A Farewell to English
'...they came like grey slabs of slate breaking from an ancient quarry, mánla, séimh, dubhfholtach, álainn, caoin.'
Níorbh é gur chuaigh Michael ar thóir na teangan ach a mhalairt, siosarnach na bhfocal a d’aimsigh é, fréamhacha dalla ag sleamhnú tríd an dorchadas lena mhealladh, lena tharraingt siar i dtreo oidhreacht nach raibh ach leath-leis.
Sin, ar aon nós, a mhothaíos féin, an chéad lá riamh dár léigh mé ‘A Farewell to English’. Na ribí gruaige ag ardú ar mo mhuineál, ciúnas go tobann sa tseomra, ag leathnú, ag méadú... Bhíos fé dhraíocht aige, díreach mar a bhí Michael féin fé dhraíocht ag na focla a tháinig chuige gan choinne. Níorbh fhada nó gur mhothaigh sé fé gheasa chomh maith.
Bhíodar ann a cháin é, roinnt a dhein ceap magaidh de, roinnt a bhí dall de bharr na míthuisceana agus cuid a d’úsáid an mhíthuiscint go soiniciúil, le míniú a thabhairt ar na fáthanna ba chúis leis an bhfile a dhroim a thabhairt don Bhéarla. Bhíos óg, ar ndóigh, óg ó thaobh na filíochta ar aon nós, ach ní fhéadfainn a thuiscint conas nár thuigeadar an rud simplí a tharla dó: tháinig na focla chuige, agus b’éigean dó iad a leanúint. File oilte, léannta a bhí ann, mar a deir sé féin “midnight-oiled in the metric laws”, níorbh aon mhaológ é, ba léir sin — más ea, conas nár tuigeadh cad a bhí i gceist aige, iompó go Gaeilge nuair a bhí Béarla den scoth aige ar bharr a mhéaranta, ainm in airde cheana féin tuillte aige i dteanga dhomhanda?
An réiteach ar an gceist a tháinig chugam fé dheireadh, d’athraigh sé mo shaol. Ní rabhadar in ann an difríocht a aithint idir véarsaíocht agus filíocht. Ealaín ársa an véarsaíocht, agus ní beag an ealaín í - ach tá rud eile atá gar di ar a dtugtar filíocht, rud a bhaineann úsáid as teicneolaíocht na véarsaíochta ach a bhfuil fuinneamh beoga fé leith ina croí istigh. Mar seo a aithním an difríocht eatarthu: is duine daonna, neach comhfhiosach, a scríobhann an véarsa as a thoil nó as a toil féin, bíodh gur le scil ‘s le paisean a thugann fén saothar — ach an fhilíocht a scríobhann an file, na focla féin a roghnaíonn iad féin; éileamh atá ann, nuair a chorraíonn dán sa chroí agus san intinn gan choinne - agus tá sé dlite don fhile glacadh leis an éileamh. Ní raibh aon dul as ag Michael, nuair a tháinig na focla chuige as an gciúnas, ach iad a leanúint. Nuair a bhím i mbaol mo mhisneach a chailliúint, iarraim ar Michael teacht do mo tharrtháil; déanaim na focla a aithris mar mhantra: mánla, séimh, dubhfholtach, álainn, caoin.