Leabhair na Bliana 2019

Leabhair na Bliana 2019

richardoshea.com

Cuid de na leabhair a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí in 2019...

Cnuasach filíochta gan smál…

Aifric Mac Aodha

Laethanta an lagmhisnigh, ní thabharfá de shamhail ar chnuasach dátheangach filíochta Gaeilge/Béarla ach obair an daill ag déanamh bóthair don bhacach.

Is ann dóibh i gcónaí, buíochas le Dia: an mheitheal scríbhneoirí Gaeilge a mheabhródh cisil na teanga duit agus a ndéanfadh a mbriathra thú a mhealladh ar ais ó chonair ghabhlánach an Bhéarla.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite, d’eagraigh Liam Carson ócáid dar teideal ‘Laochra Móra na Seanlitríochta’ mar chuid d’fhéile Imram. Rinne Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson an cás ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeilge amháin in Amharclann Scabhat Smock, nuair a léigh siad go maorga as dhá leabhar a raibh (agus a bhfuil) leigheas iontu. ‘Ach do lorg a rianadh siar – sin saothar, sin obair,’ arsa Liam Mac Cóil, an oíche chéanna.

Lóchrann ba ea a léiriú-san; réalta eolais is ea fís a bhfoilsitheora, Darach Ó Scolaí. Ní ar chonair aonair atá siad. Déanann Seosamh Ó Murchú a lorg féin a rianadh siar agus aniar ina chnuasach filíochta gan smál, Athchuairt. Tá na dánta mórthábhachtacha ag Ó Murchú: ‘1916’, ‘Na Goirt’ agus ‘Dubhchloch’, cuir i gcás, agus tá dánta níos gaire don bhaile aige, chomh maith. Dánta a líonfadh do chroí agus a chuirfeadh an ghruaig ina seasamh ar mhullach do chinn – táim ag cuimhneamh ar ‘Ispíní le hÉirí Gréine’, mar shampla, agus an dán grá álainn sin dá bhean chéile, dar tús: ‘Do chluasa-sa a chuirim orm féin / le héisteacht le srutháin sléibhe Bach…’

Cnuasach na bliana: ábhar misnigh.

Athchuairt, Seosamh Ó Murchú (Coiscéim, 2019)





Súil eile ar litríocht na Gaeilge

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Bíonn sé de shotal i gcuid mhór againn a shamhlú go mbíonn an cine daonna ag dul chun cinn, go ropann an t-am ar aghaidh i líne dhíreach néata agus gur dul chun cinn agus forbairt gan aon agó a bhíonn ar siúl in imeacht an ama. Tugtar dúshlán do na tuiscintí sin sa dá leabhar atá roghnaithe agam thíos.

Sa leabhar Revivalism and Modern Irish Literature (Cork University Press 2019) le Fionntán de Brún, éiríonn leis fráma ailtéarnach a cheapadh don gcoincheap sin ar a dtugtar ‘athbheochan’. Déantar iniúchadh ar an athnuachan leanúnach a bhíonn ar siúl ar an gcultúr, ainneoin ár n-imní maidir le cúrsaí barántúlachta agus inmharthanachta.

Tarraingíonn an t-údar saothar raidhse teoiriceoirí chuige a shuíonn cás na Gaeilge i ndioscúrsa domhanda. ‘Súil eile’ ar litríocht na Gaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den gcultúr; nach maith go bhfuil teacht ag lucht an Bhéarla ar a bhfuil de shaibhreas smaointeoireachta agus d’uaillmhian intleachtúil ann. Leabhar tábhachtach é seo a mbeifear ag tagairt dó ar feadh tamaill fhada.

Tá uaillmhian nach beag ag roinnt le Agallamh sa Cheo le Ceaití Ní Bheildiúin chomh maith (Coiscéim 2019). Is maith mar a éiríonn léi an chodarsnacht a tharrac idir buanseasmhacht Chnoc Bréanainn agus guagacht lucht a dhreaptha. Bíonn a gcuid cúiseanna féin ag gach éinne aghaidh a thabhairt ar Bhréanainn agus déantar cur síos ar na pearsana seo gan bhreithiúnas. Tá an méid seo ag teacht go mór leis an léiriú a dhéantar ar an sliabh féin: é stóch, iontaofa. Glacann sé le rithim shéasúrach an ama agus é ag cur suas le baois agus gaois na n-oilithreach leis na cianta cairbreacha.

Cnuasach filíochta neamhchoitianta atá sa leabhar seo; tugann an t-ábhar scóip don bhfile a cuid buanna suaithinseacha a chur inár láthair i bhfriotal siúráilte.

Agallamh sa Cheo le Ceaití Ní Bheildiúin (Coiscéim 2019)

Revivalism and Modern Irish Literature (Cork University Press 2019) le Fionntán de Brún









Uscéal corraitheach tuisceanach

Caitlín Nic Íomhair

Leabhair na bliana? Is deas liom a rá gur cinneadh deacair é seo agus gur foilsíodh dornán leabhar eile a bhfuil an teideal seo tuillte acu, ach péire a lorgaíodh agus péire a gheofar.

