí spléachadh ar aghaidh a h-iníne agus thiontaigh sí ar ais chuig an chuisneoir; ‘ó, seo, tá trátaí againn. Ach chuala mé ráite go minic go bhfuil an-dúil ag fianna i dtrátaí, tá mé cinnte. Seo dhuit ceann.’

Stán Aedín aníos ar a máthair ó mhalaí roctha.

‘Níl a fh – ’

Bhí cnag ag an doras tosaigh.

Chuaigh a máthair amach chuig an halla. Scrúdaigh Aedín an gloine oráiste. Thóg sí súimín beag den stuif agus chuir sí pus uirthi. Bhí barraíocht uisce ann. Dhearc sí anuas ar Theidí ina láimh chlé. Mheas sí gur dhearc Teidí ar ais is gur chroith sé a cheann. Ach dúirt a Mam gur dhúirt Santaí léi . . .

Deaid a bhíodh ag plé le cúrsaí bia agus dí do Shantaí agus Rúdolf ariamh anall. Chan anois, áfach. Bhí a Deaid imithe a chónaí sa teach eile anois. Teach millteanach mór le léar mór daoine eile. Níor tháinig sé abhaile riamh le hAedín agus Mam, ón lá a chuaigh sé isteach ansin i rith na laethe saoire, sa samhradh. Bhí sí féin agus Mam ag tabhairt aire don teach anois, go dtí go dtiocfadh sé abhaile.

Chuaigh siad ar cuairt chuige gach Domhnach. Thóg Aedín Teidí ar cuairt chuige fosta. Bhí an teach mór i gcónaí callánach agus glórmhar, agus bhí boladh ait ann. Ach bhí sé te. Thaitin sin le hAedín. Ní raibh teas sna rádaitheoirí sa teach acu féin a thuilleadh ach ar feadh tréimhse an-ghearr achan oíche.

Dúirt a Mam le hAedín gan labhairt faoi Dheaid ná faoin teach le duine ar bith. Dúirt sí go mbeadh sé ag fanacht sa teach mór go cionn tamaill. Dúirt a Mam gur rún a bhí ann, go mbeadh sé ar ais sa bhaile arís lá éigin. Dúirt sí gurbh fhearr muna raibh a fhios ag daoine ar chor ar bith go raibh sé ag fanacht sa teach mór.

Níor inis Aedín do dhuine ar bith. Níor inis sí do na páistí eile ag na ranganna snámha ná do na cailíní ag an rang damhsa. Ach bhí sé sin furasta go leor anois. Ní raibh sí gabháil chuig aon rang i ndiaidh na scoile a thuilleadh. Dúirt Mam go mbeadh sí ag gabháil ar ais chuig na ranganna nuair a bheadh go leor airgid acu fána gcoinne arís.

Ach chuir Aedín cogar i gcluas Aoife faoin teach mór te leis an bholadh aisteach. Ba í Aoife an cara is fearr a bhí aici. D’inis sí di nuair a bhí siad amuigh sa chlós scoile i rith lóin mhóir, nuair nach raibh duine ar bith eile ar na gaoraibh. D’inis sí di go mbíodh a Deaid leath ina chodladh nuair a chuaigh sí féin is a Mam isteach chuige ar cuairt. In amanna bhíodh sé ina shuí i seomra mór agus an teilí ag bladráil i bhfad ró-ard sa choirnéal. Bhí daoine eile ina suí sna cathaoireacha uilinn chomh maith.

Níor thaitin sé le hAedín nuair a bhí sé sa seomra sin. Ní raibh sí in ann é a chluinstin thar challán an teilí. B’fhearr léi nuair a bhí sé ina sheomra leapa, a phitseamaí air, sa leaba. Fiú nuair nach am luí a bhí ann. Dhreapadh sí í féin aníos chuige ar an leaba agus thugadh sí croí mór isteach dó go dtí go raibh uirthi imeacht abhaile.

