AN DÁN LEIS IS ANSA LIOM…

Theo Dorgan • Fionntán de Brún • Pádraig Ó Snodaigh • Cliodhna Cussen • Eiléan Ní Chuilleanáin • Ríona Ní Churtáin • Caitríona Ní Chléirchín

Cúlú Íde

Pádraig Ó Snodaigh

Dob aoibhinn liom Cúlú Íde an chéad uair a léigh mé é san eagrán a d’fhoilsigh Goldsmith Press i 1975: tá an dá véarsa deiridh thar barr agus nach suntasach an focal deireanach ann, yeos, agus na macallaí uilig atá ann ó stair na hÉireann, an smacht a shíl an aicme sin a imirt orainn. Agus is tábhachtach an rogha a dhein Michael nach aistriúchán ar ‘The Retreat of Ita Cagney’ a bhí i gceist ach athchuairt ar an dán agus ar an téama a chéad-dúisigh sé i ‘Prisoners’ a foilsíodh díreach roimh an dán Béarla ‘A Farewell to English’. Bhí Michael cairdiúil le Michael Kane – thiomnaigh sé The Binman Cometh dó – agus bhíodh Kane ar feadh i bhfad ag saothrú sa mhalartán teileafóin istoíche mar a bhíodh an Michael eile. Is mó leabhar de chuid an fhile a mhaisigh Kane, A Farewell to English, Adarca Broic, Ó Bruadair, agus Poems to Younger Women. Ealaíontóir le mósáic is ea Finola Graham, a mhaisigh Cúlú Íde ar ndóigh.

Phós sí Francis Stuart a iadh amach as domhan na healaíne agus d’fhulaing Finola as a dílseacht do Francis.

Death of an Irishwoman

Eiléan Ní Chuilleanáin

Nuair a iarradh orm focail scoir a rá os cionn chónra Mhichíl Uí Airtnéide, i marbhlann ospidéal Naomh Uinseann, baineadh geit asam, mar bhí Seamus Heaney i láthair. Cheapas gurbh eisean a bhí chun labhairt, agus ní raibh aon ní ullamh agam féin. Tháinig dán amháin chugam agus bhíos in ann cúpla líne de a rá, sin ‘Death of an Irishwoman’ as A Farewell to English (1975). Maireann an dán sin im’ chuimhne ón gcéad lá go bhfaca é, agus dar liomsa nochtann sé an bua a bhí ag Michael struchtúr a cheapadh nach bhfuil a éifeacht ag brath ar chosúlacht choitianta ach ar an mbearna féin atá idir dhá smaoineamh. Mar shampla, ‘Ignorant, in the sense/ she ate monotonous food/ and thought the earth was flat …’ Chun na fírinne a rá, an bhfuil aon cheangal ann idir an focal san ‘ignorance’ agus an bia gan athrú, ná idir an bia agus an bharúil go bhfuil an chruinne ar leibhéal? Ní hí seo an léim mhórálach is nós leis na modernists; siúlann sé go réidh, ciúin, agus tá sé ag brath ar thuiscint an léitheora go bhfuil ceangal ann idir na smaointe, ceangal atá bunaithe ar chultúr atá i bhfolach, ar an mbéaloideas a fhanann lasmuigh den chóras loighciúil – nó nach dtugann an córas sin aon aire dó.

Agus achoimre á déanamh aige ar an mbean atá á caoineadh aige, tá sraith ráiteas: ‘She was a summer dance at the crossroads./ She was a card-game where a nose was broken/ … She was a language seldom spoken’. Nota bene: ‘seldom’, ní ‘never’. An fógra maol á sheachaint aige i gcónaí. Agus an cleas a bhí aige greim éadrom a bhreith ar anam an duine, ar an gcód rúnda a thugann brí is beatha di. Tá sé mar a bheadh hologram ag crithlonrú nó gaoth bheag ag siosarnach. Níl an bua céanna ag éinne atá fágtha ina dhiaidh.

Dán do Rosemary

Cliodhna Cussen

Scríobh Michael Hartnett ‘Dán do Rosemary’ tráth go raibh an Ghaeilge, agus a bheith ag scríobh inti, ag fáil greim ar a aigne. “A language seldom spoken” a scríobh sé i ndán eile, ach bhí sí cloiste aige féin óna sheanmháthair. D’fhógair sé in Dán do Rosemary ; ‘caithfidh mé mo cheird/ a ghearradh as coill úr/ mar tá mo gharrán Béarla/ crann-nochta seasc’. Ag crosbhóthar a bhí Michael nuair a chum sé an dán. Bhí an caidreamh lena bhean Rosemary ag teip mar a mhíníonn sé sa dán: ‘easpa airgid ár síorsheilg thar pháirc ár bpósta’, i measc deacrachtaí eile. Faoin tráth sin dá shaol, agus cúraimí an tsaoil ag brú ó gach taobh air, tharla gur thug mé síob abhaile do Mhichael ó Thrá Lí.

Bhí tuiscint eadrainn agus muid i mbun comhrá mar gur thuigeamar beirt go raibh botún tubaisteach déanta ag ár muintir céad bliain roimhe sin nuair a thréig siad an Ghaeilge agus nuair a thosnaigh siad ag labhairt i mBéarla amháin. Tamall ina dhiaidh sin scríobh mé dán ag meabhrú na hoíche úd dom mar ní raibh comhrá ó chroí mar é againn arís.

Bhí aithne nach aithne phearsanta agam ar Mhichael i gcónaí agus aige-sean orm de bharr gur sa Chaisleán Nua a rugadh muid beirt agus bhí mo dheartháir an-chairdiúil leis, ach níos mó ná sin bhí cion agam air. De réir mar a tharla, scar Michael agus Rosemary. Ní dóigh liom gur aimsíodar ‘a Meiriceá’.

Nuair a dhírigh Michael ar an nGaeilge níor cuireadh aon rófháilte roimhe. Bhí ceisteanna á n-ardú i dtaobh chaighdeán a chuid Gaeilge, ceisteanna a ardaíodh i dtaobh an Ríordánaigh 30 bliain níos túisce. Ach léiríonn Michael a anam, a chuspóir, agus a ghrá sa tseoid sin de dhán, ‘Dán do Rosemary’, ina bhfuil a chumas agus a chroí nochtaithe aige.

An Turas ó Thrá Lí

Do Mhícheál Ó hAirtnéide

Le Cliodhna Cussen

Lean an comhrá eadrainn

Is an carr ag scinneadh abhaile

Thar tithe beaga ina gcodladh,

Ina neadacha i Sliabh Luachra.

Faoi ghile na hoíche Samhna,

Chlaon na cnoic

Go cairdiúil timpeall orainn

Ár dtionlacan ar aghaidh,

Muidne ar aon aigne

Faoi sheanchas Dhrom na Daoile,

Abha na Féile

Agus foscaí lúbacha na Sméarlaí.

Shoilsigh ár gcaint an Bhearna folamh

Is ghiorraigh an bóthar fada

Isteach i gCuileannach.

Ba thaibhreamh na súl oscailte é

Mar a dhruid ár bhfíseanna uilig le chéile

I ndúchaint bheannaithe na hoíche.