Bítear ag súil leis go dtiocfaidh feabhas agus forbairt ar fhile ó chnuasach go cnuasach, ach is deacair sin sa chás go bhfuil an chéad saothar chomh haibí agus chomh láidir le Taisí Tosta le Seosamh Ó Murchú. Is annamh a thagann file inár láthair agus an promhadh pinn curtha de aige, ionas gur file déanta é láithreach. Sin a tharla i gcás Uí Mhurchú agus tá éacht eile déanta aige ó shin, nó tá sé ag feabhsú leis go fóill i bhfianaise an leabhair is deireanaí uaidh, Athchuairt. Tá scóip agus snoiteacht, fírinne agus fíneáltacht sa chnuasach fíorláidir seo. Bímis ag súil le huimhir a trí!

Má bhí léitheoirí na Gaeilge meallta ag fógra scoir Chois Life anuraidh, níl amhras ach gur tháinig críoch bhuach leis an chomhlacht le foilsiú an úrscéil Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin. Is é seo céad úrscéal Ní Leannáin agus is corraitheach, tuisceanach agus bunúil an scéal é. I dtosach an leabhair, déantar cur síos allabhrach ar shaol na príomhphearsan i measc a muintire féin i Málta sa bhliain 1917, ar ghnásanna na tíre sin agus ar chleamhnas Chití le saighdiúir Éireannach.

Agus an cogadh thart, titeann an dara leath amach i mBéal Feirste, áit a bhfuil an lánúin nuaphósta ag iarraidh tús a chur lena saol teaghlaigh faoi scáth na haimsire corraithí 1918-21. Braitear an teannas polaitiúil ag briseadh isteach ar shaol laethúil na beirte, chomh maith ar uairibh le teannas idirchultúrtha idir Cití agus na hÉireannaigh. Léiriú báúil a dhéantar ar an éan cuideáin seo de phríomhcharachtar agus baineann Ní Leannáin earraíocht chliste as cártaí tairngreachta agus as seanfhocail ó Mhálta mar chreatlach don insint.

Athchuairt le Seosamh Ó Murchú

Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin



Bímis ag caint ar ‘The Necessity for De-Anglicising and Decarbonising Ireland’

Antain Mac Lochlainn

Is é Cnámh (Éabhlóid) an cnuasach is fearr go dtí seo le hEoghan Mac Giolla Bhríde, gearrscéalaí. Buanna Eoghain mar scríbhneoir: abairtí ealaíonta seolta; friotal saibhir gan a bheith plúchta le seanchaint; dáimh aige leis na daoine lochtacha leochaileacha a chuireann sé inár láthair agus léirstean aige ar a meon is ar a mianta. Is cliste mar a tharraingíonn sé pictiúir le focail.

An teach feirme in ‘An Gunna’ nó an láthair thógála in ‘An Fear Marbh’ – chonaic mé romham iad agus mé ag léamh. Tá scéalta clasaiceacha ann agus scéalta ina scaoiltear snaidhmeanna na gearrscéalaíochta traidisiúnta. Féach, mar shampla, ‘Dóigheanna le Feiceáil’ – scéal chomh seachránach scáfar agus a chonaic tú riamh. Ní ghéilltear i scéal ar bith don chasadh chliste ná don deireadh drámatúil. Fágann na carachtair an stáitse agus téann an saol ar aghaidh. Faoin léitheoir atá sé a rogha brí a bhaint as.

Ach oiread le créatúr ar bith eile san aimsir chorrach seo, bím sa tóir ar shaothair neamhfhicsin le mé a thionlacan trí chaschoill na smaointeoireachta comhaimseartha. Tharla go bhfuil Michael Cronin i ndiaidh díriú ar an cheist is práinní dá bhfuil agus dá raibh ann riamh: slánú an phláinéid. (An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht, Foilseacháin Ábhair Spioradálta) Áitíonn sé go bhfuil ról ag an Ghaeilge, agus ag ‘mionteangacha’ eile, sa chath sin. Bíonn lucht stáit ag caint ar ‘an oidhreacht nádúrtha a thabhairt slán’ nó ar ‘ár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú’ amhail is nach bhfuil teanga agus timpeallacht fite fuaite ina chéile. Amhail is nach é an meon céanna atá ag bagairt ar an dá chineál: tús áite don rud a bhfuil fónamh agus brabús ann agus a chead ag gach rud seanaimseartha, míphraiticiúil ‘bás nádúrtha’ a fháil.

As seo amach, bímis ag caint ar The Necessity for De-Anglicising and Decarbonising Ireland.

Cnámh (Éabhlóid) Eoghan Mac Giolla Bhríde

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht, (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), Michael Cronin






Plota teann agus scaoileadh pléascach

Alan Titley

Is iontach an ráig reatha atá tagtha faoi na húrscéalta bleachtaireachta agus scéinséirí le tamall de bhlianta anuas. Ní raibh ach an chaolchuid ar fad díobh san Úrscéal Gaeilge, agus sin tamall ó shin anois. I ndéanaí aimsire, áfach, táimid go léir ag dul dóibh – Éilís Ní Dhuibhne, Anna Heussaff, Mícheál Ó Laoghaire, Mícheál Ó Ruairc, Seán Ó Dúrois, Celia de Fréine agus go fiú Cú na Fionlainne féin, Panu Petteri Hoglund (gan ach cuid an bheagáin a lua) – ionas gurb é an genre is bisiúla den phrós comhaimseartha anois é.

Cé go bhfuil dáta 2018 le Tairngreacht Phroinsiais Mhic a’ Bhaird níor nochtadh go dtí i mbliana féin é le cruinneas, agus is i mbliana a tosnaíodh ar cheann a ghlacadh de. Leabhar é ar bhaineas ardsult as maidir leis an gceangal atá déanta ann idir seansaol na hÉireann agus nua-shaol na Vatacáine, ar nós an naisc eile a dhein sé cheana le Rún an Bhonnáin. Scéal é a ghluaiseann go mear, a bhfuil carachtair bheoga ann, plota teann agus scaoileadh pléascach.

Ní luafainn gur dúradh gurb é Dan Brown na Gaeilge é ach amháin go bhfuil sin ar an gclúdach cúil (agus an Brúnach luaite i gcorp an leabhair istigh), ach is geall le masla é sin do Phroinsias, óir tá stíl shnasta sheolta aige murab ionann agus an fear eile a gcuirfeadh an neamhfhriotal cainte uaidh múisc ar bhlocán adhmaid. Tá cúinne dá chuid féin daingnithe leis an leabhar seo aige, cúinne a bhain sé amach leis an gceann cheana, agus ní beag de mhaíomh é go bhfuil cineál aitheanta scéalaíochta dá chuid féin um an dtaca seo cruthaithe aige sa Ghaeilge.

Leabhar sainiúil de shaghas eile ar fad é A History of Ireland in 100 Words le Sharon Arbuthnot, Máire Ní Mhaonaigh agus Gregory Toner a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann le fíordhéanaí. Is é atá ann scéilíní inléite faoi shanasaíocht go leor d’fhocail choitianta sa Ghaeilge, á rianadh siar go háirithe go dtí an bunús atá acu sa tseanteanga. Dá bhrí sin, más maith leat fios a fháil faoi conas a tháinig ann don fhocal gránna ‘todhchaí’, breis eolais a chur ar chac, nó dul amach ar an iomáint gan leabhar mór Liaim Uí Chaithnia a léamh sa leaba, seo é an bronntanas duit féin féinig fhéineach (agus mé ag dul seacha thar bráid, tugaim dom aire go mbaineann na húdair léannta eolgaiseacha leas as an bhfocal ceart Béarla ‘hurley’ i gcomhair ‘camán’ in ionad an leagain bharbartha sin ‘hurl’ ar shíl daoine le Béarla riamh gur briathar a bhí ann).

A History of Ireland in 100 Words le Sharon Arbuthnot, Máire Ní Mhaonaigh agus Gregory Toner

Tairngreacht Proinsiais Mhic a’ Bhaird



Tour de force stíle agus reacaireachta

Gearóid Denvir

Bhí tráth ann, agus ní rófhada ó shin é, nuair a bhí glór na bhfilí in uachtar i measc aos litríochta na Gaeilge, ach le blianta beaga anuas tá lucht an phróis, agus go háirithe lucht an úrscéil, ar thús cadhnaíochta. Mar a shonraigh Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, áfach, bhí na scéinséirí gann go maith i gcónaí. Tá leigheas ar an scéal sin le tamall, agus tá Tairngreacht le Proinsias Mac an Bhaird ar úrscéal sa seánra seo a sheasfadh comórtas le scéinséir i dteanga ar bith. Tá chuile shórt ann: dúnmharú, comhcheilg san Eaglais Chaitliceach, fórsaí dorcha de chuid na heite deise san insititiúid chéanna, plota ag ritheacht ó thír go tír. Agus an t-iomlán thar a bheith dea-scríofa agus bunaithe ar thaighde cuimsitheach agus ar obair pháirce. Airíonn tú, mar shampla, go bhfuil tú ag siúl sráideanna na Róimhe i dteannta an údair san úrscéal seo a mbeidh tú ag iompó a chuid leathanach ar luas mire d’fhonn a fháil amach céard is cor do Chonchúr bocht Ó Braonáin.

