Inimircigh

Faighneog ramhar na mara,
an bád a tháinig chuig ár gcladaí,
an t-at eachtrannach
agus na mílte béal ag úscadh as,
a dteangacha ina ndrúchtíní
agus sram a bhfocal ar a liopaí,
a bhfeistis aisteacha,
agus flúirse leanaí ón mbroinn
ró-ghnóthach,
in ainneoin na tíre a d’fhág siad,
tír le cogaidh agus réabhlóidí gan mhaitheas,
ganntanas bia agus creideamh teann,
agus dia ag breathnú go géar ar
chiúnas na mban clúdaithe
I gcoirnéil a mbothán.

Na mílte acu ag teacht anseo,
chun an tír seo againne,
ina n-imircigh eacnamaíocha
le maothal ár ndaoine a shú,
lena bhfiacla lofa,
leis an dia ollmhór sin,
francaigh ár linne ag cogaint
ár gcarthanas.

Imeacht na nÉireannach, ina dteifigh, go Méiriceá, go Sasana,
go dtí an Astráil, go tír ar bith ar chlár na cruinne a thug,
agus a thugann fós, deis dúinn in aimsir an ghanntanais.

Idir an dá linn
táimid sásta ár macasamhla a chur ó dhoras
na tíre seo. Ceal spáis.

File agus scoláire í Ailbhe Ní Ghearbhuigh