FAOI SCÁTH NA GEALAÍ

FAOI SCÁTH NA GEALAÍ

markwickham.org

Eithne Ní Ghallchobhair

Luigh an tachrán istigh sa leabaidh. Shín sé a chorp amach mar a bheadh piscín beag cait ann. Bhí sé te teolaí agus i mbarr a shláinte. Bhí an oíche ina hoíche réabghealaí agus bhí solas na gealaí ag sileadh isteach fríd fhuinneog a sheomra codlata. D’fhág a mháthair na dallóga foscailte aige ionas go dtiocfadh leis an ghealach, agus na réalta a fheiceáil ar oíche shiocáin gheimhridh. Ba mhór agus ba rímhór an radharc; ba mhór agus ba rímhór spéis an tachráin sna spéartha. Dar leis an tachrán nach raibh a sárú de radharc ar an tsaol. Bhí sé féin agus a mháthair i ndiaidh seal tamaill a chaitheamh amuigh faoin spéir ag amharc ar na réalta sular cuireadh eisean a luí. D’aithin sé anois ar shlat a dhroma iad: an Madadh Mór, an Madadh Beag, an Réalta Thuaidh. D’aithin sé an tSeisreach agus Bealach na Bó Finne. Rinne sé iontas. Bhí siad diamhair, bhí siad maorga.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús