Síle

Síle

Pádraig De Bhál

Séimh agus álainn

Éirimiúil agus umhal

Uasal, íseal.

Ba thubaiste gan insint dúinn

Tú bheith buailte síos

Le galar annamh anaithnid.

Shleamhnaigh do neart uait

Go mall mall staidéartha.

Theith an dath ó do leiceann.

Ag faire ort sa leaba

Is tú fós ag iarraidh bheith dearfa

Ag iarraidh féith an ghrinn

A bhí go flúirseach ionat a

A choinneáil faoi bhláth.

Baineadh taom bróin ó chroí asam

Mothú láidir an uaignis.

Fíorthrua dóibh siúd

A bhí gar duit

Do chlann ag faire ort

Is tú ag teitheadh uathu.

Ag druidim chun deiridh anabaí.

Nach ainnis gur ortsa

A thit an tubaiste

Tusa a bhí beomhar

Croíúil, cairdiúil

A thuill meas ó chách

De bharr do chuid séimhe.

Anois an lasair múchta ionat.

Níl dabht ar bith agam

Ach go bhfuil d’anam gléigeal

Báite anois i ngile Dé.