An Dán is ansa liom

Áine Ní Ghlinn
Airím gluaiseacht sa dán beag seo, aistriú, bogadh. Ó chruas go boigeacht is ar ais go dtí an cruas. Ó láidreacht go laigeacht is ar ais go dtí an láidreacht, ón gcinnteacht go dtí an ceistiú is ar ais ar nós mar a bheadh an scríbhneoir á ceistiú féin is ag ciorclú maidir lena cuid mothúchán faoi fhear na sráide. Leánn sí agus reonn sí, síneann sí chuige is tarraingíonn sí uaidh, tá sí reoite is leáite, cé go bhfuil achar idir í féin agus an fear seo feictear nach bhfuil iomlán an scéil ann is go bhfuil a smaointe fós measctha. Cloisim grá, tnúthán, fearg is aiféala sa dán. Feicim dathanna ag athrú ó ghorm an chruais go dtí glas an ghéillte. Ó chruas is liath ‘leacacha na sráide’ sa gcéad líne go dtí gur tháinig ‘leoithne bhog aniar chugainn/Ó dhúthaigh cois farraige’ ag deireadh an véarsa á bhogadh. Airím mar a bheadh clóca á chrochadh, ag nochtú fírinne a cuid mothúchán, gur tarraingíodh trí thimpiste isteach i scéal nua í nuair a thosaigh an comhrá seo. Cloisim a ghlór, tá sé muiníneach, sotalach, maistíneach. Feicim é, i gcóta fada báistí, aghaidh shiodgháireach dhathúil, a sheasamh cumhachtach daingean – ‘an tsiúráil réidh sin/fios do bhéasa féin agat’, bhí cumhacht láidir ag an bhfear seo tráth, greim. Tá cailliúint agus glacadh le tuiscint ins na focail, cailliúint ar mhuinín sa gcaidreamh: ‘ní leanbh ó aréir mé/A Chiarraígh shéimh sin.’ Glacaim gur tharla foghlaim áit éigin anseo, gur briseadh muinín, airím an cinnteachas ins na focail láidre: ‘Ach creid mé gur fhéadais/Mé a chur ó bhuíochas/Mo dhaoine féinig’. Airím doimhneas anseo sa gcaidreamh, go raibh an bhean seo sásta costas ard a íoc le bheith leis, go raibh sé éasca géilleadh don mhealladh ach go bhfaca sí anois gur chostas ródhaor é is í anois faireach agus níos airdeallaí do bhealaí is turas an ghrá.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn.