MICHAEL HARTNETT

Seán Tadhg Ó Gairbhí
MICHAEL HARTNETT

Fiche bliain tar éis a bháis, ar an 13 Deireadh Fómhair 1999, déantar ceiliúradh ar Mhícheál Ó hAirtnéide sa mhóreagrán speisialta seo.

Faoin uair a foilsíodh mórstaidéar Bhreandáin Uí Mhadagáin, An Ghaeilge i Luimneach, sa bhliain 1974, bhí cuid mhaith scríbhneoirí ón gcontae agus scríbhneoirí a bhí ag cur fúthu sa chontae ag saothrú trí Ghaeilge nó go dátheangach. D’airigh Hartnett é féin mar dhuine den chomhluadar seo:

It is interesting to note that there are many Limerick poets writing in the Irish language. Among them are Father Michael Liston, Cyril Ó Céirín, Séamas Ó Cinnéide, Mike Mac Domhnaill, Dáithí Ó hÓgáin, Art Ó Conghaile agus deireadh na hála myself – there has always been a strong tradition of poetry in Limerick city and county.

Tá sé tráthúil mar sin gur dánta ó fhilí atá bunaithe i gcontae Luimnigh atá againn san eagrán speisialta seo. Teist a saothar ar ráiteas Hartnett nach ‘córas é atá seargtha’ an fhilíocht ach ‘cnuasach á athrú’. Taobh leis na dánta sin, gheofar ailt agus aistí ar ghnéithe éagsúla de shaothar an mhórfhile Éireannaigh seo.

‘Ní taise do scríbhneoirí fiúntacha uile na Gaeilge é gur saothar tírghrá agus gafachta a saothar,’ a scríobh Liam Prút. B’fhíor do Phrút; is fíor chomh maith go raibh tuiscintí ar leith ag an bhfile dátheangach Mícheál Ó hAirtnéide/Michael Hartnett ar cad ba “thír” ann. Ní saothar ar son na cúise a cheap Hartnett ach saothar a thug freagra ón gcroí – trí bhíthin na hintleachta – ar bhuncheisteanna na daonnachta. An tráth gur foilsíodh A Farewell to English in 1975, b’ionann tír Hartnett agus tír shíoraí na sibhialtachta Gaelaí i gCúige Mumhan. Ach ba thír agus ba phobal dó chomh maith céanna a phobal chomhaimseartha féin in iarthar Luimnigh. Bhíodh ‘Mike Hartnett’ ag cumadh bailéad Béarla dá chomharsana an tráth go raibh Mícheál Ó hAirtnéide ag suirí le filíocht na Gaeilge. Bhí oiread eolais ag Ó hAirtnéide ar litríocht an Bhéarla agus litríocht na Gaeilge agus a bheadh ag scoláire lánaimseartha. Chuaigh sé i ngleic leis an oidhreacht dhéscaoilte a fágadh aige ar bhealach pearsanta. Leathnaigh sé a oidhreacht Bhéarla agus a oidhreacht Ghaeilge féin chun slí a dhéanamh do shnáitheanna iomadúla eile as litríochtaí iasachta, an Spáinnis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, an Laidin, an Ungáiris.

Ba dhúiche samhlaíochta ag an bhfile Inse Chóir agus áiteanna eile ar fud na cruinne: ba leis gach pobal. Mhol Séamus Heanay ‘dream force’ agus ‘documentary rightness’ shaothar Hartnett. Bhí an ceart ag Heaney. Tá, mar a shampla, a chúlú ón mBéarla fréamhaithe i bhfreagairt mhacánta ar chúinsí stairiúla ar leith: polasaithe rialtais agus feachtas an Language Freedom Movement, bochtanas, féiniúlacht mhuintir na hiarGhaeltachta, féiniúlacht iltaobhach an fhile féin. Ní bolscaireacht a chum Hartnett, ach freagra fileata a gineadh ar bhonn instinne agus a chleachtadh mar cheird.

Agus dúshlán á thabhairt an athuair do na seanchinnteachtaí sa saol mórthimpeall orainn, ní miste dúinn athchuairt a thabhairt ar shaothar misniúil rí-eiticiúil rí- ealaíonta an fhile seo.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie