Claochló Oirthearach Uíbh Ráthaigh

Claochló Oirthearach Uíbh Ráthaigh
Is é seo an tríú cnuasach filíochta as Gaelainn le Paddy Bushe, an t-aonú cnuasach déag má chuirtear an Béarla san áireamh. Tá sé cinn de rannóga ann agus iad roinnte amach de réir téamaí éagsúla agus idir dánta bunúla agus aistriúcháin ann. Luaitear ana-chuid daoine, filí, ceoltóirí is béaloideasóirí ina measc, Gearóid Ó Crualaoich, Máire Breatnach, Ailean Dòmhnallach, Meg Bateman, Micheál Ó Ciarmhaic, Pearse Hutchinson, Dónal Mac an tSíthigh, Cathal Ó Searcaigh, Greallan Rourke, Nuala Ní Dhomhnaill agus Séamas Dall Mac Cuarta. Tá aistriúcháin ar dhánta le Aonghas Mac Neacail, Paul Celan, Rainer Maria Rilke, Catullus, Pablo Neruda, Srecko Kosovel, Frederico García Lorca, Manuel Rivas agus Hans Magnus Enzenberger. I dtosach an tsaothair tá ‘Móinéar’, dán a nochtann ana-chuid de bhuanna liteartha an fhile seo, slachtmhaireacht, tomhaisteacht agus grinneas , ‘tráithníní ceoil á sníomh is á gcasadh’ ag tabhairt cúrsaí cuimhne, cúrsaí ceoil agus cúrsaí ama le chéile. Tá suim sa bhfoirm le tabhairt faoi ndeara, sa chéad rannóg go háirithe, agus cruth nó patrún faoi leith le feiscint ar a shon ná cleachtar rímeanna nó rialtacht an tseantrealaimh liteartha. In ‘Púcaí’ mar shampla tá dhá chuid agus cúig cinn de línte in gach ceann, agus arís is táthallú ealaíonta an cheoil nó gabháil an cheoil i líon na bhfocal, atá i gceist, ‘scaoiltear an brí le sruth, focal le gaoth’. I measc buanna an fhile tá bua éisteachta nó mothálachta faoi leith a nochtann gnéithe suimiúla folaithe neamhurlabhrúla de chultúr an duine. Foilsíonn sé tré ‘camera obscura an ealaíontóra’, mar a deir sé in ‘Ag Tigh na Scáil’, cuid de na gréasáin ghanfhiosúla a nascann céadfaithe an duine leis an domhan aigeanta timpeall air nó uirthi.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Is file agus scoláire é Stiofán Ó Cadhla.