Clóitear é...
Máirtín CoilféirI sliocht as a leabhar nua ‘Titley’, déanann Máirtín Coilféir scagadh ar an teannas i saothar an údair idir an magadh agus an dáiríre, an eitic agus saoirse na samhlaíochta
Tá téad smaointeoireachta i saothar Alan Titley a cheanglaíonn le chéile go leor dá shaothar polaitiúil, dá shaothar scolártha agus dá shaothar ficsin. Seo é an prionsabal eitice a dhealaíonn an mhaith ón olc de réir léiriú na féiniúlachta agus atá, dar liom, ar an bhfoinse is tábhachtaí dá chuid scríbhneoireachta. Ach dá mhéad scéalta agus aistí leis ina gcíorann sé an prionsabal sin, tá go leor eile scríofa ag Titley ar beag an bhaint atá aige, cheapfaí, leis an bhféinléiriú eiticiúil a chur chun cinn. (Ó thaobh ábhair de, ar aon chaoi – ó thaobh stíle agus inspioráide de, d’fhéadfaí a rá gur féinléiriú paiseanta gach uile bhlúire dár bhreac sé riamh.)
Is ceart cuid den éagsúlacht ollmhór atá i scríbhneoireacht Titley a shoilsiú agus féachaint go háirithe ar shaothair leis atá, is cosúil, beag beann ar mhaitheasaí an chomhphobail nó an indibhidiúlachais féin. Tá neart de na maitheasaí sin ann agus níor mhian liom a thabhairt le fios go bhfuil siad tánaisteach ar aon bhealach díreach ar an toisc nach bhfuil eitic an údair an-soiléir orthu. Os a choinne sin, is é an chaoi is fearr leis an éagsúlacht seo a thuiscint ná i gcomhthéacs na bprionsabal eitice.
Cruinneshamhail Titley a thug air saothar ilghnéitheach, scóipiúil a chur ar fáil sa gcéad áit. De réir na tuisceana atá aige féin ar cheapadh na litríochta, creideann Titley gur cheart don údar freastal ar an tsamhlaíocht, ar an inspioráid istigh, chun é féin a chur in iúl go maith. Ceangailte leis seo atá an smaoineamh gur fiú dó i gcónaí nósanna údarásacha a cheistiú nó a bhriseadh, mar d’fhéadfadh siad sin dul i bhfeidhm an iomarca air agus an féinléiriú a bhacadh ar bhealach éigin. Maidir le Titley féin, is furasta a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh an tuiscint seo tabhairt air riar an-mhór scríbhneoireachta a chur de. Tá sé ráite aige gur bisiúil an tsamhlaíocht atá aige agus go ritheann ábhair scéalta leis i gcónaí. In alt a scríobh sé do Comhar cúig bliana ó shin, mar shampla, mhaígh sé, ‘Tá dóthain smaointe agam le haghaidh scéalta agus drámaí agus dánta is dá mbeadh aois na seacht mbeann os mo chomhair’. Agus toisc go gcreideann sé gur trí oibríochtaí a shamhlaíochta torthúla a chur ar phár is fearr a bhainfidh sé sprioc an fhéinléirithe amach, is cuid dhílis dá fhéinléiriú na saothair féin a bheith líonmhar (gan trácht ar an stíl agus ar an bhfoirm a bheith úr). Ní mór dó leas a bhaint as na hábhair iomadúla scéalaíochta a thagann chuige, iad a mhúnlú agus a chur amach sa domhan mór. Imprimatur Titley ar an bhféinléiriú, is imprimatur sa gciall bhunaidh den fhocal sin freisin é: ordú chun foilsithe, ‘clóitear é’.
Le bheith cinnte gur léiriú ceart iad na hábhair seo ar a shainbhealach féin agus nach mbíonn siad faoi réir an iomarca ag múnlaí righne ceapadóireachta, tá claonadh turgnamhach go mór i gceist lena shaothar. Is é sin, bíonn Titley ag síorchuartú plotaí, stíleanna agus foirmeacha úra d’fhonn a úire féin a chur in iúl. Is beag nach bhféadfaí a rá go bhfuil gné iomaíoch ag roinnt leis an turgnamhachas seo: is geall le rás chun na nuálaíochta é agus ní mór dó a bheith chun tosaigh ar údair eile ó thaobh mhéid agus leithne na scríbhneoireachta. An toradh atá air seo ná go bhfuil clár saothair Titley ar na cinn is faide i litríocht na Nua-Ghaeilge, go bhfuil na seánraí uile cuimsithe ann, agus go bhfuil nuálaíocht teanga agus ábhar ina tosaíocht aige ón tús. Cuid thábhachtach dá thuiscint ar a ghairm is ea scóip mhór a bheith ina chuid scríbhneoireachta féin.
