Ogden Gnash

(D’Ogden Nash 1902-1971)


Ogden, a ghrá,
is mór mo chrá
gurbh é an diabhal cólslá
a chriog do cholainn bhreá
’s gan agat an seachtó slán
is gur tharla san
i mBaile an Tí Mhóir dár thug do chroí grá
ba mhó ná do ghrá don Úll.
Dá gcloífeá leis an bpairslí, a thaisce,
níor lú do ghaisce!
Trí do ghalar gáifeach, Ogden,
dá mairfeá glan
nach tú a chumfadh dán
lena gcacfaí an diabhal cólslá
glan amach as do phrócairín.