‘Bhí sé ina mháistir ar an ndán gairid agus an dán fada’

‘Bhí sé ina mháistir ar an ndán gairid agus an dán fada’

Labhair Comhar le Séamus Barra Ó Suilleabháin, file óg iarGhaeltachta, faoina chuid oibre féin agus faoi thionchar Mhichael Hartnett air

Cé thusa?

Ana-cheist! Bímse ag léamh dánta ó thraidisiúin mhisteacha an domhain – tagann ríomhphost chugham gach re lá ón suíomh www.poetry-chaikhana.com . Tá mistigh an domhain ar aon fhocal gur saghas ‘seachmall’ é an Féin, cé go mbíonn siad de shíor ag iarraidh an ceangal a fhiosrú. Cé ná fuil meas madra ag mórán daoine ar a leithéid anois, tá a leithéid riachtanach d’fhilí. Bhí Michael Hartnett gafa idir an dá dhomhan san; an chonair mhisteach agus an saol ábhartha. Fé láthair, is iad na misí atá sa tsiúl agamsa ná Buachalán Buí, Bacach agus Séamus Barra. Tá rian turgnamhach hip-hop á eisiúint ag ‘Bacach’ go luath agus an ceol déanta ag Ceartalán, fear poirt ó Lios Tuathail. Pé hé aon cheann acu, áfach, ní Mise é. An Féin - níl ann ach scáil ag corraíl mar a dúirt an fáidh. Uaireanta, ag gliúcaíocht dom isteach sa scátháinín ar maidin tar éis na fiacla a scuabadh, fiafraím ‘cé hé tusa, a dhiabhail?’ agus tagann súp go cluas orm. Cleachtas zen é sin, is dóigh liom, gáire magúil a dhéanamh faoi do scáil. Ach nuair a ghlaofaidh na housemates m’ainm, ansan, ag rá go bhfuil áraistí salacha le ní, fillfim ar an bhFéin de léim.

Uaireanta eile, ní gá bacúint le fiafraí. Táim sáite fé láthair in ealaín shoineanta .i. naïve art. Finola Leane ó Lios Tuathail, James Dixon ó Thoraigh agus go mórmhór ealaín Mhichíl Uí Ghaoithín .i. an File. Is breá liom an tslí ná bacann seisean le haon rud nach bhfuil gá leis a chur sa phictiúr. Santaím an íonacht aigne sin im shaol agus im shaothar. Cheart do gach éinne na rudaí atá mar bhrocamais inár radharc a ghlanadh as. Bheadh an pictiúr i bhfad níos soiléire – cé nach gá go mbeadh sé níos simplí – tá mistéir sa rud is lú! Bean go bhfuil a saol caite aici ag iarraidh ealaín An Fhile (Mícheál Ó Gaoithín) agus ealaíontóirí soineanta eile a chaomhnú is ea Maria Simonds-Gooding. An-mheas aici siúd ar ‘íostachas’ leis. D’inis sí dom nuair a bhíodh sí, blianta ó shin, i dteannta na mBlascaodach i nDún Chaoin sna 60idí, thugadh sí an-chuid aimsire leo sna naomhóga ag dul isteach don Oileán, dúirt sí nár fhiafraíodar di ach aon bhabhta amháin riamh, cad as í (ceist chasta toisc gur tógadh í idir Éirinn, an India agus Sasana). Glenbeigh a dúirt sí. Cheartaíodar í – Gleann Beithe, a chailín! agus níor chuireadar aon cheist faoi riamh uirthi ó shin. Bhí a ndóthain eolais acu! Ba mhór idir san a dúirt sí liom agus meon daoine eile a bhuailfeadh léi i dTig Khruger, ó Chorcaigh agus ó áiteanna mar sin, a bhíodh á clipeadh ag iarraidh gach cor de scéal a beatha a fháil uaithi nuair a chloisfidís blas a cuid Béarla.


Tá seans againn cé sinn féin a bhrath ná nuair ná fuilimid á mbodhrú ag allagar gan ghá – ach ag tabhairt aghaidh go soineanta ar an rud atá anois ann. É seo.

An ionann an aithne atá agat féin ort féin agus an aithne atá ag daoine eile ort, dar leat?

