Oíche Guy Fawkes 2019
Agus drochthoradh an Bhreatimeachta gan mhargadh feicthe acu agus tamall maith caite ag cur is ag cúiteamh faoin scéal, tá pobal na Breataine sásta glacadh le tairiscint an Aontais Eorpaigh filleadh ar an nead.
Ach sula dtugtar cead isteach arís don Bhreatain éilíonn na baill eile léiriú cuí ar a gcuid dílseachta. Tar éis díospóireacht fhada fhadálach cinneann pobal na Breataine gurb é an gníomh ab fhearr a léireodh a ndílseacht ná príomhailtirí an Bhreatimeachta a chur chun báis. Faoi shaoránaigh an Aontais Eorpaigh atá sé cinneadh a dhéanamh an leor an íobairt seo agus is acu a bheidh deireadh na breithe. Chuige sin reáchtálfar ‘reifreann’ Eorpach. Cloífear sa ‘reifreann’ seo le rialacha Chomórtas na hEoraifíse agus déanfar craoladh beo air. Trí theachtaireachtaí téacs a dhéanfar an vótáil. Beidh suí speisialta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ann lena chinntiú go bhfuil an próiseas go léir bailí.
Cé go raibh sé deacair ó thaobh an dlí de a rá cérbh iad príomhailtirí an Bhreatimeachta, ba bheag easaontas a bhí ann fúthu siúd ba mhó a thuill an chroch. Léirigh pobalbhreith mhór a rinne na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta go léir le chéile gurbh iad Seacaib Rí-Smuga, Borrais Mac Eoin agus Dáithí Camshrón rogha na coitiantachta. Bhí an chuma ar an scéal gur ghlac an t-uafás daoine páirt sa phobalbhreith seo – cé a chreidfeadh go raibh 18 milliún léitheoir ag The Salisbury Examiner? Ar a shon sin agus uile, fuarthas nach raibh aon chaimiléireacht ná comhpháirtíocht le haon dream iasachta i gceist agus níor bacadh lena thuilleadh fiosrúcháin.
Chun cothrom na Féinne a thabhairt do gach éinne roghnaíodh go reáchtálfaí an searmanas na híobartha de réir sampláil fhánach de thráchtanna léitheoirí leagan ar líne The Sun. Bhain na tráchtanna seo leis an gcineál céasadh a theastaigh ó na léitheoirí a thabhairt don té a chinn rollóg ispíní veigeánach a chur ar díol i siopa bia cáiliúil, rollóg arbh masla do dhea-chlú agus do shláine na Breataine í, dar leo.
…Tá deoir bheag amháin le grua Sheacaib Rí-Smuga agus ceangal na gcúig caol air. Titeann chun talún óna lámha aolgheala an smidirín deiridh dá spéaclaí briste, lena raibh sé ag iarraidh é féin a scaoileadh i ngan fhios de lucht a íobartha. I lár Stonehenge atá sé ina sheasamh, 20 méadar os cionn an tslua cholgaigh, istigh i gcliabhán Fear Caolaigh. Goilleann boladh an pheitril ar a shúile. Is mó a ghoilleann sé air ná an chumha atá anois air, ná fiú an leagan de ‘Ode to Joy’ Beethoven – amhrán an AE – atá á sheinm ag ceolfhoireann vuvuzuela ina bhfuil 5000 ceoltóir.
Ar ardán ar bhruach na habhann idir droichead Lambeth agus droichead Westminster, déanann Borrais Mac Eoin miongháire agus é á shá isteach i ngunna mór atá dírithe
ar Big Ben. Tar éis dó sé mhí a chaitheamh ar chamchuairt rothaíochta i ndeisceart na Fraince, níor thuig Mac Eoin go dtí anois an pháirt mhór a bheadh aige san athmhuintearas leis an Aontas Eorpach. Ar bhuille an mheán oíche bheadh deireadh le haistear an Ridire Sebastian Coe agus é ag iompar tóirse an Bhreatimeachta, an tóirse a d’úsáidfí le fiús an ghunna mhóir a lasadh agus Mac Eoin a radadh trasna na habhann.
Tá an fheirm muc is mó sa Bhreatain (ina bhfuil 23,000 muc) lonnaithe i Shropshire, ach is annamh a fheiceann aon duine í seachas na hoibrithe a bhíonn i mbun saothair istigh agus lucht chearta na n-ainmhithe a bhíonn i mbun agóide taobh amuigh. Ach beidh cuid den chraoladh beo ag teacht ón bhfeirm seo. Is anseo a bheidh iarphríomhaire na Breataine, Dáithí Camshrón, suite lomnocht i gcás gloine a bheidh crochta os cionn chró na muc, agus na muca thíos faoi ag tochas agus ag gnúsacht.
Beidh coicís caite ag na muca meabhracha seo ag breathnú ar chartún a léiríonn an gníomh a dúradh a rinne Camshrón le muc agus é ina bhall de Chlub Bullingdon in Ollscoil Oxford. Faoin am go bhfeiceann na muca, a bhíonn mánla agus cneasta de ghnáth, Camshrón féin, ní mó ná sásta a bheidh siad…