BANLAOCH CEANNRÓDÚIL

Celia de Fréine
BANLAOCH CEANNRÓDÚIL

Sliocht as an leabhar ‘Luíse Ghabhánach Duffy: Ceannródaí’ le Celia de Fréine

Ón mbliain 1876 ar aghaidh, agus é trí scór bliain d’aois, tharla go raibh Gavan Duffy i dteideal a phinsean a tharraingt lasmuigh de Victoria. Bhraith sé go raibh deireadh lena ré pholaitiúil sa gcoilíneacht buailte leis agus bheartaigh sé dul ar imirce den dara huair. Ní fheilfeadh drochaimsir thais na hÉireann dó, mar sin roghnaigh sé Cimiez na Fraince, a raibh cuairt tugtha aige uirthi go minic roimhe sin, mar áit chónaithe.

Is ceantar galánta é Cimiez, soiprithe sna cnoic os cionn Nice, ina mbíonn an aimsir go deas séimh ar feadh deich mí den mbliain. Sách cosúil le Cill Iníon Léinín, sníonn na bóithre casta géara anuas thar fhallaí clochdhéanta a choinníonn na bailtíní móra is na garraithe lán de bhláthanna, atá mórthimpeall orthu, slán ó shúile fiosracha. Tá fothraigh Cemenelum ina bhfuil fáinneán, folcadáin theirmeacha agus baisleac phailé-Chríostaí lonnaithe anseo freisin, mar aon le Mainistir Cimiez áit ar chuir na Proinsiasaigh fúthu sa séú céad déag.

Um an dtaca sin chuir a lán Sasanach, nach raibh ar fónamh, fúthu i Nice agus sa gceantar máguaird i ngeall ar an aimsir. Cé nach raibh leigheas ar an drochshláinte le fáil, chuirtí le fad shaol na n-othar. Leanadh buíonta dochtúirí, poitigéirí, banaltraí, báicéirí is siopadóirí na daoine leochaileacha sin le freastal ar a gcuid riachtanas. Ba cheantar costasach é an Rivéara ach ní raibh aon fhadhb ag na háitritheoirí saibhre íoc as praghsanna arda a gcostas maireachtála. Ina measc bhí Leopold, mac na Banríona Victoria, a thugadh cuairt air go minic. Ón mbliain 1864 ar aghaidh, am ar bhain an t-iarnród Nice amach is ar thug an Sár Alastar II cuairt ar an gceantar, mhealltaí uaisle na Rúise chuig an gcuan gleoite sin freisin.

Agus é lonnaithe ann i measc a leithéidí, bhí Gavan Duffy i bhfad ón gcóiríocht chónaithe i siopa a mhuintire i mbaile Mhuineacháin. Luigh sé isteach ar an obair, ag breacadh ar pár a raibh ar eolas aige faoi stair na hÉireann, obair ar theastaigh uaidh tabhairt fúithi le fada, is a bhí tábhachtach, ní hamháin dó féin ach don tír seo i gcoitinne. Mar sin féin, caithfidh gur bhain dúshlán leis an saol úrnua aonarach sin don bhfear a mbíodh taithí aige ar mhaireachtáil i measc teaghlaigh mhóir.

Bliain tar éis dó cur faoi i Cimiez, agus trí bliana tar éis bhás Susan, bhí sé ar ais ar a sheanléim arís, faobhar ar a ghoile in athuair is a chroí lán de ghrá. Ar an 16 Samhain, 1881, phós sé den tríú huair. Marie Louise Hall ainm a mhná. Ba iníon í le Ellen Hall née Hughes; ba neacht í le Susan agus ba chol cúigir le Charles í.

Ceiliúradh an bhainis in Eaglais na Madeléine i bPáras na Fraince, príomhchathair rómánsúil an domhain. Eisean cúig bliana is trí scór d’aois, ise cúig bliana is scór amháin. Ba é John O’Leary, an sean-Fhínín, a bhí mar fhinné pósta acu. Ainneoin na difríochta in aois eatarthu, dúradh go raibh Marie Louise chomh mór i ngrá lena fear céile is a bhí seisean léise: ‘There was a great disparity in their ages... but he loved her and she returned his love and was proud to be the wife of so great a man.’ Laistigh de bhliain, ar an 21 Deireadh Fómhair, 1882, rugadh mac darbh ainm George dóibh i dteach thuismitheoirí Marie Louise i Rock Ferry, Cheshire, Sasana. Dhá bhliain ina dhiaidh sin rugadh Louise i Cimiez. Lean a deartháir, Bryan, í sa mbliain 1886 agus Thomas, nó Tom mar ab fhearr aithne air, sa mbliain 1888.

Ba é George ainm athair Marie Louise; ní léir céard as a tháinig Bryan ach is ainm uasal é agus an ‘y’ sin ann. Bhí ainmneacha sheanmhuintir Gavan Duffy, John, Frank, Charles agus Philip in úsáid cheana féin sa gcéad dá chlann. Céard faoin ainm Tom? Insíonn Leon Ó Broin an scéal faoin am ar cuireadh Gavan Duffy chuig an Mairie ‘to register the last of his many children. Manlike, he forgot the name his wife had chosen, but, without a moment’s hesitation, he said, “We’ll call him Thomas”, the Christian name of the two men he had loved most Davis and O’Hagan.’

Dar leis an tSiúr Petra (Léile Ní Mhongáin) bhí Marie Louise ‘óg, ruafholtach glas-súileach, gealgháireach, diaganta’. Thugadh na comharsana Madame Bonjour uirthi bhí sí chomh cairdiúil sin, an focal Bonjour le roinnt aici le chuile dhuine a casadh uirthi. Má bhí lagmhisneach ar Charles Gavan Duffy le linn na mblianta roimh ré, bhí chuile shórt togha faoin am seo, an tríú bean ghleoite aige le haire a thabhairt dó agus é ag éirí críonna, agus clann úrnua a bhronnadh air. Le linn an phósta sin freisin d’éirigh leis saothar eile a chur i gcrích: sa mbliain 1886 d’fhoilsigh Chapman and Hall, London The League of north and south: an episode in Irish history, 1850-1854. Ach bhí tubaiste eile i ndán do Gavan Duffy.

Cailleadh Marie Louise ar an 17 Feabhra, 1889, ocht seachtaine tar éis di Tom a thabhairt ar an saol. Faoi mar a bheifeá ag súil, bhí Gavan Duffy trína chéile: ‘I work and wait neither unwilling to remain or [sic] to go when the summons comes’ a scríobh sé i litir chuig Henry Parkes. Agus má bhí seisean trína chéile, níor thaise do na páistí é.

Seans gurbh í an uair dheireanach a chonaic George, Luíse agus Bryan a máthair go raibh sí sínte ar leaba luí seoil, a babaí nuashaolaithe ina baclainn aici. Dá mb’amhlaidh a bhí, ní bheidís ag ceapadh go gcaillfí sa leaba chéanna í. Bhí a fhios aici féin go raibh an bás i ndán di: d’fhág sí £100 an duine ag a páistí ach aois a lán-aosta bainte amach acu. Adhlacadh Marie Louise, máthair Luíse, sa Cimetière des Catholiques de Caucade i Nice.

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar shaol Gavan Duffy le tuiscint gurbh fhear praiticiúil é. Is cuma cé chomh trína chéile is a bhí sé: bhí a thríú bean marbh agus ceathrar páistí faoi bhun seacht mbliana d’aois le tógáil aige. Bhí obair le déanamh freisin – saothar a chur i gcló, teach le reáchtáil, seirbhísigh a fhostú agus a choinneáil faoi smacht, bia le hordú, cúraimí an tí le déileáil leo agus, ar ndóigh, aire a thabhairt dó féin.