Seánra eile atá láidir go maith againn le roinnt blianta anuas an tÚrscéal Stairiúil, agus tháinig mé trasna ar sheoid aríst i mbliana agus mé mar mholtóir ar an gcomórtas Oireachtais don fhicsean liteartha, Dominium le Darach Ó Scolaí. Úrscéal thar a bheith sofaisticiúil é seo atá suite le linn imeachtaí polaitiúla in Éirinn sa 16ú haois agus samhlaíocht chruthaitheach an údair nua-aoisigh á gcur i láthair. Tá sé neadaithe ó thaobh ábhair agus teanga sa traidisiún agus éacht taighde agus teanga déanta ag an údar a aimsíos ardréim liteartha de theanga an lae inniu lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu, ach san am céanna tá an saothar soléite, sothuigthe do léitheoir an lae inniu. Tá léargas cruinn réalaíoch ann ar dhálaí sochaíocha agus polaitiúla na linne, mar is léir cuir i gcás ar an gcur síos ar chúrsaí cogaíochta agus ar chúinsí maireachtála na ndaoine ag an am. Bígí ag faire amach don leabhar seo!

Dominium : THE MAKING OF THE WESTERN MIND le TOM HOLLAND,
Leabhar Breac

Tairngreacht le Proinsias Mac an Bhaird



Friotal traidisiúnta agus téamaí tromchúiseacha

Réaltán Ní Leannáin

Tá éacht déanta ag Pat Barker in The Silence of the Girls (Penguin, 2018)

úrscéal stairiúil den chaighdeán is airde a chur ar fáil. Má tá sampla le fáil den mhéid is féidir a chur i gcrích ach fianaise scríofa, foinsí staire, taighde ar chianchultúr, samhlaíocht agus scil sa cheird a nascadh, seo anseo é. Tá léargas ar an chianaimsir anseo, inste trí lionsa na mban nach luaitear mórán i ságaí na SeanGhréigise, ach a bhfuil cur amach orthu ón ealaín agus ó iarsmaí na n-aimsirí sin. Cumtar fís láidir dúinn ina bhfuil na mná ó Chogadh na Traí i lár an aonaigh, fís atá inchreidte, comhsheasmhach agus a fhitear go hoilte leis an líon beag fíricí staire atá ar fáil dúinn.

Is cuid de sheánra scéalaíochta cianstairiúla í atá lán de dhea-shamplaí eile, ar nós Lavinia le Ursula K. Le Guin, Circe le, The Penelopiad le Margaret Atwood nó The Children of Jocasta le Natalie Haynes.

An chéad rud a thug mé faoi deara faoi chnuasach filíochta nua Mháire Dinny Wren, Tine Ghealáin (Éabhlóid, 2019), ná an clúdach. Ábhar ealaíne den scoth (Kim Sharkey) agus clúdach beag crua, beag go leor le sá isteach i mo phóca ar an bhus. Dhéanfadh aon scríbhneoir margadh leis an Bhás as a cuid saothair a fháil foilsithe ar ardchaighdeán mar atá anseo.

Ó thaobh ábhair de, má bhí oidhreacht an cheoil agus liriciúlacht na teanga léirithe ag Máire Dinny Wren cheana in Go mbeinnse choíche saor (2016), is amhlaidh gur soiléire arís na tréithe céanna sa chnuasach seo. Fíonn sí friotal traidisiúnta trí théamaí tromchúiseacha, ar nós athrú aeráide (‘Cad a Dhéanfaimid Feasta?’) agus cás na Maigdiléanach (‘An Marthanóir’). Ach fosta tá gnáthchúraimí an tsaoil faoi chaibidil ann, ar nós grá do thuismitheoirí atá imithe anonn in aois (‹Lámha mo Mháthara’), agus fiú tagairt do na héadaí a dhéanann Riverdance ar an líne (‘Damhsa’). An-chnuasach.

Tine Ghealáin, Máire Dinny Wren, (Éabhlóid, 2019)

The Silence of the Girls le Pat Barker (Penguin, 2018)



Litríocht a dhéanann léirmhíniú uirthi féin…

Ian Ó Caoimh

‘He then let loose a stream of English which overwhelmed me like the nocturnal water. I did not understand a single word.’ Deir Patrick C. Power sna nótaí a chuir sé le The Poor Mouth, a leagan Béarla de An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, go meabhraíonn cinniúint seo Bhónapáirt Uí Chúnasa, nach dtuigeann an teanga ina gciontaítear agus ina ndaortar chun báis é, ‘very many injustices inflicted on Gaelic speakers in Ireland during the years of British rule’, muintir Sheoighe i nGaillimh sa bhliain 1882 go sonrach.

Mórshaothar mionsonraithe is ea leabhar Margaret Kelleher ina gcíorann an t-údar foinsí comhaimseartha i nGaeilge agus i mBéarla chun an ciontú éagórach a shuíomh i gcomhthéacs an athraithe teanga, lena n-áirítear an mí-aistriúchán agus an ateangaireacht chúirte. Sa chaibidil chlabhsúrach dar teideal ‘Maithiúnas’ ríomhann sí an pardún do mhuintir Sheoighe a tháinig ón Stát anuraidh agus tugann sí aitheantas do Sheán Ó Cuirreáin, an t-iarChoimisinéir Teanga a thionscain feachtas chun an maithiúnas oifigiúil sin a bhaint amach. Ní luann Kelleher Myles na gCopaleen ach pléann sí a thógtha a bhí James Joyce leis an gcás, ar thagair sé go minic dó istigh i dtranglam teanga Finnegans Wake.

Is é atá i Croí Cine le Seán de Fréine (Cló Iar-Chonnacht) eagrán úr, méadaithe de leabhar a foilsíodh i 1990 i gcéaduair agus atá gann le fada ach ar tagraíodh go minic dó i gcomhthéacsanna éagsúla idir an dá linn. As an dán ‘Do Dhomhnall Ó Corcora’ le Seán Ó Ríordáin a thóg Seán de Fréine teideal an chnuasaigh seo de shleachta gairide as gach tréimhse de litríocht scríofa na Gaeilge. ‘Do chuala croí cine soiléir’ a mhaígh Ó Ríordáin i dtaca le Corkery agus is cluas le héisteacht leis an gcroí (nó an meon nó an fhealsúnacht saoil) céanna atá sa leabhar seo, más féidir a leithéid de ní luaineach a cheapadh go neamhchasta. Rangaítear idir phrós agus fhilíocht de réir ábhair agus tréimhse, nó is féidir dul ag ransáil beag beann ar chur chuige. Léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr na léitheoireachta atá i gceist gan idirghabháil an léirmhínithe, é sin nó litríocht a dhéanann léirmhíniú uirthi féin.

The Maamtrasna Murders: Language, Life and Death in Nineteenth-Century Ireland, Margaret Kelleher, UCD Press

Croí Cine le Seán de Fréine (Cló Iar-Chonnacht)



Bíonn a théagar féin sa nóibhille

Fionntán de Brún

Dá ghiorracht an nóibhille bíonn a théagar féin ann go minic agus is amhlaidh atá Sa Teach seo Anocht le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht), agus Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ó Maoileoin (eagrán nua le Leabhar Breac). Is ag filleadh ar mhodh an réalachais atá Micheál Ó Conghaile in Sa Teach seo Anocht, nó ar shuíomh réalaíoch ar a laghad ar bith. Scéal é seo faoi fhear atá ar tí an teach ina bhfuil sé ina chónaí lena bhean agus a mhaicín a fhágáil nuair a éiríonn an lánúin fuar ina chéile. I measc go leor rudaí eile, tá léiriú ann ar an méid den duine agus den teaghlach a shúitear isteach i mballaí tí ionas nach féidir an duine a scaradh ón áit a ghnáthaíonn sé: ‘Cén t-athrú a bheas ar an teach seo feasta nuair nach mbeidh mo ghlórsa le cloisteáil istigh ann níos mó? Nuair nach mbeidh fágtha ann ach a mhacalla má bhíonn an méid sin féin ann.’ Iompaíonn teach agus teaghlach ina nduibheagán imní agus éiginnteachta in aon oíche amháin.

Duibheagán de chineál eile a fheictear in Fonn a Níos Fiach mar a mbíonn fear ag iarraidh an dé a choinneáil ina theaghlach le linn aimsir an Drochshaoil. Chuige sin atá giorria á fhiach aige ach tá a mhianach duibheagánach féin á nochtadh aige i rith an ama. Dála Sa Teach seo Anocht, tá téagar ar leith sa mharana leanúnach a dhéanann an príomhcharachtar agus an-áilleacht stíle san insint tríd síos. Más áilleacht í ní shamhlófá míneadas léi, áfach, ach í níos giorra don chur síos seo ar dhuine de na mioncharachtair: ‘Muisteais rua air, cleith ailpín draighin ina láimh. Fadharcáin ar a chláréadan, iarsmaí bruíne agus batrála ar aontaí agus mhargaí na Mumhan. A dhá shúil ghorma agus an radharc ina seasamh iontu mar bheadh súile fiolair i ngleann.’

Nóibhille eile a foilsíodh ina eagrán nua i mbliana An Bhóinn agus an Bhóchna - The Boyne and the Sea le Liam P. Riain (Arlen House) – ina shraithscéal a foilsíodh roimhe seo é ar An Claidheamh Soluis (1915-16). Philip O’Leary a chuir in eagar agus a d’aistrigh go Béarla. Ina cheann sin, tá réamhrá scolártha grinnsúileach scríofa aige ina dtugtar a cheart den úrscéal gairid álainn seo a ligeadh i ndearmad.

Sa Teach Seo Anocht le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht)

Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ó Maoileoin (eagrán nua
le Leabhar Breac)




Scrúdú cuimsitheach ar choincheap an athbheochanachais

Máirín Nic Eoin

Tá taithí ar leith ag cainteoirí mionteanga ar dhúshláin an tseachadta chultúrtha agus ar an imní ointeolaíoch a bhaineann le bagairt leanúnach an díothaithe. Anois agus pobal na tíre dúisithe faoi dheireadh maidir leis an éigeandáil aeráide agus timpeallachta, is mithid dúinn an gaol idir dioscúrsaí éiceolaíochta agus dioscúrsaí cultúir agus teanga a aithint agus polaitíocht nua ar fad a ghiniúint as an gcomhphlé riachtanach eatarthu.

Ar na saothair a chuideoidh go mór linn na frámaí tagartha ina bpléitear cúrsaí teanga in Éirinn a leathnú agus a dhoimhniú, tá leabhar Fhionntáin de Brún, Revivalism and Modern Irish Literature: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press 2019) agus saothar dátheangach Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/ Irish and Ecology (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2019). Scrúdú cuimsitheach ar choincheap an athbheochanachais atá i leabhar de Brún, agus béim á cur ar fhadsaolaí an fheiniméin.

Rianaítear bunús an choincheapa i dtraidisiún smaointeoireachta an iarthair. Ansin, le samplaí ó stair chultúrtha na hÉireann ó aimsir an Reifirméisin anuas go dtí litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, léiríonn de Brún an gaol idir fealsúnachtaí athbheochana agus modhanna agus gníomhaíochtaí seachadta agus athnuachana cultúir. Féachann leabhar Michael Cronin ar cheist pholaitíocht na teanga trí lionsaí na héiceolaíochta agus na héicitheangeolaíochta. Cíorann an aiste Béarla sa leabhar an gaol idir tírdhreach agus teanga, tábhacht an eolais áitiúil agus na cuimhne cultúrtha, agus luach na hairde, na humhlaíochta agus na samhlaíochta daonna i bhfianaise mhórleochaileacht na timpeallachta fisiciúla. Díríonn cuid mhaith den aiste Gaeilge sa leabhar ar scéal na teanga féin, agus críochnaíonn sí le plé ar an gciontacht, ar an náire agus ar an séanadh oidhreachta a bhain leis an aistriú teanga. Is í an teachtaireacht dhóchasach a thóg mé féin ón dá leabhar seo ná gur chóir do lucht mionteanga breathnú orthu féin mar ghníomhaithe éiceolaíochta, i ngleic go misniúil le polaitíocht na patuaire agus le loighic mharfach na dosheachantachta. Creidim go mbeidh na hargóintí agus an fhianaise a chuirtear i láthair iontu de dhíth go géar orainn sa tréimhse dhúshlánach atá amach romhainn.

Revivalism and Modern Irish Literature: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press 2019)

Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/ Irish and Ecology (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2019)



Ár ndúshlán á thabhairt ag laochra liteartha

Pól Ó Muirí

Ní thiocfadh leis na súile gan suntas a thabhairt do An Tromdhámh (Leabhar Breac, €16) le Feargal Ó Béarra, a dheise agus atá an clúdach. Tá a fhios agam go gcaithfidh muid, mar chainteoirí Gaeilge, ligean orainn féin go bhfuil fios gach feasa againn ar shaíocht liteartha na Gaeilge. Admhaím go poiblí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin, go raibh mé aineolach ar fad ar an scéal seo a cumadh faoin bhliain 1300. Dua ná dua ní chuirfinn orm féin a leithéid a léamh ina bhuninsint. Is maith, mar sin, go bhfuil laochra liteartha mar Ó Béarra ann le dúshlán léitheoirí falsa a thabhairt.

Agus an scéal féin? ‘Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin – idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí – is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo..’

Saint agus binb in Éirinn? Scéal ár linne féin fosta, mar sin.

An Chríostaíocht is ábhar do leabhar máistriúil Tom Holland, Dominion: the making of the Western Mind (Little, Brown). Is mó gur seanchas na Críostaíochta nó scéalta as an Chríostaíocht atá ann ná stair chuimsitheach leanúnach an chreidimh sin ó thús deireadh. Díríonn Holland a scéal ar dhaoine agus ar ócáidí a chuir borradh as an nua faoin Chríostaíocht, ar ghluaiseachtaí spioradálta a mhúscail daoine agus pobail as a suan saolta.

Tá géarleanúint a d’fhulaing Críostaithe agus a rinne Críostaithe ann agus na hiarrachtaí, ionraic agus mí-ionraic, a rinneadh leis an Soiscéal a scaipeadh. I mbeagán focal, tá daoine sa scéal seo; cuid acu ní b’fhearr ná cuid eile. Agus tá muidinne, Éireannaigh, le fáil ann. Sea, daoine as an oileán bheag s’againne féin agus iad i mbun misin chun an oileáin taobh linn agus an mhór-roinn ina dhiaidh sin arís. Eachtraí a bhfuil dearmad déanta againn orthu.

An Tromdhámh (Leabhar Breac, €16) le Feargal Ó Béarra

An Chríostaíocht is ábhar do leabhar máistriúil Tom Holland, Dominion: the making of the Western Mind (Little, Brown)




Cnuasach úr, fuinte agus snasta

Caitríona Ní Chléirchín

Tá ceol séisbhinn, cuisle rúndiamhrach agus cantaireacht Chonallach le cloisteáil i Tine Ghealáin cnuasach úr, fuinte agus snasta Mháire Dinny Wren. Baineann pléisiúr ollmhór leis na dánta seo a léamh go ciúin leat féin agus os ard fosta. Is geall le siansa ceoil é glór sainiúil an fhile a chluintear tríd an leabhar ar fad. Ar cheann de na dánta is áille sa chnuasach, tá ‘Cantaireacht na Murúch’:

Chualathas cantaireacht chiúin na murúch

mar gholtraí os cionn chrónán na dtonn,

sular nocht siad ar an tsnámh

ar imeall tíre fá bhéal na trá.

Chonacthas iad ag folcadh sa tsáile

is ag cíoradh a gcuacha cuanna,

ag lupadán lapadán sa lán mhara,

is ag meidhir i measc muranáin maranáin.

Bhí cuid acu a scoith a gcuid lanntracha,

is a d’éalaigh as an duibheagán,

is a mhair tráth os cionn uisce,

amhail leannán agus máithreacha.

Chualathas cantaireacht chaoinbhinn na murúch

á maolú ag fraoch na farraige,

a nglórtha ag meathlú le gach marbhshruth

is an taoide á dtointeáil idir muir is tír.

(Tine Ghealáin, 20)

Bíonn an file seo ag baint macalla séimh as a réalt eolais féin. Mar a deir sí féin sa dán ‘Mo Bhealach Féin’: ‘Teannann téada mo ghutha le focail mo mheanma is le bé na héigse ‘mo threorú, téim mo bhealach féin’’(Tine Ghealáin, 70). Tugann sé seo misneach sa bhreis dúinn ar fad dul ár mbealaí cruthaitheacha féin.

Seod de leabhar atá in Crann na Teanga: The Language Tree le Cathal Ó Searcaigh (Irish Pages: Belfast: 2019). Díolaim dhátheangach is ea é de rogha shaothar Chathail Uí Shearcaigh a chuimsíonn sé chnuasach déag dá chuid. Tá aistriúcháin den scoth déanta ag Paddy Bushe ar dhánta Uí Shearcaigh anseo. Tá saibhreas agus áilleacht chanúint Thír Chonaill, ceiliúradh ar ghrá áite agus ar ghrá collaí anseo sa díolaim luachmhar seo ón mhórfhile Conallach. ‘Idir an smaoineamh agus an briathar, tá dúichí oighir is ceo’, mar a deir an Searcach féin. Seo leabhar a thógann an croí agus a thugann dúshlán an fholúis. Cuireann an file béim i gcónaí ar sholas na beatha, ar áilleacht an dúlra agus as an slánú san fhilíocht mar a fheictear sa dán ‘An Siolastrach’:

Domhsa is tú

ruithne ghlé bhuí

an Mheithimh.

Mo bhláithín caoin

atá comh mín

le heiteog na riabhóige.

Is tú an ríon óg

sa díobhóg do shlánú féin

faoin ghréin.

Do theangaidh bhuí bhinn

bhláfar ag móradh

an tsolais.

Bé na céille

ag baint sú as an tsaol

sula gcaillfidh tú

do ghné is do ghnaoi

sula dtiompóidh tú

aríst i do chré.

(Crann na Teanga, 320)

Éist leis fosta sa dán ’Labhraim le Lí Bai’: ‘Tá fios i bhfíon, a deir tú, /agus mé ag baint sú as úll/órbhuí na gealaí/atá ag teacht i gcraobh/ansiúd ar bharr an Eargail./Cruthaíonn fíon a fhilíocht féin.’(Crann na Teanga, 246) Blaisigí den fhíon Chonallach seo!

Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren , (Éabhlóid: Baile Átha Cliath, 2019)

Crann na Teanga: The Language Tree le Cathal Ó Searcaigh (Irish Pages/Cló an Mhíl Bhuí: Belfast: 2019)



Pádraig Ó Mathúna

Ní raibh mé chomh gafa céanna le leabhar ar bith le fada agus a bhí mé le cnuasach gearrscéalta Sheáin Uí Mhuireagáin, Gáire in Éag (Éabhlóid). Tá go leor cainte le bliain nó dhó anuas ar an léargas atá le fáil sa litríocht ar bhlianta corraitheacha na dTrioblóidí ó thuaidh, go háirithe mar gheall ar úrscéal mór le rá Anna Burns, Milkman. Níl aon amhras ann ach go bhfuil a gcion féin déanta ag scríbhneoirí na Gaeilge ar an ábhar sin chomh maith.

