Tonn Teasa Le Gearóidín Nic Cárthaigh

Tonn Teasa Le Gearóidín Nic Cárthaigh

Tarra an bhóthair ag beiriú, é greamaithe de bhoinn an ghluaisteáin. An féar sna páirceanna spalptha, paistí donna le feiscint ón ród. An carr chomh te le hifreann, craiceann ár gcos scólta ag na suíocháin dhubha leathair.

Sinn ar oilithreacht, mé fhéin is mo dheirfiúr, oilithreacht anama, ó Chorcaigh go Tír Chonaill. Turas naoi n-uaire, an teocht ag tríocha céim, sinn ag slogadh Ballygowan ar dalladh, dírithe ar ár gceann scríbe, uaigh ár n-athar uasail.

I bhfionnuaire an tráthnóna bainimid an t-óstán amach, sinn tugtha, is ithimid sailéad Gréagach tionlactha ag braon Pinot Grigio.

Téann codladh na hoíche amú orainn, de dheasca ghlór an ghaothráin, ná ní thagann leoithne dá laghad tríd an bhfuinneog atá ar leathadh.

Tar éis bricfeasta, téimid ’on reilig. Deineann mo dheirfiúr gol, a deora ag fliuchadh na mbláth, is labhrann le Daid, scéal fada fén gcumha atá uirthi ina dhiaidh. Cuirim lámh timpeall a guaillí.

Tiomáinimid abhaile, aistear lae - sinn ag cur allais, ag cur dínn, an ceo teasa ina airde láin.

Tarra an bhóthair ag beiriú, an féar sna páirceanna spalptha, ár gcosa scólta ag na suíocháin dhubha leathair, sroichimid Corcaigh, mar a bhfuil an saol is a mháthair imithe ar saoire bheag cois tráigh.