Tionónta Sí
le Laoighseach Ní Choisdealbha
Ní mó ná sásta a bhí siad
nuair a landáil mise anseo san oíche
(d’éirigh liom an bealach isteach a aimsiú
thuas ar bharr an chnoic).
Ach tuigimse na rialacha go maith:
nuair a d’éirigh liom an cófra a oscailt
agus píosa aráin a bhrú i mo bhéal
(in ainneoin a n-iarrachtaí
mé a cheangal arís den chathaoir)
ní raibh siad in ann an t-eiteach
a thabhairt dom ó shin.
Tá síocháin chiotach anois eadrainn.
Tá mo rogha le hithe agam,
is mo rogha le hól.
Ní chuireann fear isteach orm.
Ní chuireann éinne isteach orm.
D’fhág mé achan rud
a bhain leis an saol amuigh
ar ais i ndomhan na ndaoine
(tháinig mé anseo lomnocht, le fírinne):
céile, cíos, conradh, cúram.
D’fhág mé achan earra beo
i siopa Saint Vincent de Paul,
chaith mé mo sparán is mo ghuthán
go grinneall na Coiribe,
d’fhág mé an doirteal de réir mar a bhíonn sé,
plúchta le shite,
is chuir mé mo bhallraíocht Weightwatchers,
m’eochracha,
mo ríomhaire,
mo chíochbheart 36D,
ar bhreocharn mo shaoil.
Fulaingíonn siad go foighdeach mé,
cé go gcuirim mearbhall orthu.
Tá siad cleachta anseo le fada
le spéirmhná míne
a bhfuil deora ina súile
(ní braimleog i mbun suiteoireachta).
Tchím na mná sin go minic sa chistin
agus is mise anois an bhean sin
a thugann rabhadh dóibh
sna seanscéalta,
gan greim a ithe ó lámh na sióg.
Ach níos minice, le fírinne,
insím dóibh an rud atá déanta agam:
gur roghnaigh mé an saol seo,
go bhfuil síocháin agam,
go bhfuil pléisiúr agam
(as mo stuaim féin)
agus nach bhfuil mé i bpríosún na súl
níos mó.
‘Saoirse anseo’, a deirim leo,
‘san áit bhreá seo sa lios,
agus sclábhaíocht ansin’.
Go dtí seo níor chreid duine acu mé.
Ceapann siad go bhfuil mé
i mo ghealt ag na sióga.
Ligim osna,
agus insím dóibh
conas éalú, na hóinseacha.