Anois agus arís bhuail duine de na daoine a bhí ag obair sa teach mór isteach chuig an seomra leapa. Bhíodh cogarmogar acu siúd le Mam sa choirnéal. Bhí Aedín sásta nuair a tharla seo. Bhí sí in ann a scéalta a inse do Dheaid, é féin ag éisteacht, í féin ag ríomh. D’insíodh sí dó faoina seachtain ar scoil, faoina cara Aoife agus faoi na cluichí a bhí aici féin agus ag Teidí. D’iarradh sí ar Theidí póg a thabhairt dó, rud a rinne Teidí go fonnmhar.

I gcónaí, i gcónaí, i gcónaí thug sé barróg mhór agus póg d’Aedín sular imigh sí, sular dhruid sé a chuid súl. Bhí Deaid fíor-, fíor-, fíorthuirseach na laethe seo.

Lá amháin dúirt Mam go raibh jab nua faighte aici i lár na cathrach, go dtí go mbeadh Deaid ar a sheanléim arís. Ní bheadh sí ag fanacht ag geata na scoile chun Aedín a thabhairt abhaile a thuilleadh. Chuir sin scanradh ar Aedín, go dtí gur dhúirt a Mam go mbeadh Aedín ag gabháil díreach ón scoil go teach Aoife. Bhí socrú déanta ag a Mam le mamaí Aoife, a d’inis sí don ghirseach. Bheadh Aedín ag dul chuig teach Aoife, agus bheadh sí ag fanacht ansin leo go dtí am tae. Bheadh Mam ar ais óna cuid oibre nua ag am tae chun í a thabhairt abhaile.

Bhí Aedín thar a bheith sásta leis an socrú seo. Achan tráthnóna bhí greim bia aici agus rinne sí a hobair bhaile ag an tábla i gcistin Aoife i gcuideachta a carad. Idir na seitgháirí, na miongháirí is na maolgháirí ghlac sé tamall orthu an obair a chríochnú, ach é seo déanta, bhí sé in am ag an súgradh agus ag an chuideachta agus ag cluichí.

Teach nó Scoil an dá chluiche is mó a bhí acu. Cuireadh duilleoga ón hiodrainsia sa gháirdín ar phlátaí plaisteacha - bricfeasta, dinnéar do Theach, lón beag agus lón mór do Scoil. Tháinig Teidí amach as an mhála scoile do na cluichí seo, agus Annie - bábóg de chuid Aoife. Rinne na girseacha sealaíocht ar rólanna do Scoil agus Teach. Lá amháin bhí Aoife ina Cailín agus Aedín ina Múinteoir (nó ina Máthair), agus a mhalairt an chéad lá eile. Ní bhfuair Teidí ná Annie seans ariamh bheith i bhfeighil.

Chleacht siad Siopa go minic fosta, le Custaiméirí agus An Siopadóir. Chuaigh an bheirt chara amach chuig an gháirdín i gcúl an tí le duilleoga a bhailiú, agus chóirigh siad na duilleoga beaga - earraí siopa - i gcairn bheaga ar an tábla beag sa seomra tosaigh. Sheas An Siopadóir ar thaobh amháin den chúntar – an tábla. Sheas An Custaiméir ar an taobh eile.

‘Bosca calóga arbhair, le do thoil.’

Líonadh dorn beag le duilleoga ón charn cuí.

‘Agus dhá mhála Tayto do mo pháistí anseo chomh maith, le do thoil.’

Líonadh an dorn beag eile le duilleoga ó charn eile.

‘Seo dhuit. Sin cúig euro, le do thoil.’ arsa An Siopadóir go sollúnta.

‘Seo dhuit, bhal.’ arsa An Custaiméir, ag sá a méara beag isteach ina póca folamh, ag tarraingt amach dorn lán aeir, agus ag leagan an nóta dofheicthe ar an chúntar.

‘Go raibh maith agat.’

‘Go ndéana sé a mhaith duit. Beidh mé ar ais amárach.’ Agus thiontaigh An Custaiméir, ag tarraingt Teidí agus Annie ina diaidh chuig an halla. Phill sí ansin, agus mhalartaigh sí áit leis An Siopadóir taobh thiar den chúntar.

Lá amháin bhí cluiche eile acu, Teach Mór, leis An Deaid – Teidí. B’eisean a fuair na barróga ar fad. Bhí An Mham ann chomh maith. Bhí an chuid is mó le rá ag An Cailín – Aedín, ar ndóigh. Bhí Aoife sásta na baill ar fad den ghrúpa Na Daoine a ghlacadh uirthi féin, na daoine a bhí ag obair sa Teach Mór. Anois is arís rug na cailíní beaga ar cúpla deilbhín Lego chomh maith má bhí Póilíní nó Tiománaí Otharchairr de dhíth.

Tháinig Mam chun Aedín a bhailiú ag am tae. Má bhí na cailíní beaga an-ghafa leis an chluiche a bhí ar siúl acu d’fhanadh sí tamall, ag ól cúpán tae, go dtí go mbíodh an cluiche réidh. An lá seo, áfach, chuaigh mamaí Aoife chuig an doras chuici. Níor tháinig an bheirt bhan isteach, d’fhan siad amuigh. Níor scairt Mam ar Aedín a rá léi a cóta a chur uirthi. Chonaic Aedín mamaí Aoife amuigh sa phóirse, ag tógáil lámh Mhaim agus ag rá rud ínteacht léi. Bhain Mam a láimh amach as greim mhamaí Aoife.

‘Cuir ort do chóta, a Aedín, tá deifir abhaile orainn inniu.’ a scairt Mam ón halla.

D’fhan Mam ag an doras, ag fanacht ar Aedín. D’fhág mamaí Aoife slán léi ach níor fhreagair Mam. Shiúil siad abhaile go han-ghasta ar fad. Ní raibh mórán le rá ag Mam ar a mbealach abhaile. Rinne sí dearmad aon cheist a chur ar Aedín faoina lá ar scoil, fosta. D’ardaigh Aedín Teidí suas chuig a leiceann agus bhí comhrá beag aici leis siúd ina áit.

Bhí Aedín ina luí ina leaba an oíche sin, Teidí ag a taobh. Tháinig Mam isteach le scéal a léamh di sula rachadh sí a chodladh.

‘Cronaím Deaid, a Mham.’

‘Tuigim duit, a chroí. Cronaím féin é, fosta.’

Thosaigh Mam a léamh. D’éist Aedín agus Teidí léi. Chríochnaigh a máthair an scéal agus chuimil sí leiceann Aedín.

‘Ná déan dearmad, a thaisce, ná habair le duine ar bith eile faoi Dheaid. Rún atá ann.’

‘Rún?’

‘Rún. Tuigim gur inis tú d’Aoife de thaisme ach ná habair le duine ar bith eile.’

‘Cad chuige?’

‘Sin an tuige. Is rud é a bhaineann linne amháin . . .’

Bhí ordóg Aedín sáite isteach ina béal agus bhí a cuid fabhraí ag druidim ar a chéile. Chrom Mam thairsti agus thug sí póigín di ar a héadan.

‘Oíche mhaith, a chroí.’ ar sí.

Bhog beola Aedín ach d’fhan siad teannta druidte thart ar a hordóg. Dhruid Mam doras a seomra ar a bealach amach. D’ullmhaigh sí cupán tae di féin sa chistin. Bhí post an lae sin ina luí ar an tábla amach roimpi.

Thuas staighre, mhúscail Aedín. Shiúil sí féin agus Teidí amach go dtí an seomra folctha, leath ina gcodladh. Shuigh siad beirt ar an leithreas, a súile druidte. Chuala siad cling fóin thíos staighre.

