‘My son will say these words…’

Paddy Bushe
‘My son will say these words…’

Tugann saothar aistriúcháin Michael Hartnett cead agus slí isteach dúinn i saol eile, a deir Paddy Bushe

Ba aistritheoir bisiúil é Michael Hartnett le linn a shaoil scríbhneoireachta. Go luath sa tsaol scríbhneoireachta sin, d’fhoilsigh sé leagan den Tao agus d’fhilíocht Sikong Tu. Dhein sé leagan Béarla de Romancero Gitano le Federico Garcia Lorca, agus mhaígh sé gur d’aon ghnó len é sin a dhéanamh a chuaigh sé chun cónaithe sa Spáinn. D’aistrigh sé ábhar ón tSean-Ghaeilge agus ón Meán-Ghaeilge, leagan suntasach de ‘An Chailleach Bhéara’ san áireamh. D’aistrigh sé rogha leathan de shaothar Nuala Ní Dhomhnaill. Dhein sé leagan Gaeilge de dhán fada leis an scríbhneoir Ferenc Juhász faoin dteideal An DamhMhac. D’fhoilsigh sé saothar le hAogán Ó Rathaille, le Dáibhí Ó Bruadair agus le Pádraigín Haicéad. Sa leabhar iarbháis leis, Translations (Gallery Press, 2003), foilsíodh don gcéad uair leaganacha Béarla de Catullus agus Heine. Ina theannta sin, d’aistrigh sé a shaothar féin, ó Ghaeilge go Béarla agus sa treo contráilte chomh maith. Agus tá A Necklace of Wrens (Gallery Press, 1987), rogha dá chuid dánta Gaeilge maille le haistriúcháin leis féin, ar cheann dosna leabhair filíochta is fearr a foilsíodh in Éirinn, in aon teanga, sa dara leath don bhfichiú haois. Ach ina dhiaidh sin, ní ar a shaothar aistriúcháin sa ghnáthchiall amháin ná go príomha ba mhaith liom díriú. Go deimhin féin, an chuid is mó dosna dánta go mbeidh mé ag féachaint orthu, ní aistriúcháin nó fiú leaganacha iad sa ghnáthchiall in aon chor.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Paddy Bushe

Is file agus aistritheoir é Paddy Bushe.