FUACHT an tSAMHRAIDH

FUACHT an tSAMHRAIDH

Le Cladhbh Mac Oireachtaigh

Nuair a thiteann tú i ngrá, níl luibh ná leigheas air. Phós mise Learaí toisc go raibh súile gabh-i-leith aige; ní raibh neart agam air. Ach tar éis pósta dúinn thosnaigh a shúile ag féachaint ar mhná eile seachas ormsa. Ní fíor sin; bhí sé ag imirt ó bhaile, sular phósamar, ba bheag nár chealaigh mé an pósadh. B’óinseach chríochnaithe mise a ghlac lena ghealltanas nach dtarlódh sé arís.

Agus seo anois mé, i mo sheasamh ar bhalcóin árasáin mo charad, ar an séú hurlár, ar iasacht dom ó chaill mé an teach, i ndorchadas na hoíche, buidéal vodca i mo láimh, agus fonn féinmharaithe orm. Conas in ainm Chroim ar éirigh liom praiseach a dhéanamh de mo shaol. Gramhsóg a bhí ionam; dúirt gach éinne go raibh mé cliste, go raibh saol breá
amach romham.

Ach ní raibh. Cinneadh mícheart, fear mícheart. Dúirt sé liom uair, agus mé ag caitheamh an ghúna atá orm faoi láthair, “Is breá liom an gúna sin a bheith ort, mar is breá liom é a bhaint díot”. Agus nuair a chríochnaigh sé liom, ghlan sé a rud lem’ ghúna. “Ná bí buartha,” a dúirt sé, “beidh sé chomh deas céanna agus a bhí riamh tar éis níocháin.”

Is breá liom an clapsholas; thuas anseo, na sléibhte amach romham, na fáinleoga ag eitilt thart orm. Cén dath atá orthu? Dubh, donn, crón, bán. Ón Afraic, na mílte míle, thar an ngaineamhlach, thar an Mheánmhuir, an Spáinn, chugainnse, go dtí an teach céanna uaireanta, an nead chéanna. Iad ag eitilt saor ó chúram, ar foluain, ag titim, ag éirí ar an aer arís, ar ardeitilt, ag lúbaireacht le háthas.

Níor thaitin siad le Learaí, “tá a gcac ar an gcosán”. Dúirt sé leis an bpéintéir a bhí ag obair ar ár dteach an nead a scriosadh, rinne seisean amhlaidh, thit sé sa ghairdín, phioc mé suas é; é bog istigh, gruaig, píosaí beaga páipéir, caonach, ach crua lasmuigh, gan ann ach láib agus seile. B’álainn an rud é; sciob sé as mo láimh é agus chaith sa bhosca bruscair. Thugas fé ndeara go raibh racht feirge ag teacht ar an bpéintéir, ach choimeád sé fé smacht é.

Gobán súraic, gorm, ar chosán, caite as pram Rachel is dócha, ina luí i measc na nduilleog órga, cac madra lena ais.

Cad a tharla? Cad a tharla dom? An é seo a bhfuil i mo shaol? Caithfidh go raibh níos mó ná seo ionam. Cúig bliana déag ó shin bhí mé óg, bhí cairde agam, bhí mé dathúil, bhí spórt againn, cailíní, fellas, go maith ar scoil, iníon mhaith, deirfiúr mhaith. Phós mé, bhí páiste agam; cá bhfuil mise? Cá bhfuil mé féin anois? Níl ionam anois ach taibhse, scáth.

Scamh sé mé. Cosúil le hoinniún, bhí sraith i ndiaidh sraithe scafa aige. Bhain sé sraith féinmhuiníne díom. Ansin sraith féinmheasa. Chaill mé mo stuaim. Lean sé ar aghaidh go dtí go raibh mé ….folamh.

Ar dtús bhí gach rud go maith. Ach thosnaigh sé ag ól, go trom. Bhíos ag iompar - Rachel, an tréimhse ab áthasaí dom riamh. Bhí sé as láthair don dinnéar go minic, ag rá go raibh sé gnóthach ag obair. Ní dúirt faic. D’fhan sé amuigh níos déanaí san oíche. Lig mé orm gur chreid mé na bréaga, chun bolgán mo shonais a chaomhnú.

Nuair a rugadh Rachel, tháinig feabhas ar nithe. Cheap mé go mbeadh gach rud go maith as sin amach. Agus bhí, ar feadh tamaill. Má thréigeann sé mise tréigfidh sé Rachel freisin agus ní déanfaidh sé sin. Ach do dhein. Ní fiú faic na gealltanais. Ní fiú faic ….

An Domhnach a bhí ann, lá breithe Mham agus bhíodar go léir anseo chun dinnéir. Aimsir an reifrinn a bhí ann; thosnaigh Learaí ar a dheilín ‘níos naofa ná an Pápa’: tábhacht na móideanna pósta, gur mhair siad ar feadh shaol an duine, naofacht na clainne, chuireadh sé déistin ar mhuc. Faoi dheireadh dúirt m’athair, go ciúin, “bhuel, an rud a deir mo choinsias liom ná grá agus meas a thabhairt do mo chlann féin, agus mo vóta a chaitheamh chun cabhrú le daoine nach bhfuil chomh hámharach liomsa, agus bealach dlíthiúil, dínitiúil, a thabhairt dóibh éalú. Ach níl aon mhuinín ag an Eaglais Chaitliceach i gcreideamh na ndaoine, agus déanfaidh siad a ndícheall chun colscaradh a stopadh. Táim chun vóta ‘tá’
a chaitheamh”.

Níos déanaí, bhí na cuairteoirí imithe, bhí mé ag an ndoirteal, ag smaoineamh ar an tslí a chuireadh Daid ionadh ort amanta, é chomh ciúin sin de ghnáth, nuair a phléasc buama i mo cheann. Bhí radharc na súl imithe uaim, bhí poll dubh dorcha san áit a raibh m’inchinn roimhe sin. Anois tháinig dathanna, dathanna nach bhfaca mé riamh, cúl mogaill mo shúile mar scáthlán dóibh, corcadhearg agus uaine agus bándearg agus buí cosúil le buí lár na gréine, iad ar ais go craorag, ag éirí ina gcuaifeach ag cumasc, ag fáinneáil thart ar mheallta mo shúile, ag guairneán isteach i mo chluasa. Bhí boladh orthu agus dob fhéidir liom an boladh sin a bhlaiseadh agus ní raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cá raibh mé. Ansin tháinig an phian, ag rith suas síos mo choirp, i ngach áit, pianta móra in áiteanna beaga, agus meascán pianta leis na dathanna agus bhí mé im’ shuí ar an urlár agus ní fhaca mé riamh an chistin ón uillinn seo. Bhíos meadhránach; bhí mearbhall i mo cheann mar bhí an t-urlár dom’ ardú agus ansin mé ag ísliú go tobann agus duine ag béicigh agus bhí na focail measctha leis na dathanna. Ansin stop an phian ag rith, anois bhí sé i m’aghaidh, m’fhiacla, i gcnámh mo ghéill. Dorn sa phus a thug sé dom, bhí sé ina sheasamh os mo chionn, ag béicigh ach níor chuala mé na focail.

Níos déanaí san oíche shocraigh sé síos; brón an domhain air; ‘ní dhéanfadh mé a leithéid arís’; anois bhí mise ag tabhairt sóláis dó. Ach i mo chroí bhí a fhios agam go rabhamar críochnaithe, gur seanscéal muid, go raibh an buille sin amhail an sifín deiridh ar dhroim an chamaill. Ach ní raibh mé in ann imeacht; bhí Rachel agam. Agus ní raibh sé críochnaithe leis an bhforéigean. Anois bhí mo sceimhlitheoir pearsanta agam.

Bhí cúrsaí ciúin go leor ar feadh tamaill, ach fé dheireadh shleamhnaigh sé ar ais: ag ól an iomarca an fhadhb ba mhó aige, ach ba chearrbhach é freisin.

Bhí na hoícheanta go dona. Thagadh sé abhaile, mise sa leaba, ag ligint orm go raibh mé im’chodladh; iarracht amú, tharraingíodh sé timpeall mé air agus bheadh a chuid aige díom. Dhéanfainn iarracht gan análú, boladh an óil agus tobac uafásach uaidh. Uaireanta thiteadh sé ina chodladh agus é fós thuas orm - agus ionam - ag srannadh.

Bhí a fhios agam go raibh rud éigin as bealach liom; thugas cuairt ar an dochtúir. ‘You have a form of venereal disease, Mrs. Shaw.’

Bolgach Fhrancach a bhí orm. Thug sé cúrsa frithbheathaigh dom; dúirt sé a rá le Learaí teacht chuige. Thug mé an teachtaireacht dó agus an lá dár gcionn bhí mé ar ais ag an ndochtúir chun na créachta a dheisiú. Mheasas go raibh m’fhiacla ar bogadh. Chuir Learaí ina luí orm cad
a tharlódh nuair a thug mé teachtaireacht an dochtúra dó:
‘Má insíonn tú focail de seo do mo thuismitheoirí, maróidh
mé thú.’

Dé Sathairn sin thug mé cuairt ar mo thuismitheoirí; tháinig Daid chun an doras a oscailt, a wellies ina láimh aige, bhí sé ag obair sa ghairdín. Fáilte Uí Cheallaigh romhainn, go háirithe roimh Rachel. An bhfanfaimis chun lóin? Iontach ar fad; sifil seaifil ar siúl againn. Ach bhí an ghal ag ardú ionam, bhí a fhios agam go gcaithfinn Rachel a chur amach sa ghairdín. Bhí an brú ag méadú i mo bholg, bhraith mé é, bhíos ag tachtadh, shlogas siar é, ní féidir liom, seo é ag teacht, ná scaoil leis na deora, ná scaoil, ach tháinig siad, i m’ainneoin. Fé dheireadh scaoileas leo, bhí mé ag béicigh cosúil le madra agus a dhroim briste aige; Mam agus Daid ag féachaint orm, ní raibh a fhios acu cad ba chóir a dhéanamh. Daid ag rá ‘shush shush, a stór, ná bí ag gol’.

Ansin lig mé an scéal go léir amach uaim; an t-ólachán, ganntanas airgid, na mná eile, an cur i gcéill, na buillí, an t-éadóchas, na fiacha seasta síoraí.

De réir a chéile chiúnaigh mé. Bhí a fhios agam nach é mo chroí féin amháin a bhí briste ach go raibh Mam agus Daid ina smidiríní freisin. Bhí náire orm, ach ní raibh aon leigheas agam air.

Thug Daid abhaile sinn. Agus é ag cabhrú linn ag dul
amach as an gcarr, chuir sé airgead i mo phóca. Bhíos
buíoch ach náirithe.

Ansin, tharla míorúilt. Ní raibh Learaí sa bhaile an lá sin ná an lá dár gcionn. Bhí sé imithe. Ní raibh trácht ná tuairisc air ar feadh seachtaine. Ansin chuir sé scairt orm, nó chuir a mháthair, lena rá liom go raibh sé leosan agus gur theastaigh uaidh Rachel a thógaint gach re deireadh seachtaine. D’aontaíos leis sin.

Ó, an faoiseamh a bhí agam a bhuíochas don cholscaradh Gaelach sin. Bhí áthas orm go raibh sé imithe as mo shaol; bhuel, beagnach imithe - bhí Rachel fós mar nasc eadrainn. Ach bhíos lánsásta le mo shaol anois.

Chuala mé go raibh obair pháirtaimseartha ag dul ag mo shean-ionad oibre, agus thugadar an gig dom. Bhí crèche ann freisin, mar sin bhí mé ar mo sháimhín só. Thógadh Learaí Rachel gach re Aoine agus thugadh sé abhaile í ar an Domhnach, thug sin deis dom mo scíth a ligint, dul amach le mo chairde, freastal ar an bpictiúrlann, nó dul amach chun pionta nó dhó a ól. Bhí mé an-chúramach leis an ól, bhí an iomarca feicthe agam den damáiste a rinne sé.

Tamall ina dhiaidh sin, oíche Dhomhnaigh a bhí ann; tháinig sé abhaile le Rachel beagáinín déanach, ach ba chuma sin. Bhí Rachel an-tuirseach, thóg mé suas staighre í agus chuir mé sa leaba í. Bhí Learaí fós sa chistin, bhraitheas go raibh sé corraithe, ar bior. Bhíos ag ní roinnt gréithe nuair a tháinig sé orm. Rug sé greim orm, chuir sé a lámh ar mo bhéal agus dúirt: ‘Tá sé chomh maith agat a bheith ciúin anois, níor mhaith leat scanradh a chur ar Rachel agus tú ag béiceadh.’

Rinne mé iarracht a ghreim a bhriseadh ach bhí sé róláidir dom; bhí greim anois aige ar mo chuid gruaige, bhí sé ag tarraingt mo chinn siar agus bhí imeall an doirtil ag briseadh mo dhroma. Bhraitheas a lámh faoi mo ghúna, greim aige ar mo fhobhríste. Bhí mé ag streachailt go fíochmhar leis, ach ní raibh aon mhaitheas ann, thug sé boiseog dom ar m’aghaidh. Faoin am seo bhí a fhios agam cad a bhí le teacht agus dúirt glór beag i mo cheann, ‘lig dó, lig dó’. Ligeas.

Nuair a bhí sé críochnaithe, d’iompaigh sé uaim, chóirigh sé a bhríste, agus shiúil sé an doras amach, gan fiú sracfhéachaint a thabhairt orm. Shuigh mé síos le gloine fíona, ní raibh fonn orm bheith ag gol fiú, cén tairbhe a bhainfinn as sin.

Sé seachtaine ina dhiaidh sin bhí a fhios agam go raibh mé i bponc; bhí mé déanach. Thug mé cuairt ar an bpoitigéir, agus ansin bhí mé cinnte de. Tubaiste.

Ní raibh an dara rogha agam. Saorlá bainc a bhí ann; bhí Rachel lena hathair ón Aoine. Bhí na sonraí déanta agam: Ryanair go Manchain, taxi chuig an clinic. In aerfort Átha Cliath thugas triúr fé ndeara: cailín timpeall ar seacht déag nó mar sin, agus fear agus bean, a tuismitheoirí b’fhéidir. Bhíodar ag caint le chéile, ach sa tslí sin nach n-éilíonn mothúcháin dá laghad as an gcomhrá, ach bhíos cinnte nach raibh gliondar i gcroí na hiníne.

Nuair a shiúlas isteach sa chlinic bhíodar ann romham. Chuir an fáilteoir isteach san fheithealann mé, agus díreach im’ dhiaidh tháinig an cailín agus í ag gol. De ghnáth dhéanfainn teagmháil le duine truacánta mar sin, ach bhí mo chúraimí féin orm.

Pé scéal é, chaith mé an oíche in óstán, bhí béile agam ach leis an fhírinne a rá ní raibh fonn orm aon rud a ithe. Níor chodail mé go sámh; a mhalairt, cheap mé go raibh mo bhaill bheatha ar fad ag caint liom, á rá go raibh siad míshásta liom. Is annamh a bheadh tromluí agam, na piollaí go léir ba chúis leis, is dócha.

Agus mé ag siúl síos an dorchla fada san aerfort bhraitheas go raibh rud éigin as bealach; d’fhéach mé síos agus bhí fuil ar mo chosa. D’fhéachas taobh thiar díom agus bhí líne fhada fola fágtha i mo dhiaidh agam fud fad an dorchla. Bhí m’fhuil ag sileadh amach ó mhogall mo riteoga, ag bailiú fúm ar an urlár. Ó a Dhia, ná lig dom bás a fháil; anois bhí daoine ag féachaint orm. Ó a Dhia, lig dom bás a fháil.

Tógadh go stáisiún garchabhrach mé, agus sheoladar ar
ais chuig an clinic mé. Cuir siad caoi mhaith orm. Chuaigh
mé abhaile.

Bhí iasacht charr Mham agam don deireadh seachtaine. Níor thug máthair Learaí cuireadh isteach dom nuair a d’oscail sí an doras. Bhí a athair, Leo, laistiar dí. Bhí aghaidh shuarach uirthi nuair a chuir sí ceist orm, ‘An raibh deireadh seachtaine deas agat?’

‘Ó bhí, go raibh maith agat. Bhíos ag ligint mo scíthe, ag léamh, tá’s agat féin. Chuas amach le cúpla duine ón jab aréir, bhí deoch againn, bhí sé aoibhinn ar fad.’

Bhí mé ag clabaireacht cosúil le duine go raibh a fhios aici nach raibh gach rud mar ba chóir.

‘Ag ligint do scíthe? Ag ól le do chairde an ea? Cad déarfá faoi seo? ’Bhfuil aithne agat ar an Sussex Clinic ar chor ar bith? Chuireadar scairt ar d’fhear céile nuair a bhí tú i dtrioblóid san aerfort; bhí sé ainmnithe mar ‘next of kin’ i do phas. Cén fáth go bhfuil tú i do thost?’

‘Tabhair Rachel dom agus imeoidh mé.’

‘Ni thabharfaidh mé, agus ní bheidh sí agat do deo, a striapaigh. Anois, bailigh leat nó cuirfidh Leo glaoch ar na Gardaí, agus beidh sin níos measa duit.”’

Agus seo anois mé, i mo sheasamh ar bhalcóin go hard
sa spéir, ar meisce, an oíche ag éirí fuar; rogha an dá dhíogha agam: m’aghaidh a thabhairt ar an saol arís, nó dul leis
na fáinleoga.

Éad orm leo, bua na heitilte acu.