Conchúr ar Chnoc Janiculum ...

Proinsias Mac a' Bhaird

Tugann Proinsias Mac a’ Bhaird ar thuras chun na Róimhe sinn sa sliocht seo as as a úrscéal bleachtaireachta nua

Cé gurb é an dara cnoc is mó i gcathair na Róimhe é, níl Cnoc Janiculum áirithe ar sheacht gcnoc thraidisiúnta na Sean-Róimhe. Tá sé ar an taobh contráilte d’abhainn na Tibire agus taobh amuigh de bhallaí na cathrach ársa. Deirtear gur ón dia Janus a fuair sé a ainm, radhrac breá uaidh ar an chathair uilig idir nua agus aosta. Tá na seacht gcnoc thraidisiúnta ar an taobh thoir den Tibir, cúig cinn acu clúdaithe le séadchomharthaí, foirgnimh agus páirceanna; tá halla chathair na Róimhe ar Chnoc an Chaipeatóil agus is láthair seandálaíochta í an chuid is mó den Chnoc Palaitíneach. Tá Il Gianicolo, mar a thugann muintir na Róimhe air, ina áit chónaithe ag saoránaigh shaibhre agus ag lucht bóihéamach na cathrach araon. Cé nach ndéarfá gur fear saibhir nó bóihéamach a bhí ann, sin an áit ar casadh Conchúr Ó Braonáin ann an tráthnóna áirithe seo.

Iriseoir a bhí ann agus gealladh faoi. Céim mhaith bainte amach aige agus tairiscintí oibre go leor faighte aige. I ndiaidh dó tamall a chaitheamh ag obair leis an Derry Journal agus le stáisiún raidió áitiúil, ofráladh post dó leis an Irish Independent agus bhog sé go Baile Átha Cliath go lánaimseartha. Ba bheag sásamh a bhain sé as an obair ansin, áfach. Iriseoir óg mar é, cuireadh é ag clúdach na scéalta ba lú tábhacht. Tuairiscí ar mhionchásanna cúirte, preasráitis ranna rialtais, a raibh ar siúl ag an cheiliúrán seo nó ag an cheiliúrán siúd…

Na hiriseoirí ba shine, chuireadh siad comhairle air corruair agus iad i dteach tábhairne inteacht fá lár na cathrach, foighne a bheith aige. Dhéanadh siad mórtas eatarthu féin, ag déanamh amach gur thosaigh siad uilig an dóigh chéanna. Cuid de phróiseas na foghlama a bhí ann, dar leo. Ba ghnách le Conchúr iad a choimhéad, seanchaite agus tuirseach, beo i ndomhan beag dá gcuid féin. Ar léir dóibh ar chor ar bith an saol taobh amuigh dá gciorcal beag féin, ciorcal a bhí bunaithe agus cothaithe ag cúlchaint, béadán agus éad?

Bhraith sé nach raibh comhairle óna leithéidí siúd uaidh. Cibé rud a bhí i ndán dó sa tsaol, níor theastaigh uaidh a bheith cosúil leo, soiniciúil agus caol ina n-aigne. Caithfidh sé nach mar sin a bhí siad i gcónaí. Gach seans go raibh siad idéalach dóchasach ina n-óige, iad ag iarraidh a bheith éagsúil ón ghlúin a chuaigh rompu. Is cosúil, áfach, gur rug an saol greim sceadamáin orthu, gur umhlaigh agus gur mhúnlaigh cora crua na cinniúna iad go dtí go raibh siad díreach cosúil leis na daoine a chuaigh rompu.

De réir mar a bhí na blianta ag dul ar aghaidh, thuig sé go raibh cuid den chruas agus den tsoiniciúlacht ag teacht ann féin agus chuir sin lagmhisneach air. Le gairid bhí sé le meabhrú aige nach mbeadh de réiteach ar an scéal ach saol na hiriseoireachta a fhágáil ina dhiaidh, a sciatháin a leathadh, triail a bhaint as rud inteacht úr. Muna ndéanfadh sé amhlaidh b’fhéidir go bhfaigheadh an beaguchtach seo, tréith nár bhain leis ariamh ina shaol go dtí seo, an lámh in uachtar air.

Ach ar ndóigh, ba dheacair an rud ar fad a chaitheamh san aer. Bhí an tír ag fulaingt faoi chúlú eacnamaíochta, bhí daoine a chuaigh chun na scoile leis ag tabhairt an bháid bháin orthu féin, bhí an obair gann. Bhí an t-ádh dearg air post de chineál ar bith a bheith aige, go háirithe agus nuachtáin mar an Independent ag dul in iomaíocht le hardáin nuachta ar líne. Theann sé a chár ar a chéile agus lean sé air, é ag iarraidh a chloigeann agus a intinn a choinneáil os cionn an díomá, rud ab fhánach aige go minic.

Ní ag scríobh faoi mhionchúrsaí an tsaoil a bhí sé níos mó. In ainneoin an bhuairimh intinne a bhí air, d’oibrigh sé go crua, scríobh sé na scéalta amaideacha agus d’fhreastail sé ar na cúirteanna dúiche. D’aithin eagarthóir an nuachtáin an tallann a bhí ann agus de réir a chéile tugadh freagrachtaí níos mó dó. Scéalta níos mó le clúdach. Mar sin féin, de réir mar a chuaigh sé chun cinn sa cheird, ba lú agus ba lú an spéis a bhí aige inti.

An chuid ba mhó den nuacht a bhí le clúdach agus le scríobh fúithi, ba dhrochnuacht í. Bhreathnaigh sé ar an tsaol thart air agus thuig sé nach raibh aon dúil aige ann. Rith sé leis ar uairibh, laetha nuair a bhíodh greim daingean ag an ghruaim air, nár mhiste leis imeacht ón tsaol féin, go minic níor léir dó an cuspóir a bhain leis mar shaol. Dar leis, bhí beagmheas ag daoine air, iad in éad leis fiú. Bhíodh daoine pléisiúrtha cairdiúil leis os a chomhair. Labhraíodh siad go sibhialta leis ach bhí a fhios ag Conchúr go mbainfeadh na daoine céanna na cosa de dá gceapfadh siad buntáiste a bheith ina mhacasamhail de ghníomh dóibh.

Thriail sé agus é in ísle brí ar fad labhairt le síciatraí. Labhair sé léi fán ghruaim a mhothaigh sé, fán dóigh nach bhfaca sé cuspóir ar bith ina shaol, fán fhonn a thiocfadh air corruair deireadh a chur leis an tsaol chéanna. Mhol sise cúrsaí piollairí dó; níor bhac sé fiú lena mbailiú ón chógaslann. Ní raibh ach rud amháin a dúirt sí a luigh le ciall dó. Bhí briseadh de dhíth air, b’éigean dó imeacht.

An t-imeacht sin ba chúis leis a bheith ar Chnoc Janiculum an tráthnóna earraigh seo. Ní raibh aige i ndáiríre ach cara nó dhó a bhféadfá fíorchairde a thabhairt orthu ar fhoireann an Independent, ach mar a tharla ba dhuine acu sin eagarthóir an nuachtáin, Lorcán de Brún. Eisean a mhol dó gan an jab agus gach a raibh aige i mBaile Átha Cliath a chaitheamh san aer, ach sos gairme a ghlacadh, am amuigh le rud inteacht eile a dhéanamh, tabhairt fá dhúshlán úr fiúntach. Bheadh fáilte roimhe pilleadh ar an nuachtán nuair a bheadh sin déanta aige.

Bhí Conchúr buíoch de. Bhí a fhios aige go maith nach raibh mórán eagarthóirí nuachtáin mar é ann. I gcuid mhór áiteanna, ba chuma cé chomh holc is a bhí na hiriseoirí, bhí na heagarthóirí míle uair ní ba dhéine. Ar ndóigh, thiocfadh leis an Bhrúnach a bheith géar go maith fosta. Níor fhoighnigh sé go rómhaith le falsacht ná neamhinniúlacht agus bhí sé chomh géarshúileach grod le fear ar bith eile, ach ar chúis inteacht, bhí dúil aige i gConchúr. D’aithin sé an ábaltacht agus an mhacántacht a thug Conchúr chun a chuid oibre. Ar ndóigh bhí sin ina chúis eile do Chonchúr gan mórán cairde a bheith aige san oifig nuachta. Ní dual do pheata an mhúinteora gean a bheith air i measc na ndaltaí.

Shiúil sé leis fríd na sráideanna beaga caola a raibh cuma na haoise orthu. Shílfeá is tú ag déanamh do bhealaigh fríothu nár tháinig athrú ar bith orthu leis na cianta, go n-aithneodh Rómhánach a shiúil na cabhsaí seo trí chéad, ceithre chéad bliain ó shin na tithe agus na radharcanna céanna. Stad sé tamall ag Il Fontanone, scairdeán uisce ollmhór déanta de mharmar bán a thóg an Pápa Pól V mar fhoinse uisce do dhaoine a bhí ina gcónaí ar an chnoc. Trasna an bhealaigh ón scairdeán, bhí leataobh agus binsí sráide air, áit a raibh radharc galánta uaidh ar chathair iomlán na Róimhe. Shuigh sé ansin tamall.