Caitheann an fonn fionnachtana seo solas freisin ar ghnéithe bunúsacha de shaothair áirithe leis. Más suáilce liteartha é toirt agus nuálaíocht stíle nó foirme a bheith i saothar, mar shampla, cá hionadh go bhfuil Méirscrí na Treibhe ar na húrscéalta is faide sa teanga, de réir a ríomha féin, agus é ar cheann de na húrscéalta is dúshlánaí freisin ó thaobh teanga de (Mhac an tSaoi 1978; O’Leary 2008)? Ar aon bhonn leis sin, bhí téama na canablachta in Stiall Fhial Feola úrnua san úrscéalaíocht nuair a tháinig sé amach, mar a luadh i gcaibidil a haon (O’Leary 2008); leabhar ‘réabhlóideach’ é Eiriceachtaí le leithne an ábhair ann ‘nach bhfacthas a shamhail go dtí seo sa nGaeilge,’ dar le Seán Ó Tuama (1987); tá Leabhar Nóra Ní Anluain ar an gcnuasach is mó scéalta sa nGaeilge; tá An Fear Dána ar an gcéad úrscéal faoi ‘na blianta clasaiceacha úd nár leomhaigh éinne a ghob a thumadh iontu’ go dtí sin (Titley 1991); agus is é An Bhean Feasa an chéad úrscéal i bhfoirm filíochta atá againn. Tríothu sin ar fad tá an síorphromhadh stíle, ó abairtí rífhada Méirscrí agus Stiall Fhial Feola, go meascán meidhreach Eiriceachtaí, go dtí gontacht chomair Fabhalscéalta. Ar nós go leor scríbhneoirí eile, bíonn Titley ag iarraidh talamh úr a bhriseadh ar bhealach thar a bheith follasach ina chuid scríbhneoireachta. Ach ní féidir é sin a mheas i gceart gan fréamhacha eiticiúla a chuid scríbhneoireachta a chur san áireamh.
Toradh mór amháin a bhí ar an turgnamhachas seo i scéalaíocht Titley ná cúl a thabhairt leis an réalachas, agus is maith an pointe imeachta é seo le cuid de na saothair is casta leis a chíoradh anseo. I bhformhór na scéalta a phléigh muid go dtí seo, tá leagan éigin den réalachas i gceist: aithníonn muid an saol mórthimpeall ar na carachtair agus freagraíonn siad dá dtarlaíonn ann ar bhealach inchreidte go leor. Tá cuid mhaith gearrscéalta leis go háirithe, áfach, ina dtiteann na heachtraí amach i ndomhan fantaisíochta, domhan nach gcloíonn le rialacha an ama, an spáis ná na dóchúlachta. Sna scéalta seo, is minic gurb í samhlaíocht an údair a bhíonn in uachtar agus is ar éigean a d’aithneofaí pointí tagartha an tsaoil mhóir – eitic, eolas, iompar cuí – iontu ar chor ar bith. Dá réir sin is beag má tá seasamh eiticiúil an údair le sonrú orthu ach an oiread. Go deimhin, cheapfaí go ndéanann cuid de na scéalta seo beag is fiú den eitic trí chéile agus iad beag beann, is cosúil, ar rud ar bith a dtabharfadh muid ‘dáiríre’ air.
An sampla is fearr de seo ná Eiriceachtaí: ní léir ó na scéalta is turgnamhaí ann an bunús eiticiúil atá faoin turgnamhachas féin. Tá na prionsabail mhorálta ina bhfuil luachanna liteartha Titley fréamhaithe faoi urú ag spleodar na scríbhneoireachta ann. Níor cheart aon ionadh a bheith orainn faoi sin, gan amhras: is féidir critéar uasal na nuálaíochta a shásamh sa litríocht gan an nuálaíocht féin a bheith ina hábhar scéalaíochta. Ach mar sin féin, bíonn teannas áirithe idir scéalta den chineál seo agus na prionsabail eitice ag Titley.