‘Haigh . . . go breá, a Mháthair . . . tá a fhios agam . . . no, go raibh maith agat, ná tabhair aon airgead domh, thug sibh go leor domh cheana . . . no, no, níl na hadhlacóirí ag cur brú, tá siad iontach tuisceanach . . . áidhe, fanfaidh siad go dtí go mbeidh an t-eastát socruithe . . . máthair Chormaic? Ní raibh, muis. Shíl sí gur fágadh fortún aici nuair a fuair athair Chormaic bás . . . bhí sí meallta, ar ndóigh, an créatúr, agus an gonc sin a thug a bás, is dóigh liom . . . bhuel, tabhair aire duit féin nó gheobhaidh tú féin stróc chomh maith . . . níl neart agam air, a Mháthair, beidh Cormac san ospidéal go cionn tamaill agus tá billí le híoc . . . tá, tá sí féin sásta i dteach Aoife, tá cuideachta aici ansin . . . ’

Sheas Aedín agus shruthlaigh sí an leithreas. Stop guth a Maim. Shiúil Aedín féin agus Teidí ar ais chuig an seomra. Isteach sa leaba theolaí leo, a súile leathdhruidte i rith an ama.

Bhí deifir abhaile ar Mham i gcónaí as sin amach go dtí an Nollaig. Níor tháinig sí isteach fá choinne cupán tae nuair a tháinig sí le hAedín a bhailiú. Níor thuig Aedín an deifir seo, mar ní raibh Mam ag tabhairt faoi na rudaí a dhéanadh sí achan Nollaig sa bhaile. Ní dhearna siad aon chíste i gcuideachta a chéile i mbliana ag an tábla sa chistin, cheannaigh Mam ceann beag ón ollmhargadh. Agus níor cheol Mam na carúil a cheoladh sí fán teach Nollaigeacha eile. Chronaigh Aedín an ceol. Níor shuigh siad síos i mbliana le cártaí Nollag a dhéanamh – b’shin jab Deaid agus Aedín roimhe seo, ach ní raibh Deaid ansin i mbliana. Dúirt sí é seo uilig lena Mam ar an bhus, an lá a ndeachaigh siad ar cuairt chuig a Deaid.

‘Tabharfaimid faoi na cártaí a dhéanamh nuair a théimid abhaile, mar sin, a Aedín. Anois, gabh isteach chuig Deaid – ní fheicfidh tú arís é go dtí i ndiaidh na Nollag.’

Rith Aedín isteach chuig a Deaid ina sheomra agus léim sí in airde ar an leaba. Neadaigh sí féin agus Teidí faoina ascaill. D’inis sí a scéalta ar fad i gcogar ina chluas, faoi Aoife, faoi scoil agus faoin liosta a bhí déanta amach aici do Shantaí. Bhí a shúile druidte ach dar le hAedín chonaic sí aoibh bheag ag teacht ar a aghaidh. Gheall sí dó go dtabharfadh sí aire do Shantaí.

Anois, bhí Oíche Nollag tagtha agus gan meacan dearg féin ag Aedín do Rúdolf. Mhothaigh sí pian ina bolg. D’éist sí leis an mhonabhar ag an doras tosaigh, a Mam ag caint. Chuala sí í ag druidim an dorais. Tháinig a Mam isteach ón halla agus bosca mór ina baclainn aici.

‘Bhuel, a Aedín, fan go bhfeice muid caidé atá againn anseo.’

‘Cé a bhí ag an doras?’

‘Cairde le mamaí Aoife. D’fhág siad an bosca mór seo againn don Nollaig.’

‘Nach maith sin!’

Thosaigh a máthair a thógáil earraí amach as an bhosca. Subh. Canna péitseog. Brioscaí. Málaí tae.

‘Muis, amharc air seo, a Aedín, do Rúdolf!’ agus rinne sí gáire. D’fhág sí meacan dearg i nglaic Aedín.

Tháinig straois ar aghaidh na girsí agus rith sí isteach sa seomra suí lena fhágáil cois tine faoina stoca. Foirfe. Muna raibh an branda lofa sin de dhíth ar Shantaí i mbliana, bhí dúil as cuimse ag Rúdolf sna meacain dearga go fóill. Níor rún ar bith é sin.