Bhí sé beartaithe ag Conchúr leabhar a scríobh. Sin a thug chun na Róimhe é an chéad lá ariamh. Leabhar staire fán cheangal fhada a bhí idir an chathair shíoraí agus oileán na hÉireann. Bhí an stair thart air in achan áit anseo. Ó thréimhse na nÉatrúsach go dtí an tSean-Róimh, ó fhás na Críostaíochta go dtí an Renaissance. Bhain stair níos nua-aimseartha leis an chnoc seo fosta. Thart ar chéad méadar uaidh troideadh cath fíochmhar sa bhliain 1848 idir fórsaí na Fraince agus fórsaí Phoblacht na Róimhe faoi cheannas Garibaldi. Bhí dealbha de thírghráthóirí na hIodáile, Garibaldi ina measc, le feiceáil ar fud an Janiculum.

Ní ar throdairí na hIodáile a bhí aird Chonchúir inniu áfach, ach ar shéipéal beag a bhí cóngarach don scairdeán mórthaibhseach uisce, séipéal San Pietro in Montorio. D’éirigh sé agus shiúil sé síos an bóthar i dtreo an tséipéil. Bhí boladh cumhra ón ghaoth a bhí ag séideadh fríd na crainn mhóra sa pháirc ar an taobh dheas den bhealach. I ndiaidh leathchéad slat d’fhoscail an bóthar amach i gcearnóg bheag agus ansin ar chlé bhí an séipéal.

Ón taobh amuigh, bhí cuma shimplí air. Ní raibh ornáidaíocht mhór ar bith le feiceáil ar aghaidh an tséipéil. Bhí staighre agus léibheann os comhair an dorais mhóir adhmaid agus balla mór rua-oráiste ag ceangal bhalla deas an tséipéil le foirgneamh a bhí i bhfad ní ba ghalánta ar fad, Acadamh na Spáinne sa Róimh, a bhí lonnaithe i seanchlochar a bhí tráth i seilbh na bProinsiasach. Idir an dá fhoirgneamh, bhí áirse a bhí ceilte faoi sceacha. Istigh ann bhí cúirt bheag agus foirgneamh beag cruinn de dhearadh an Renaissance ina lár, an Tempietto. Creideadh ag am amháin gur céasadh Naomh Peadar ar an spota sin agus thug Ferdinand agus Isabella na Spáinne airgead leis an tséadchomhartha seo a thógáil.

Chuaigh Conchúr suas na céimeanna agus bhrúigh sé an doras trom adhmaid isteach roimhe. Ní ar mhaithe le Naomh Peadar, Garibaldi nó ealaín an Renaissance a bhí sé anseo ach ar mhaithe leis na mairbh. Istigh sa tséipéal seo os comhair na haltóra, bhí Aodh Mór Ó Néill agus Ruairí Ó Dónaill, Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill, curtha i gcuideachta Chathbharr Uí Dhónaill, deartháir Ruairí.

Isteach sa phóirse bheag leis agus dhruid na doirse móra ina dhiaidh de phlab. Choinnigh siad tormán agus trup na cathrach amach agus bhuail an ciúnas trom Conchúr, an ciúnas agus an dorchadas.

Bíonn boladh ar leith i séipéil atá chomh haosta le San Pietro in Montorio. Boladh na gcéadta bliain de chéir, túis agus allas. Is cosúil go súitear na bolaithe seo isteach i gcreatlach an tí, isteach ina chnámha féin. Thóg Conchúr lán a ghaosáin den bholadh isteach. Tháinig boladh eile chuige, snas, ola, ní thiocfadh leis a bheith cinnte. Bhí sé géar ina pholláirí.

Bhí na fuinneoga sa tséipéal ard ar na ballaí agus níor lig siad mórán de ghrian thláith an earraigh isteach. Thóg sé leathbhomaite ar shúile Chonchúir dul i dtaithí ar an leathdhorchadas.

Plab!

Briseadh ar an chiúnas. Caidé a bhí ann? Rud inteacht ag titim, shílfeá. Agus é sa phóirse bheag, ní raibh Conchúr cinnte an as an taobh amuigh nó an taobh istigh den tséipéal a tháinig an cleatar. Bhí fuinneog bheag sa phóirse a thug radharc ar an phasáiste láir a rith i dtreo na haltóra. An raibh rud inteacht feicthe aige thuas ansin ag an altóir? Shíl sé go bhfaca sé dhá chruth mhóra ina seasamh ar dhá thaobh na haltóra. Sa doilbhe, ní thiocfadh leis a bheith cinnte. Bhrúigh sé amach doras cliathánach an phóirse.

Go tobann lasadh an séipéal le splanc gheal tine. Dalladh Conchúr. Ní raibh roimh a shúile ach bladhaire geal. Ansin chuala sé an scread. Scread neamhdhaonna, ach ina chroí istigh, bhí a fhios aige gur as béal duine bheo a tháinig.

Fágadh ina dhealbh bomaite é, ach ansin fuair an sruth aidréanailín a scaoileadh fríd a chorp greim air. Idir rith agus titim rinne sé a bhealach suas an pasáiste i dtreo na tine. Bhí an scaladh níos laige agus bhí radharc na súl ag teacht ar ais níos fearr chuige.

Chonaic sé é. Chonaic is tháinig stad ina chosa. Istigh i lár na tine, bhí cruth duine, duine a bhí ag iarraidh scread léanmhar a ligean as ach a bhí tachta ag an toit dhubh a bhí á slogadh aige. É ag iarraidh éalú ó na bladhairí ach gan de chumas ann éirí óna ghlúine, amhail is go raibh deamhain ifrinn á tharraingt anuas. Thit an fear dóite spréite ar an urlár is tháinig stad lena streachailt.

Bhí Conchúr ina staic ag amharc ar radharc seo an uafáis ach ansin nuair a chonaic sé an fear ina luí gan bogadh, tháinig sé chuige féin. D’amharc sé thart go friochanta. Bhí bratach ar crochadh ag ceann de na bocsaí faoisidine. Rith sé chuige gur tharraing sé an t-éadach óna ráille. Dheifrigh sé ionsar an fhear bhocht a bhí anois ina luí ina chnap síos ón altóir agus thosaigh sé ar na bladhairí a cheansú leis an éadach throm.

Bhí fuinneamh na tine ag ísliú agus gan mhoill d’éirigh leis na bladhairí a mhúchadh. Bhuail an boladh é, boladh milis feola. Thiontaigh a bholg agus ba ar éigean a bhí sé in ann stop a chur leis an tsamhnas a d’éirigh ann. Thit sé siar, sioscadh??? chraiceann an fhir mhairbh ag líonadh a chluas. Dá mbeadh an goile aige dó, d’fhéadfadh sé iarracht a dhéanamh ar phóg na beatha a thabhairt dó, rud inteacht a chuideodh leis an fhear bhocht, ach bhí a fhios aige go raibh an créatúr seo ó aon chuidiú den tsórt. Thug sé fá deara an dá dhealbh, ceann ar achan taobh den altóir. Dhá aingeal ag amharc anuas ar an bheirt fúthu, cuma na trua ar a n-aghaidheanna marmair.

Ní fhaca Conchúr an duine fá chulaith dhubh a bhí á choimhéad go géar ón Cappella de Raymondi, ceann de na taobhshéipéil bheaga ag cúl theach an phobail. Fiú dá n-amharcfadh Conchúr thart agus dá mbreathnódh sé díreach ar an cappella, ní fheicfeadh sé é, gléasta mar a bhí ó bhonn go baithis in éadaí dubha agus ina sheasamh sna scáilí dorcha. D’fhéach an fear seo go grinn ar Chonchúr, á scrúdú is é ag iarraidh cuidiú leis an tséantóir a bhí anois ina luí marbh ar urlár an tséipéil. Scrúdaigh sé aghaidh an Éireannaigh óig, gach gné de. Fear a bhí ann nach ndéanfadh dearmad ariamh d’aghaidh. I ndiaidh bomaite, shleamhnaigh sé amach as an cappella agus síos go cúl an tséipéil agus amach an doras gan oiread agus gíog a ligean as.

Bhí Conchúr ag teacht chuige féin. Bheadh air scéal a chur chuig na póilíní. Tharraing sé amach a ghuthán. Cén uimhir a bhí ann do phóilíní na hIodáile? Ní fhéadfadh sé smaointiú air. Thriail sé 999 ach leis an chreathán ina lámh, bhuail sé na cnaipí contráilte agus ní bhfuair sé de bhuíochas ach ton marbh.

Ba chuma. Caithfidh sé go raibh aláram de chineál inteacht sa teach pobail. Anois go díreach a chonaic sé na soilse gorma fríd an fhuinneog ard ag cúl an tséipéil. Bhris dordán fríd an chiúnas agus b’iod póilíní agus fir dhóiteáin ag plódú isteach fríd an phóirse bheag. Sheas sé agus bhog amach as an bhealach, a lámha ardaithe aige. Cé go raibh troistneach ag briseadh amach sa tséipéal, ba dheacair dó a shúile a bhaint den fhear a bhí ina luí marbh ar an urlár.

Ba ansin a chonaic sé é. Bhí géaga an fhir dhóite spréite amach ar an leac. Idir an dá chos chonaic sé íomhá greanta ar an leac, pictiúr de lámh agus cros dhearg ina glaic aici. Armais Uí Dhónaill. Bhuail sé é mar a bheadh bríce san aghaidh. Dódh an fear seo ar mhullach uaigheanna na dtaoiseach Gael, Ó Néill agus Ó Dónaill.

Proinsias Mac a' Bhaird