Is beag duine a chas orm riamh nár bhraitheas go rabhamar go hiomlán sa domhan céanna – fiú daoine a scanraigh mé nó a d’fhuathaigh mé, tuigim ná fuil oiread na fríde eadrainn. Is diail an cleas í an cine daonna. Cé go bhfuil scáileáin tar éis clathacha a thógaint idir daoine (fé mar a bhí faoi chaibidil in ‘Aisling Theicneolaíoch’ le Laoighseach Ní Choisdealbha, dánta’ chuaigh i bhfeidhm go mór orm go gcaitheas uaim mo fón android!) tá an-chumas sa duine teangmháil dhaonna chroíúil grámhar a dhéanamh le daoine eile fós, is cuma gaol nó stróinséir. Bímse i gcuideachta dream ó Abruzzo le bliain nó dhó, agus baintear preab asam leis an tslí aoibhinn atá acu chun béile a dhéanamh agus a bheith i gcomhluadar a chéile ag am proinne. Cott o crud lu foc la vedut! (“Te nó amh, tá an tine thíos!’) a deir siad agus na craosacháin ag cur tathaint orthu deabhadh a dhéanamh leis an bpiato.

Chuala gur dheas an cócaire é Hartnett.

Bhí daonnacht agus muintearas le feiscint agam ag fás suas anso leis gan dabht ach deinim amach go bhfuil cuid mhaith di á tachtadh ag leithlisiú an tsaoil chomhaimseartha Éireannaigh. Chonac agus chím an loit agus an mearathal a dhein(eann) an margadh, an teilifís, na meáin shóisialta, an t-alcólachas ar an ndaonnacht sa tsochaí iarchoilíneach seo. Tá brón orm má tháim diúltach! Ar fheiscint dom an t-iomard a d’fhágadar ar chinniúint mo mhuintire, tagann confach orm agus fonn díoltais. Ach ní haon mhaith d’éinne a leithéid. Is fearr an dóchas ná an duairceas. Mar a deirtear i Mionlach na Gaillimhe; tagann dúbhchán mór ar bheagán fearthainne.

Tá leathaithne agam ar bhean i gCiarraí agus pé uair a tharraingíonn éinne rud éigin anuas i gcomhrá ná tuigeann sí – polaitíocht, teas domhanda, Breatimeacht nó aon rud mar sin– is é an freagra céanna a thugann sí i gcónaí, ‘dhera nach cuma domhsa agus mé ag siúl na trá!’. Baineann sí siar as daoine leis an bhfreagra san ar a shon go bhfuil smut den gceart aici. Is ea, is fiú tabhairt fén dTráigh d’fhonn a bheith istigh leat féin, d’fhonn eolas a fháil ar Shlí na hAontachta, ach is é an t-aon bheart eile atá le déanamh ansan ná filleadh arís ar rince an tsaoil. Bhí manaigh foraoise Theravada ón Téalainn ag fanacht san ionad Sunyata i gcontae an Chláir ar feadh tamaill cúpla bliain ó shin agus d’fhanas sa mhainistir ag faire orthu ar feadh trí lá. Cloíonn siad le coinníollacha dochta, na manaigh sin ón dTéalainn. Na haon rud coiscthe orthu, fiú an chaint! Thaibhseofaí duit go bhfuilid i ndaoirse ach deir siadsan go bhfuil áilleacht agus saoirse leagtha amach dóibh ar an gconair righin seo! Riail eile a bhíonn orthu ná ní cheadaítear dóibh a gcuid bídh féin a fhás ná a ullmhú! Caitheann siad babhlaí déirce a líonadh gach lá le pé méid bídh a réiteodh na daoine dóibh mar dhéirce. Bhreá led chroí na daoine tuata ón dTéalainn ó gach cearn de chúige Mumhan a fheiscint ag líonadh na mbabhlaí dóibh le scoth an bhídh veigeatóraigh sula mbailídís sa teampaillín ag cantaireacht ina dteanga féin agus ag rinnfheitheamh fé thost. Is é An Búda a thug ar na manaigh an nós so a choimeád chun ná beidís riamh neamhspleách ar na daoine tuata ina gcommune dúnta féinig. Má bhíonn siad ag déanamh leas na ndaoine, ní fhágfaidh na daoine choíche a mbabhlaí folamh. Tá tábhacht le bheith ag maireachtaint ar scáth daoine eile. Fiú má dheinimid rud ar an mbean san i gCiarraí – an tráigh a shiúl agus gan aird a thabhairt ar an ndomhan inár dtimpeall seal, caithfimid filleadh ar an slua le haigne ghlan, ár gcuid a lorg, agus níos tábhachtaí fós, cuid na slua a thabhairt dóibh. Fé mar a scríobh an scríbhneoir agus taistealaí Danny Sheehy ar chlúdach leabhair a chonac i

dtigh an lá roimis a shochraid; mairimid ar a bhfaighimid agus bláthaímid ar a dtugaimid! D’fhágas an abairt sin scríte ar ghreamán beag gorm ar an gcuisneoir i gcistin an Ionaid Sunyata an mhaidin a bhailíos liom thar n-ais go dtí cathair Luimnigh.

Inis dúinn faoin oiliúint a fuairis sa Ghaolainn agus sa bhfilíocht. Conas ar deineadh file díot?

A bheith ag dianléamh gach líne de leabhartha mar Poems From The Irish le Gabriel Fitzmaurice. Dánta ó phlúr na bhfilí agus leaganacha Béarla lena gcois. Is mó preab a fuaireas ar lorg líne Gaeilge nár thuigeas san aistriúchán Béarla. Ní bheadh an líne san áit chéanna sa leagan Béarla! Na rannta iompaithe bunoscionn ag an aistritheoir d’fhonn an bhrí a mhúnlú i gcomhréir na teangan eile. Ana-cheacht le foghlaim ag an bhfile agus ag an bhfoghlaimeoir teangan. Ní haon iontas é go bhfuil cuid de na filí is fearr ina n-aistritheoirí den scoth. Michael Hartnett an sampla par excellence! Cuimhnigh air - thug Michael fé dhánta Naomh Eoin a aistriú go Gaelainn. Leaganacha nua de Lorca agus an Tao a dhéanamh. Ansan, Ó Bruadair, Ó Rathaille, Haicéad, Ní Dhomhnaill agus Rosenstock a aistriú go Béarla! Th’anam ’on diucs!

Is sa leabhar Poems From the Irish a chéadléas ‘An Phurgóid’. Mórdhán a tháinig glan amach as an dtraidisiún céanna le filí na Máighe, Ó Tuama agus Mac Craith, a raibh a gcúirt dheireanach acu sa bhaile céanna gur saolaíodh Ó hAirtnéide (Cromadh). Bhí Hartnett ag eascainí nuair a léigh sé an t-aistriúchán a dhein Gabriel, bhí sé chomh maith dar leis go gceapfadh na héinne gurbh é Mac Muiris a chum an bunleagan!

Thuig Ó hAirtnéide an cúram go maith nuair a dúirt sé, ‘we must labour to be beautiful’.

Inis dúinn faoi thionchar Mhichael Hartnett ort agus faoi do mheas air?

Cá dtosnóinnse! Dhá rud a thagann chun cuimhne; a mháistreacht ar a cheard agus éagsúlacht a shaothair. Bhí sé ina mháistir ar an ndán gairid agus an dán fada. Ó senryu Inse Chór go dtí Silence in Sibelius sna hÚraileacha. Dála Pessoa, thug sé fé claochlú iomlán a dhéanamh ar a ghuth, arís agus arís eile. Labhair sé linn i dteanga an leannáin, an fháidh agus na coitiantachta. Ina chéad chnuasach, chuaigh sé i ngleic le comhréir na seirce, ag iarraidh ‘mo ghrá thú’ a shaoradh as úim an chliché. Sa dán misteach The Tao, shiúlaigh sé conair ársa na misteach gan a gharraí féinig a fhágaint in iarthar Luimnigh. Ansan d’fhill sé ar na bearta crua a bhí le réiteach – ‘Tír bhocht bhuaidheartha, is uaigneach céasta!’. Labhair sé ar thaithí agus ar chás an duine agus na ndaoine sa bhfichiú haois le paisean agus le samhlaíocht, ag seasamh i gcoinnibh mheon cúnaigeanta an Stáit. Chuir sé roimis mian dhosháraithe an ealaíontóra a shásamh agus é sa tóir ar an áilleacht agus ar an bhfoirfeacht ina dhánta. Fiú ‘Cúlú Íde’, ní raibh ansan ach an tús ina shaothar Gaeilge. Tharla rud suaithinseach ann. Deir sé gur aistriúcháin an dá leagan ar aon dán amháin ach nárbh eol dó cén teanga a bhí sa chéad cheann! Léim Ó hAirtnéide go cróga isteach sa bhfolús san idir dhá theanga. Dhein sé an cinneadh sin agus gan eolas aige ar a raibh ag titim amach i gCorcaigh le Innti. Ba é an turas aonair aige é, ach ní turas in aisce.

