LÁMH, LÁMH EILE Alan Titley (CIC 2018)
Léirmheas: Anna Heussaff
Bhí mé ag súil le Lámh Lámh Eile, úrscéal nua Alan Titley (CIC 2018), a léamh. Aoir ar sheánra na bleachtaireachta a bhí geallta - céapar coiriúlachta nó ‘crime caper’ ina gcuirfí gnásanna na scéalaíochta seo as a riocht ar mhaithe le greann agus le léasanna léargais. Bhí nod le fáil ó theidil na luathchaibidlí go dtiocfadh snáthanna ó thraidisiún na Gaeilge i gceist sa scéal: Bean an Fhir Rua, Cabhair Ní Ghoirfead, Béal Feirste Cois Cuain. Bhainfinn sult as líofacht shaibhir shoibealta Ghaeilge an údair; agus bhí mé ag súil freisin le gontacht ghéarchúiseach san insint ós cuid riachtanach í sin den stíl noir lena dtosaíonn an scéal. Ní hí an ghontacht is túisce a shamhlaítear le stíl Titley, ar ndóigh, ach bhain sé úsáid iontach íogair aisti ina úrscéal Gluaiseacht, sa léiriú coscrach a thug sé ar bheirt óg agus iad ar a dteitheadh ón Afraic ar thóir dídine san Eoraip.
Maidir le Lámh, Lámh Eile, is bleachtaire den chineál traidisiúnta é Shamus, reacaire an scéil atá cortha den saol ina oifig bheag dhorcha. ‘Bhí comhaid os mo chomhair amach ach gan fonn orm iad a thochas ach an oiread lem thóin. Ní raibh fonn orm mo thóin a thochas ach oiread…’
Tá sé ar tí éalú leis ón oifig ach seo chuige bean a bhfuil a fear céile imithe gan tásc. Níl gach cuid dá fear gan tásc, áfach, óir tugann sí bosca do Shamus a bhfuil leathlámh a fir istigh ann. Tuigimid gan mhoill go mbeidh idir áiféis, uafás agus amhras ár dtionlacan agus sinn i mbun tóraíochta láimhe agus géaga eile ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, ó Chill Chainnigh go Corcaigh agus tuilleadh.
Turas bóthair atá mar bhunstruchtúr ag an scéal, dáiríre, agus Shamus ag sciolladh is ag feannadh ar bhailte beaga tuaithe na hÉireann is a muintir ar feadh a bhealaigh. Tagann coirpigh éagsúla inár láthair agus an plota á thiubhú acu; ach is minic gur mó spéis an bhleachtaire ina chuid smaointe fánacha féin, san imeartas focal agus sa mhagadh soiniciúil ná sa ghnó fiosraithe atá ar bun. Más mar aoir iar-nua-aoiseach atá amhlaidh, fágann sé easpa teannais sa scéal go rómhinic, agus easpa bleachtaireachta lena chois sin. Go deimhin, ó tharla Shamus ar nós cuma liom sách minic faoi cé a rinne pé rud a rinne nó cén fáth, níorbh fhada go raibh m’fhiosracht féin mar léitheoir agus an fonn a bhí orm na leathanaigh a iompú ag imeacht i léig.
Tá greann, géarchúis agus spraoi foclaíochta tríd síos, mar a bheimis ag súil:
Shíl mé go bhfaca fabhra ag ardú oiread na fríde, ach b’fhéidir nach raibh ann ach míoltóg a bhí ag lorg compánaigh ar ribe gruaige eile…
Leathnaigh miongháire ar a aghaidh a bhí chomh caol le sliotán bainc…. (Ansin) leathnaigh an béal amhail is go raibh leamhain na hoíche le slogadh aige…
Tá an leabhar breac le habairtí pléisiúrtha den sórt céanna, agus cuid acu breá gonta, géar. Ach is rímhinic freisin gurb é greann chlós scoile na mbuachaillí a roinntear linn, agus ‘broim’, ‘tóin’ ‘bod’ agus na gníomhartha a ghabhann leo á lua go tréan le súil go spreagfaí scolgháire. Bíonn blas ar an mbeagán i gcás na droch-chainte, dar liom féin; ach mar a deir an bleachtaire le linn eachtra amháin, ‘níor thráth caolchúise seo beag ná mór’. De réir mar a bhí an leabhar á léamh agam, bhí mé ag tuirsiú den bhladhmann, den áibhéil, den athrá mórchúiseach agus fiú den síorimeartas focal dá dheisbhéalaí é.
Mar sin féin, seans go mbainfinn sásamh go leor as imeachtaí barrúla, lúbacha an phlota agus as an gcríoch dhrámatúil murach gné áirithe den úrscéal a chuir iontas ar dtús orm agus an-olc ina dhiaidh sin. Tá an pobal siúil lárnach ann ón uair a dtagann Mama Seoighe isteach san oifig agus an leathlámh sa bhosca aici. Seo a leanas samplaí den chur síos ar charachtair éagsúla ón bpobal siúil:
Duine acu a bhfaca mé a shamhail sa mhúsaem réamhstaire roimhe seo...
Lámha fada ag cuimilt na talún agus ailt ar cóimhéid le cloigne…
Dá mba mhian liom go sracfaí géag liom as gualainn rachainn go dtí an zú…
Shílfeá gur ag dul chun móna a bhaint a bhí sé, agus doirne a dhá lámh ag scríobadh na pábhála, nach mór…
Bhí cloigeann air a bhainfeadh an comórtas tornaip ab fhearr i gConnachta…
Duine a raibh aghaidh air mar a bheadh ag francach sa chúinne…
Tráchtar go magúil, míofar ar charachtair eile sa scéal ach is go leanúnach, lániomlán a dhéantar leis an lucht siúil é. Léirítear mar dhaoine iad atá tugtha don troid, don choiriúlacht agus don mhaoin gan mhíniú, agus gan nod ar bith tugtha gur mionlach ar leith den phobal céanna a bhfuil cáil den sórt sin tuillte acu. Cinnte, tá corr-iarracht ar iad a léiriú ina rógairí atá cneasta ach fíochmhar; castar bean óg amháin linn atá maighdeanúil, idéalaithe; agus deir an bleachtaire faoi na Seoighigh ag fíorchríoch an scéil gur ‘daoine uaisle’ iad. Ach is ríléir gur uaisleacht phrimitíveach sauvage atá á moladh nuair a thaispeántar faoi dhó iad ag troid go fuilteach, ainsrianta.
Tá an leabhar breac le habairtí pleisiúrtha den sórt céanna, agus cuid acu breá gonta, géar
Is trí ghuthanna na gcarachtar a dhéantar an léiriú nimhneach seo, gan amhras, ach is é rogha an údair é go gcuirtear steireéitíopa gránna inár láthair ar phobal a bhfuil a ródhóthain leatroim, drochmheasa agus féinfhuatha á bhfulaingt acu in Éirinn leis na glúnta anuas. Ar nós gach steiréitíopa, tá fírinne éigin ann a chuirtear as a riocht ionas go ndéantar bréag mhór den iomlán. Bhí súil agam go gcuirfí casadh cliste sa scéal i ndeireadh na feide a nochtfadh bréag a chuid claontuairimíochta do reacaire an scéil – a léirítear, dála an scéil, ina fhear léannta a bhfuil eolas aige ar Mháirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin agus Nuala Rua. Níorbh ann don chasadh, áfach, seachas leathiarracht ar laochas na miotaseolaíochta a nascadh leis an mórthroid idir Seoighigh agus Mac Donnchadhaigh.
Samhlaímis gur scríobhadh na sleachta thuas mar chur síos ar phobal eile a bhfuil taithí nach beag acu ar steiréitíopáil éagórach – muintir Chonamara, mar shampla, nó pobal na Nigéire in Éirinn? An ndéarfadh léitheoirí na Gaeilge nach raibh ina leithéid ach greann agus áibhéil spraíúil? An gceapfaí gur thábhachtaí an tsaoirse ealaíne ná an lipéadú easnamhach, éagórach?
Ar deireadh, bhraith mé agus an t-úrscéal á léamh agam gur scríobhadh faoi ródheifir é. Ba bhreá liom go mbeadh athmhachnamh déanta ag an údar air i bhfianaise na dtuiscintí a léiríonn sé ina cholúin nuachtáin. Ba bhreá liom go mbeadh éirithe leis an aoir, an áibhéil agus an deisbhéalaíocht a choimeád ach caolchúis, íoróin agus blas ar cheartas sóisialta a fhí leo freisin. Agus dá mbeadh moill déanta aige, cá bhfios ach go mbainfeadh sé adhmad don scéal seo as gearrshraith teilifíse den scoth a taispeánadh ar RTÉ an fómhar seo caite, ‘The Travellers’, inar phléigh an t-aisteoir John Connors dúchas agus stair an lucht siúil le staraithe agus le teangeolaithe, mar aon le scéalaithe i measc a mhuintire féin.
Rud amháin eile, b’fhéidir go bhféachfaí arís san athscríobh ar rólanna na mban. Máthair fhíochmhar; maighdean aoibhinn; banGhardaí (sic) óga saonta; agus raicleacha i mbun freastail óstáin a mbeadh fonn ar an mbleachtaire na cleití a scaipeadh le gach bean acu murach iad chomh gránna nó údarásach nó eile… in ainm Chroim agus na gclíséanna mallaithe…