Chuir sé fios láithreach ar a iníonacha ón dara pósadh, a raibh cónaí orthu san Astráil, áit a raibh siad breá sásta ag breathnú i ndiaidh a gcúraimí féin. Agus an scéal faighte acu ba ghearr go ndeachaigh Susan, Harriet agus Geraldine ar bord loinge, gur bhain siad Cimiez amach agus gur ghlac cúram theach a n-athar chucu féin. Ag an am sin ní raibh sé neamhchoitianta ag deirfiúracha neamhphósta dul chun cónaithe i dteach a bhfear gaoil. Is minic a léitear faoi na haintíní díomhaoine nó na deirfiúracha gan phósadh, ach i gcás theaghlach Ghabhánach Uí Dhufaigh bhí triúr ban i gceist. Ba leasdeirfiúracha pháistí an tríú clann iad agus ba iad a gcolanna cúigir freisin iad.

Dhá scór is dhá bhliain d’aois a bhí Susan agus naoi mbliana is tríocha a bhí Harriet ag an am, an bheirt acu níos sine ná Marie Louise, tríú bean a n-athar; bhí Geraldine trí bliana is scór d’aois. Fágadh faoin triúr sin seilbh a ghlacadh ar an bhfolús a bhí fágtha i ndiaidh aon mhná amháin. Go deimhin, níor lig Gavan Duffy a thríú bean i ndearmad. Chuile oíche, sula ndeachaigh sí a luí, bhronnadh sé dhá phóg ar Luíse; ceann amháin di féin, an tarna ceann i ndilchuimhne ar a máthair a cailleadh is ar ainmníodh ina diaidh í.

Ba ar an gcaoi sin a tharla gurbh éigean do Luíse fás aníos faoi chúram na leasdeirfiúracha nó the sisters mar a thabharfadh sí orthu níos deireanaí agus í ag scríobh chuig George. Deirtear nach bhfuil sé éasca riamh do bheirt bhan aon chistineach amháin a roinnt. Sa gcás seo bhí teach amháin á roinnt ag triúr, ach bhí cúraimí faoi leith acu.

I Melbourne, agus a máthair féin cruógach ag tabhairt páistí ar an saol agus á dtógáil, thugadh Susan aire do bhainistíocht an tí agus bhreathnaíodh sí i ndiaidh a mbíodh idir lámha ag na seirbhísigh le go gcuirfí béilí blasta ar fáil d’aíonna a hathar. Ba iad na cúraimí céanna a ghlac sí chuici féin i Cimiez mar aon le cúrsaí rúnaíochta. D’fheidhmigh Harriet mar dhochtúir agus mar bhanaltra dá hathair a raibh aire ag teastáil uaidh níos minice ag an bpointe sin: cé gur bhain na fadhbanna sláinte céanna dá scamhóga, bhí radharc a shúl ag dul in olcas i gcónaí. Is cosúil go raibh Geraldine ró-óg ag an am chun cúraimí faoi leith a ghlacadh chuici féin, nó gur éirigh léi iad a sheachaint. Mar chuid dá gcúraaimí freisin, chaitheadh an triúr acu tréimhsí ag traenáil agus ag oiliúint na bpáistí agus ag súgradh leo.

Maíonn Leon Ó Broin go gcaithfidh go raibh Susan agus a deirfiúracha trína chéile nuair a phós a n-athair den tríú huair. Gan dabht, caithfidh gurbh ábhar iontais dóibh é a fheiceáil ag pósadh a gcol ceathrair agus í chomh hóg sin, í ag glacadh chuici féin na dualgais ba dhual dóibh féin. Ba mhná cráifeacha iad a bhí gafa lena raibh ceart is cóir, áfach. Má bhraith siad múisiamach nuair a phós a n-athair Marie Louise, caithfidh go raibh a gcroí ag briseadh le haithreachas nuair a cailleadh í.

Sna ceithre bliana déag a lean bás Marie Louise, is a chaith Charles Gavan Duffy ar an bhfód, bhí folús ollmhór fágtha i dteaghlach Ghabhánach Uí Dhufaigh, go háirithe i measc na bpáistí óga. Lasmuigh sa ngarraí is sa gceantar máguaird ní raibh ach athrú beag amháin le sonrú: cé gur choinnigh na bláthanna orthu ag bláthú agus gur lean an ghrian uirthi ag taitneamh, ní bhíodh guth binn Marie Louise Gavan Duffy le cloisteáil ag beannú Bonjour do na comharsana.

