Sneachta Gealaí ’ 77 

Fionntán de Brún
Sneachta Gealaí ’ 77 

Mé féin faoin aer san oíche,

ag speachadh seoda sneachta i bpáirc,

gach teach reoite, gach nead préacháin

mar ghealach dhubh ag snámh le hais na fíor-ré.

Mé féin ag damhsa faoin ngealach,

seanrince gan cheol leis ach ceol cuisle:

is mé féin go huaigneach – an seanuaigneas.

Thar imeall na spéire tá céasadh is goin

is an bás go fonóideach

a lámha ina phóca

ag feadaíl sa tsráid;

mé féin sa sneachta gealaí

ag moladh nead préacháin –

an file go sotalach, foclach, slán.

Tá roinnt dánta ag Ó hAirtnéide ina bpléitear dála an fhile agus na filíochta féin. ‘An Muince Dreoilíní’, mar shampla, dán ina gcuimhníonn sé ar an lá agus é ina bhuachaill óg ar thuirling dreoilíní ar a ucht mar a bheadh muince ann. Ba é an míniú a bhí ag a sheanmháthair ar eachtra na ndreoilíní gur chomhartha é go mbeadh sé ina fhile.

B’in an lá ar thuirling ceird a éilíonn ómós:

is d’fhág a n-ingne forba orm nár leigheasadh fós.

Beannacht agus mallacht araon atá sa cheird sin a thuirling air, gairm a éilíonn ómós ach a fhágann forba air san am chéanna.

Contrárthacht den chineál chéanna atá á promhadh aige in ‘Sneachta Gealaí 77’ agus sa leagan Béarla ‘Moonsnow 77’, is é sin díomhaointeas agus dualgas na filíochta féin. Tá an file amuigh faoin aer leis féin oíche ghealaí, ‘ag speachadh seoda sneachta i bpáirc’. Má tá díomhaointeas na healaíne san íomhá sin féin, réitíonn sí an bealach don íomhá a leanann: ‘gach teach reoite, gach nead préacháin/ mar ghealach dhubh ag snámh le hais na fíor-ré.’ Is anseo atá éirim fhuascailteach na filíochta, an fhís a bhaineann an cailicín de na súile agus a bhaineann as ár gcleachtadh sinn.

Sa chás seo, ceadaíonn an tsamhlaíocht domhan eile ina mbíonn an ghealach dubh seachas geal. Is i ndomhan malartach sin na féidearthachta atá spéis an fhile, ní hí an ‘fhíor-ré’ is cás leis ach an ghealach dhubh a d’fhéadfadh a bheith ann. Is chuige sin atá sé ag damhsa leis féin faoin ghealach, ‘seanrince gan cheol leis ach ceol cuisle’. Ní ceol a chluintear taobh amuigh ach a bhraitear taobh istigh, ag preabadh sa chorp féin. Ach is den seanrince sin ‘an seanuaigneas’ a luaitear ag deireadh an chéad véarsa, an ceol nach gcluineann aon duine eile ach é féin ionas nach mbíonn sé ar an iúl le daoine eile.

Is iad na daoine eile is cás leis sa dara véarsa. ‘Thar imeall na spéire tá céasadh is goin’. Tá an leagan Béarla níos cinnte faoina bhfuil i gceist, ‘Over the border, torture and wounds’. Tá trioblóidí an tuaiscirt ina n-uafás thar imeall na spéire fhad is atá sé féin sa sneachta gealaí ‘ag moladh nead préacháin –/an file go sotalach, foclach, slán’. Tá clabhsúr den chineál chéanna leis an dán ‘Sneachta Gealaí 78’/ ‘Moonsnow 78’, dán molta nead préacháin a chríochnaíonn leis an dá líne, ‘tá dath na fola dearmadtha/ anseo i nead na Mumhan’. Is é is suntasaí faoi seo go leanann an file air ag moladh nead préacháin, go dtagann ‘Sneachta Gealaí 78’ i ndiaidh ‘Sneachta Gealaí 77’. Tuigeann sé go bhfuil céasadh agus goin thar imeall na spéire ach cloíonn sé le hobair dhiamhair na samhlaíochta mar sin féin.

Baineann a bhfuil ‘thar imeall na spéire’ le dualgas na daonnachta, an dualgas a leagtar ar an fhilíocht bheith i bpáirt le daoine seachas dul in abar sa liricúlacht phríobháideach aonair. Ach má mhothaíonn an file dualgas éigin i dtaobh na daonnachta, is dualgas é a bhféadfaí freastal air ar mhórán dóigheanna – nach bhfuil an domhan athraithe aige cheana in ‘Sneachta Gealaí 77’ agus ‘Sneachta Gealaí ‘78’ gan é ach ‘gach teach reoite agus nead préachán a shamhlú ‘mar ghealach dhubh ag snámh le hais na fíor-ré’?

Ar ndóigh, más go híorónta féin é, tá aird tarraingthe ag Hartnett ar na trioblóidí in ‘Sneachta Gealaí 77’ agus ‘Sneachta Gealaí 78’. Níl sé beag beann ar a bhfuil ag tarlú ar an taobh eile den teorainn. Os a choinne sin, cad é a thig leis a dhéanamh mar fhile? Gníomh agus fís na filíochta an freagra is fearr atá aige ar fhonóid an bháis, an té a bhfuil ‘a lámha ina phóca/ ag feadaíl sa tsráid’ – an duairceas dall sin ar namhaid don daonnacht é. A fhad is atá céasadh is goin thar imeall na spéire tá an daonnacht á cosaint ag an té atá ag speachadh seoda sneachta i bpáirc.

Fionntán de Brún

Is Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é Fionntán de Brún.