Luimneach ... an luíonn an chathair seo ort mar bhróg nua, fearacht Mhichael Davitt?

Ní dheineann. Tá áiteanna ar fud na tíre gach aon phioc chomh gentrified leis an Luimneach go raibh Davitt ag déanamh cur síos air sa dán san. Cé gur breá liom an dán san gan dabht ar domhan agus go mbíonn mo phlaosc lán de chasadh na Gráige ag siúl abhaile istoíche!

An iarghaeltacht, cén saghas áit í?

Aon áit ar chuir an coilíneachas iachall ar na daoine iompó ar an dteanga iasachta, is cuma cathain a thit sé amach, Contae an Chláir sna 50idí nó Cill Mhantáin sa 18ú haois déag. Is breá liomsa an tslí go ndéanann Feirstigh ceiliúradh ar na Phaddies – na mangairí a thagadh aneas as Ó Méith ag díol sa chathair. Glacann siad lena scéal mar nasc oidhreachtúil eile leis an nGaeltacht stairiúil agus comhaimseartha. Aistríonn daoine. Is cuimhin liom argóint a bheith agam le ‘gníomhaí teangan Ceilteach’ lá, d’fhiafraigh sé díom agus é ag iarraidh iomaíocht a dhéanamh ar cé acu áit ‘is Gaelaí’, Oileán Mhanann nó Iarghaeltacht Chiarraí .i. cathain go deireanach a bhí cainteoir dúchais ann. Mo ghraidhin é. Dúrt leis go mbíonn cainteoirí dúchais fós ann agus tháinig mearathal air. Níor thuig sé go maireann, go n-oibríonn, go dtaistealaíonn agus fiú go lonnaíonn muintir na Gaeltachta in áiteanna lasmuigh den nGaeltacht. (Is ó theaghlach de mhuintir Shé ón bhFeothanach a d’fhoghlaimíos Gaelainn ar dtús. Sampla spéisiúil de theaghlach ón nGaeltacht ar éirigh leo a gclann a thógaint ina gcainteoirí dúchais agus iad teanntaithe ag Béarla. Is fiú go mór taighde a dhéanamh ar theaghlaigh mar seo. Tá Gaelainn fhuaimintiúil Dhuibhneach ag an nglúin sin de mhuintir Shé a mhaireann in Íochtar Chiarraí, éacht ceart!)

Is rogha idé-eolaíoch é Iarghaeltacht a thabhairt ar an nGalltacht. Ní leor an náisiúnachas mar bhonnchloch smaointeoireachta chun ár gcuid a éileamh. Caithfear an ghluaiseacht a cheangal go praiticiúil agus go teoiriciúil le forbairt na Gaeltachta beo. Sa tslí seo, beimid ag tógaint i gcoinne ghreim an ghalldaithe atá le fada inár gcuid dúthaí féinig agus ag seasamh ar son chearta na Gaeltachta – an dá mhaith d’aon iarracht. Dá n-éireodh linn san a dhéanamh bheadh mandáid chumhachtach againn. Ní féidir athrú meoin mar sin a dhéanamh gan anailís chriticiúil a dhéanamh ar an gcóras caiptlíoch atá in Éirinn agus an díobháil atá á déanamh ag polasaithe nua-liobrálacha do gach pobal, uirbeach agus tuaithe. Tá formhór de phríomhshruth na heite clé fiú dall air seo. Is cuimhin liomsa fiafraí de leaid ón bPáirtí Sóisialach lasmuigh de Bhrown Thomas, lá, an raibh aon bhileoga i nGaelainn aige dom. Adúirt sé (agus salacharaíl Gaelainne aige, más é do thoil é!) - ‘caithfimid tús áite mar eagraíocht a thabhairt don mBéarla, is í an ghéarchéim tithíochta agus an nualiobrálachas na clocha is mó ar ár bpaidrín agus caithfimid tús áite a thabhairt dó san, thar spriocanna cultúrtha.’ ...Spriocanna cultúrtha – foc mí. D’fhiafraíos de arbh eol dó go raibh ceantracha sa Ghaeltacht i measc na gceantracha is mó fé mhíbhuntáiste sa tír de réir fhigiúirí na príomh-oifige staidrimh agus go raibh an nua-liobrálachas agus an ghéarchéim tithíochta ag déanamh púdair de phobal na Gaeltachta chomh maith le gach pobal eile - cad fúthu san?

Is ait le daoine é a shamhlú ach bhí cainteoirí dúchais Gaelainne (nach Duibhnigh iad) fós i gCiarraí Thuaidh (an dúthaigh is galldaithe de Chiarraí) isteach sna 1940idí. Cailleadh duine acu, Diarmaid Ó Conghaile, i Lios Tuathail i 1947. Bhíodar imeallaithe agus dearmadta ar fad faoin am san – rud spéisiúil nuair a chuimníonn go raibh Conradh na Gaeilge in ainm is a bheith ‘an-láidir’ ar fad sa bhaile go dtí san. Bhí teangmháil ag máthair chríonna Mhichael Hartnett, Bridget Halpin, leis an gceantar. Is léir nach cainteoir líofa ab ea í seo, ach tuigim go mór do Hartnett nuair a deir sé go raibh tionchar ollmhór air ag na nathanna, focail agus an chomhréir Ghaelach a bhíodh le clos aige óna mháthair chríonna ag fás suas dó. B’iad na míorúiltí beaga seo (a mhaireann fós) an beagán gurbh fhéidir linn mórán a bhaint as – ach ar deireadh thiar, níl iontu ach iarsmaí. Iarsmaí nach fiú deoch uisce na n-ubh iad, muna n-athbheathófaí iad in éiceachóras folláin na teanga beo. Rud a dhein Michael Hartnett ina shaothar filíochta.

Cad ina thaobh go bhfuil rath ar an bhfilíocht labhartha?

Tá an fhilíocht úr atá le léamh agus le clos ar fheabhas. Eoin P. Ó Murchú, Caitlín Nic Íomhair, Laoighseach Ní Choisdealbha, Darragh Ó Caoimh, Ciara Ní É, Daire Ní Chanáin, Dubhán Ó Longáin, chomh maith le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Doireann Ní Bhriain agus iad san atá ag saothrú le stáir. Ath-léas Ceol Baile le Marcus Mac Conghail ó chianaibh. Is dóigh liom gur an-chnuasach ar fad é. Sin í an fhilíocht is deise liom, an fhilíocht a thugann ort do chlab a iamh agus umhlú do ghinias na healaíne. Cé gur cúng le daoine áirithe domhan na filíochta Gaelaí, ambaiste ach gur fearann claímh í atá atá lán de sheilgeoirí. Maidir le REIC agus LL – tá ana-dheis againn filíocht a thaibhléiriú mar tá traidisiún béil na gcéadta bliain laistiar dínn, agus éileamh ag an bpobal ar a leithéid! Níl aon rud is mó a thugann na Gaeil suas dó ná performance bríomhar. Tá sé fuinte sa DNA againn. Fiú na máistrí atá againn, Rosenstock, Ó Searcaigh, Jenkinson, nuair a chloiseann tú iad san ag léamh, tá ‘performance’ i gceist dar ndóigh. Is é an trua nár thóg níos mó d’fhilí móra atá foilsithe páirt in ócáidí mar REIC (mar a dhein Seosamh Ó Guairim) – ana-dheis is ea é. Bheadh sé spéisiúil comparáid a dhéanamh idir staid na filíochta sa Bhreatain Bheag agus abhus, chloíodar san go docht le meadarachtaí ina gcuid ceathrúin agus dá bhrí sin tá an fhilíocht mar ócáid phoiblí i bhfad níos láidre. Tá meon ana-oscailte acu súd i gcoitinne i dtaobh na ndeiseanna atá ar an ardán d’ábhar litríochta a thabhairt go dtí pobal níos forleithne. Ach ní bheidh faic ag éinne againn muna gcothófar criticeoirí gan trua, léirmheastóirí tuisceaneacha agus léitheoirí spallta.

Géillim i gcónaí don rud a deireadh Amiri Baraka: muna dtuigeann an pobal cad tánn tú ag rá, muna bhfuil do chuid ealaíne ag rá rud éigin (is cuma muna n-aontaíonn siad) i gcluasa an oibrí atá ag glanadh na leithreas nó ag obair ar an láthair thógála, ag an till i McDonalds nó ar an bhfón sa callcentre, ní bheidh d’oidhre ar do dhánta ach bromanna moncaí! Is minic a léas amach dánta Hartnett do dhaoine muinteartha nach léitheoirí móra iad – deiridís go raibh cuid acu ‘ró-fhoclach’ dóibh dar ndóigh, ach d’fhanfadh línte ina gceann agus dánta iomlána ar nós ‘Death of an Irishwoman’ a chuireann na deora lem shúile gach uair a léim é. Ach ní cheart go mbeadh an fhilíocht suarach nó baothánta ar mhaithe le lucht féachana a mhealladh. Tá go leor de san anois ann le filí instagram mar a thugtar orthu. Ar deireadh thiar, filíocht is ea filíocht is cuma más filíocht ó bhéal í nó filíocht scríte. Caithfidh tú do cheird a shaothrú go dúthrachtach ar an gcuma chéanna; athscríobh, bradaíl, cumadóireacht agus ceannairceacht!

Dá mbeadh deis agat bualadh le file atá caillte, cé a bheadh ann, cá raghadh sibh agus cad déarfá leis?

Focit, Ó hAirtnéide nó file stairiúil ar nós Pádraig Liath Ó Conchubhair. Nó b’fhéidir Aogán Ó Rathaille. Déarfainn gur fear stóinsithe ab ea é sin ach cuimhnigh ar an nGaelainn a chloisfeá uaidh. Tá a oiread san filíochta le clos agam ag daoine atá ar shlí an éithigh, nach gá dom a bheith ag santú aon chuideachta le daoine atá ar shlí na fírinne. Saolaíodh san am ceart mé. Beidh ócáid cheiliúrtha ar shaothar Ghabriel Rosenstock ag Imram i mbliana, le cúnamh Apaille, buailfidh mé le máistrí ansúd.

Cén t-ábhar inspioráide atá agat faoi láthair?

Naive art, Raymond Carver, Meascra Dánta Cuid a 1, Sorcha Ní Ghuairim, An Ghráig, speal brothaill lár an Fhómhair, mo chuid cairde iltíreacha i Luimneach, www.mubi.com agus Cartlann Bhéaloideas Éireann.

Bíonn tú páirteach i dtograí ilmheán - conas a chuireann siad san le do chuid dánta?

Conas a bhuafar ar Imram mar fhéile ‘ilmheán’! Bhíos an-tógtha le grúpa filí sa ghrúpa Orbita ó Laitvia. Tá físeáin agus seónna spéisiúla déanta acu, is breá na dánta a léamh leis.

An dán is ansa leat
le Hartnett?

Is dóigh liom gur luas cheana cuid de na dánta leis a fhanann liom. Fillim i gcónaí ar a shaothar. Seod ar mo leabharsheilf is ea mo chóipeanna de Anatomy of a Cliché agus Adharca Broic. Dá mhéad foirm a shaothraigh Hartnett, bhí sé dílis do thaithí agus do mheon a phobail féin i ndánta ar chuma ‘Maiden Street Ballad’. Ní file ceart tú muna bhfuil rannscéal fút ar bhéalaibh do dhaoine. Chualas-sa fear istigh i siopa troscáin i Lios Tuathail lá ag aithris an rann so a chum Micheál agus é ag taisteal timpeall Oireacht Uí Chonchubhair, ceantar na Féile.

Abbeyfeale is a fair old place,

Kilmorna wouldn’t grow a haw;

Lyreacrompane is the worst place of all –

But fuck me, Duagh!

Fear seoigh!