Tá Luíse Ghabhánach Ni Dhufaigh: Ceannródaí foilsithe
ag LeabhairCOMHAR

NOTAÍ

1
Tugaim an litriú ‘radio’ anseo agus tríd síos mar gurb in a d’úsáid an craoltóir náisiúnta suas go dtí 2009, in ainneoin go raibh an litriú caighdeánach ‘raidió’ ann ó na 1950í (Carbery, 2009).

2
Dúbhghlas de hÍde a thug ‘craobhscaoileachán’ agus ‘gléas-gan-sreang’ ar 2RN ar an oíche oscailte. Tá plé ar na téarmaí seo ag Mac Congáil, 2007. Féach chomh maith Clarke, 1986: 42-3.

3
Léiríonn comhaid éagsúla sa Chartlann Náisiúnta go dtugtaí ‘stáisiún forleata’ nó ‘stáisiún foirleathta’ (tá go leor éagsúlachta sa litriú) ar Radio Átha Luain/Radio Éireann sna blianta luatha nuair a bhíothas fós ag socrú na téarmaíochta a bhain leis an meán nua. Foilsíodh liosta téarmaíochta dar teideal ‘Craobhsgaoileachán’ in An Claidheamh Soluis ar 2 Eanáir 1926, ceaptha ag fear a ndéanfaí Rúnaí na Roinne Poist agus Teileagrafa de ar ball, Leon Ó Broin. Is díol spéise iad cuid de na téarmaí a cumadh.

4
Deineadh trácht ó am go chéile ar a laghad ceadúnas raidió a bhí ag muintir na Gaeltachta i gcomparáid le ceantair eile agus luadh bochtaineacht na Gaeltachta mar údar leis sin. Dar le suirbhé in 1945, ní raibh ach 10 faoin gcéad de mhuintir na Fíor-Ghaeltachta a raibh gléas raidió acu (NAI S13756A, arna atáirgeadh in Watson, 2003: 131; féach chomh maith NAI TW6385).

5
Mar sin a litríodh ‘raidió’ sa teideal – léiriú eile ar luaineacht an litrithe sa tréimhse réamhchaighdeánach seo.

6
Leon Ó Broin. Charles Gavan Duffy, Patriot and Statesman. Lth. 137.

7
Leon Ó Broin. Charles Gavan Duffy, Patriot and Statesman. Lth. 153. Sna ‘hAdmhálacha’ ar leathanach vi, deir Ó Broin gur léigh Luíse script an leabhair níos mó ná uair amháin agus go raibh a cúnamhsa ar fáil dó agus an tionscadal á chur i gcrích aige; gabhann sé buíochas léi as ‘background information and personal details which were not otherwise obtainable’ a chur ar fáil dó. Níl aon fhonótaí ag baint leis na sonraí pearsanta seo síos tríd an leabhar; glactar leis, mar sin, gur ó bhéal Luíse a tháinig an blúire suimiúil seo, mar aon leis na cinn eile atá le fáil i leabhar Uí Bhroin is a thagraítear dóibh sa mbeathaisnéis seo.

8
An tSr Petra, O.P. (Léile Ní Mhongáin). ‘Ceannródaí Oideachais’. Lúise Gabhánach Dhufaigh agus Scoil Bhríde. Eag. Mairéad Ní Ghacháin. Lth. 15 (ón alt ‘Ceannródaí Oideachais’ a foilsíodh san Irish Press den gcéad uair ar an 10 Aibreán, 1984).

9 Cyril Pearl. The Three Lives of Gavan Duffy. Lth. 220.

10
Féach: ‘Uacht agus Tiomna Deiridh’. Lth. 54.

11
1848 an uimhir atá ar an bplota inar adhlacadh í; ‘Louise, Lady Gavan Duffy’ an t-ainm atá ar an leac.

12
Leon Ó Broin. Charles Gavan Duffy, Patriot and Statesman. Lth. 137.

13 Ibid. Lth. 152.

14 Ibid.

Celia de Fréine