Abhainn na Teanga  

Abhainn na Teanga  

Léirmheas leis an mBráthair Gearóid de Barra

le Liam Prút, , Coiscéim, 2018, (€7.50).

Tagraím don chnuasach filíochta is déanaí ó pheann Liam Prút, Abhainn na Teanga. Teideal an-oiriúnach é don deichiú leabhar filíochta uaidh agus na tuilte Gaeilge le léamh ann. D’úsáid sé in áit eile an bhliain seo caite na focail ‘creabhar’ agus ‘priompallán’ ag tagairt dó do léirmheastóirí áirithe. Ní chomhairim mé féin ina measc siúd, ach molaim go hard na dánta sa leabhar seo. Bhain mé ardtaitneamh astu, agus bainfidh mé, mar ní mór dom cuid acu a athléamh d’fhonn an ‘casadh’ glic agus géarchúis Phrút a thuiscint níos fearr. Foilsíodh cuid de na dánta seo cheana, mar is cuimhin liom ‘Éitheach an Phiarsaigh’ a léamh in Comhar agus d’aontaigh mé go hiomlán leis an téama — go bhfuil idéil chinnirí 1916 go léir mar dheatach sa spéir.
Féach ar an ngliceas atá sa dán ‘Tá’s agam seanbhean’—Éire bhocht—saint i réim. Chaith mé naoi mí ar chúrsa in Iarúsailéim agus thug sé deis dom saol na bPalaistíneach a thabhairt faoi ndeara agus gan aon agó cuirtear pictiúr breá gléineach íorónach inár láthair sa dán ‘An tUileloscadh arís?’ – How odd of God to choose the Jews! mar a dúirt Belloc. Dar ndóigh, tá ardchaighdeán filíochta sa dán íorónach seo. Ba bhreá liom go mbeadh cinnirí polaitiúla an domhain in ann é a léamh, fiú na hIosraelaigh féin!
Tá dhá dhán sa leabhar faoi sheanchairde liom nach maireann, faraor: ‘Micheál F. Ó Conchúir—file an Chláir’ agus ‘Victor’. Chuir mé ardspéis sna dánta sin. Bhí, mar is eol do chuid mhaith againn, saol cráite ar uairibh ag Fearghus Ó Conchúir agus, mar is dual don dea-fhile, tá an fhírinne lom iomlán léirithe go cruinn i línte deireanacha an dáin. Bhí ardaithne agam ar Victor (Ó Briain) freisin, agus molaim mar a léirítear sa dán seo nóiméad speisialta a shaoil san oispís. Cruthaítear íomhánna áille sa tsaorvéarsaíocht seo agus tá saibhreas na teanga i ngach líne:

Bhí do chluas bodhar ó mhaidin
le bonnán an stoic ghéar-shéidte.

Agus cé a sháródh na línte seo?

Chugat ansan an Sealgaire
is ba tú an sionnach seang lán de léann is d’ealaín
ach do chlisteacht dulta meann.

Is breá liom an focal ‘meann’ sa chomhthéacs seo. Agus, i réamhrá an dáin, cé a smaoineodh ar ‘Gael Francghrách, ceolchar’—ach amháin an Prútach, nó, b’fhéidir, Seán Ó Lúing?
Bhí mé i gcónaí tógtha le filíocht Aogáin Uí Rathaille, nó Sheáin Clárach agus le dánta amhail ‘Vailintín Brún’ nó ‘Taiscídh, a chlocha’ ar bhás Dawson—aortha den chineál is géire agus is nimhní, fiú gur ceileadh a bhfíorúdair nó gur cuireadh an ruaig orthu dá mbarr. Ach tá cumas íorónach aortha ar leith ag Liam Prút agus an cumas sin curtha inár láthair sa dán ‘An caisearbhán’. Ina shlí ghlic féin tá binb i roinnt dánta sa chnuasach seo a chuirfeadh éad ar leithéidí Uí Rathaille, Aindriais Mhic Craith nó Sheáin Clárach, dánta mar Tadhg an dá thaobh?’, ‘Éitheach an ‘Phiarsaigh’, ‘Ba mhaith liom bás d’fháil, a deir an Ghaeilge’, ‘Argumentum ad corvum’.
Tá dánta den uile chineál sa chnuasach seo; nílim chun tagairt do gach dán, cheal spáis. Ach mholfainn go háirithe leithéidí ‘Géanna’, ‘An Piardálaí Trá’, ‘Máire Ní Cheallaigh’ agus na haistriúcháin ‘Arachne’ agus ‘Joe Hill’.
Tá gliceas, saibhreas teanga, ‘casadh gan choinne’, ceacht, íoróin, grá tire, spioradáltacht agus friotal fuinte a bhíonn oiriúnach i gcónaí do théama an dáin sa deichiú cnuasach sárfhilíochta seo le Liam Prút. B’fhéidir go bhfuil sé rómholtach ar Sheán Ó Dúill sa dá dhán aige, ‘Ómós do Sheán Ó Dúill’—ar geall é le deilbh práis tar éis an tsaoil—agus ‘Seán Ó Dúill’. Dhearmad sé aon tagairt a dhéanamh do na Corcaígh bhochta gan urchóid a ghortaigh sé lena chamán, ach is fíor go cinnte na véarsaí seo—

...is mó céile comhraic a ghoil i ndiaidh do mháthair-chamáin agus díobhsan a gháir is beag díobh a gháir faoi dhó.

Molaim an cnuasach seo go hard na spéire. Bhain mé an-taitneamh as. Tá leagan amach álainn, tarraingteach ag baint leis agus is mór an chreidiúint é do na foilsitheoirí, Coiscéim.