Cuireann Ó Muireagáin zeitgeist phobal Bhéal Feirste le linn na dTrioblóidí in iúl go beoga. Tá idir bhrathadóirí, pharaimíleataigh, shaighdiúirí Briotanacha agus ghnáthdhaoine ina steillbheatha sna scéalta. Ach más ea, léiríonn Ó Muireagáin nach féidir na carachtair a rangú go glan sna catagóirí sin. In ‘Idir dhá Thine Bhealtaine’, tagann Bean Uí Dhónaill ar raidhfil le saighdiúir Sasanach ina garraí, rud a chruthaíonn deacrachtaí di nuair a bheartaíonn sí an imeacht a thuairisciú do na póilíní. Ní fada eile go mbíonn sí faoi shúil aireach na bpóilíní, faoi dhrochamhras ag a pobal féin, agus faoi bhrú mar gheall ar a dílseacht rúnda don IRA. Cé go bhfuil atmaisféar gruama na tréimhse ina néal os cionn na scéalta, tá greann de shórt Bhéal Feirste ann chomh maith a léiríonn daonnacht na ndaoine ainneoin strus na cogaíochta.

Ní hé cnuasach Uí Mhuireagáin an t-aon saothar litríochta a foilsíodh i mbliana a bhfuil ceist na dTrioblóidí agus na Gaeilge i gceist ann. Foilsíodh cnuasach filíochta fíorspéisiúil, Threads (Salmon Poetry) ó pheann Laurence McKeown ag deireadh na bliana 2018. Chaith McKeown tréimhse i bPríosún na Ceise Fada agus chaith 70 lá ar stailc ocrais i 1981. Tá idir dhánta a chum McKeown nuair a bhí sé faoi ghlas agus dánta a scríobh sé ó shin i leith sa chnuasach agus téamaí go leor ann, an t-impiriúlachas cultúrtha, an féinfhollasú, agus éifeachtaí fada buan an phríosúin ina measc. In ‘Learning to Speak a New Language’, léiríonn McKeown an caidreamh casta idir teanga dhúchais na tíre agus féiniúlacht an phríosúnaigh sna Blocanna H:

A bit like learning to speak Gaeilge for the first time,

The words stumbling out awkwardly,

Not used to hearing them,

At least not publicly anyhow, so direct are they.

A sense of embarrassment even at the sound of my voice

speaking them,

simultaneously looking around at those within earshot.

This awkwardness I feel

Provokes the memory of a question once posed in my mind,

“Am I ashamed to speak the language of my people

And let it be known who I identify with and where my roots lie?”

Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid 2018)

Threads, le Laurence McKeown (Salmon Poetry 2018)

Léargas fíorphearsanta ar chlaochló saoil

Alex Hijmans

Shílfeá ó bheith ag léamh Súil le Eithne Ní Ghallchobhair go raibh sí i mbun na ceirde le trí chéad bliain anuas – nó, seans, níos faide ná sin. Is ríléir tionchar an traidisiúin ar an gcnuasach seo ach san am i láthair atá mórchuid na scéalta suite agus ní sheachnaíonn siad mórcheisteanna ár linne. Feictear dom gurb é Súil an chéad saothar liteartha i nGaeilge a théann i ngleic leis an athrú aeráide agus (go háirithe) leis an díothú speiceas. Meabhraíonn stíl spleodrach, shimplí Eithne Ní Ghallchobhair scríbhneoireacht an údair iomráití Sualannaise ón bhFionlainn, Tove Jansson dom. Fearacht Jansson, ainmhithe iad na príomhcharachtair sna scéalta is láidre ag Ní Ghallchobhair. Ghabhfainn chomh fada lena rá go n-áireofar an gearrscéal An Carria amach anseo i measc na ngearrscéalta is fearr i nGaeilge a scríobhadh sna 2010í.

Beidh mé ionraic libh. Bhí ar a laghad leathchéad leathanach léite agam sular éirigh le Mar a bhí ar dtús le Joe Steve Ó Neachtain mé a mhealladh i gceart. Tá stíl na hinsinte chomh réchúiseach sin, go háirithe ag an tús, go gcuirfeadh sé fonn codlata ar dhuine in amantaí. Mar sin féin, bhí rud éigin faoin saothar seo a thug orm coinneáil orm ag tiontú na leathanach agus tá mé fíorshásta gur choinnigh. Is éard atá againn anseo ná léargas fíorphearsanta ar an gclaochlú a tháinig ar shaol na Gaeltachta sa dara leath den fhichiú haois agus i dtús na haoise seo.

Éagnairc atá sa saothar seo ar bhealach agus tháinig tocht orm níos mó ná uair amháin i dtreo dheireadh an leabhair agus carachtair a bhí péinteáilte ag Joe Steve go paiteanta ag imeacht ar shlí na fírinne. Ag an am céanna, meabhrú láidir dúinne a tháinig ar an saol le scór, dhá scór nó fiú trí scór bliain anuas atá in Mar a bhí ar dtús go bhfuil an ghlúin a bhí óg nuair nach raibh leictreachas sa Ghaeltacht beo i gcónaí agus go gcaithfear éisteacht lena scéal.

Súil le hEithne Ní Ghallchobhair, Cló Iar-Chonnacht, 2018

Mar a bhí ar dtús le Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht, 2019