Féachadh muid ar ‘Oighearaois; Aerís; Arís,’ mar shampla. Seo scéal san aimsir fháistineach nach bhfuil aon amlíne chruinn ná suíomh inaitheanta ann agus é breac le scéalta laistigh de scéalta, mar is léir ón gcéad líne féin: “‘Inis scéal dúinn,’ arsa mise le Machmad nuair a bhíomar cúpla céad meigimhíle amach ó Phoseidon. Ag súil leis an oíche shíoraí a chiorrú a bhíos.” (1987f: 112). Úsáideann Titley teicníc seo an mise-en-abyme go spraíúil súgrach tríd síos: insíonn na carachtair scéilíní grinn dá chéile, agus téann Titley ag méiseáil le coinbhinsiúin na scéalaíochta traidisiúnta. I lár an chéapair, áfach, cuimhníonn an príomhcharachtar, Íosagán, ar bhás uafar a athar, agus téann an t-athrú tobann tuine i bhfeidhm go mór ar an léitheoir:
Fág is nach rabhas ach im bhuachaill óg ag an am thugas cuimhne an lae thubaistigh úd liom amach ar fhithis fhada na gréine. I measc na nithe mágáinneacha eile gan amhras. Nárbh áiféiseach agus nárbh amaideach an tslí inar tógadh uainn é i macralaethanta seo na saotharlann spéire, na sícisimfóiní agus na spéirmeatasón saorga? É a bheith súite síos san ghaineamh bheo, san trá shúraic, san láib reatha i radharc an tslua tráthnóna bolg-le-gréin.
‘A Íosagáin, fóir orm! An téad! An fheamainn! Do chóta! Sin é! Sin é! An crios!’
Ach ní raibh sé fada go leor ná ní rabhas ard go leor ná mo lámha sínte go leor. B’iad barra a mhéireanna is iad ag scríobh dúdail ar an trá an radharc deireanach a fuaireas air. Níor thángthas ar a chorp féin (1987f: 114).
Níos sia ar aghaidh sa scéal, tá Íosagán ag súgradh lena mhac féin a bhfuil an t-ainm céanna air agus titeann an t-athair i bpoll gaineamh súraic. Ní bhíonn muid cinnte an bhfuil sé ag fáil bháis go díreach mar a rinne a athair féin, nó an bhfuil Titley ag spraoi le hamlíne na scéalaíochta traidisiúnta. An bhféadfadh sé nach bhfuil muid ach ag léamh faoin gcéad bhás arís? Méadaíonn ar ár n-amhras ag deireadh an scéil nuair a thugtar le fios nach raibh san eachtra ar fad ach cleas eile mise-en-abyme, scéal eile atá á ríomh ag carachtar eile fós. Críochnaíonn ‘Oighearaois’ leis na línte céanna lena dtosaíonn sé:
B’iad barra mo mhéireanna is iad ag scríobh dúdail ar an trá an radharc deireanach a fuair sé orm.
‘Inis scéal dúinn,’ arsa mise le Kemal nuair a bhíomar cúpla céad meigimhíle amach ó Phersephone. Ag súil leis an oíche shíoraí a chiorrú a bhíos (1987f: 120).
Breis agus tríocha bliain tar éis a fhoilsithe, déarfadh muid gur scéal neamhghnách é ‘Oighearaois’ i gcónaí. Ach cé gur saothar é ar cuid an-fhollasach de an nuálaíocht reacaireachta, ní thugtar aon leid dúinn ann cén fáth a mbeadh an nuálaíocht sin tábhachtach don údar. Cheapfaí gur úire ar mhaithe le húire atá ann agus ní phléitear (ar aon bhealach follasach) le cúraimí na saoirse ná na féiniúlachta mar a dhéantar i saothair go leor eile le Titley. Ar ndóigh, ní haon locht é sin – is saothar ealaíonta é ‘Oighearaois’ – ach úsáidim anseo é mar eiseamláir de bhunús eitice na húire a bheith faoi cheilt ag úire na scríbhneoireachta féin.
Mura mbeadh ann ach go bhfuil scéalta ag Titley nach bpléann go soiléir leis an eitic, ní bheadh mórán eile le rá. Tá riar mór saothar gairid aige go háirithe nach mbaineann le luach an duine – ‘Grá Mar Seo Níl Ag Bean Ar Bith,’ ‘Is Mar a Shíltear a Bhítear,’ ‘Díchreideamh,’ ‘Cad Tá Le Déanamh Againn?’ in Fabhalscéalta; ‘An Púdar Beannaithe,’ ‘An Bosca Faoistine,’ ‘Ainmhithe,’ ‘An tEaspag a Chuir Lámh sa Díog,’ ‘Gréibhlí’ in Leabhar Nóra; ‘Fánaí,’ ‘Fiafraithe,’ ‘Fir Fichille Leòdhais,’ ‘Levitra Cialis Piollaí’ in Rabhadh: Dánta. Is beag má theastaíonn eolas ar chruinneshamhail eiticiúil Titley le brí na saothar sin a fhuascailt ná le taitneamh a bhaint astu. Ach is é an áit a bhfuil an gad anseo ná go bhfuil saothair leis a bhféadfaí iad a léamh mar fhianaise ar a mhalairt – go ndéanann siad beag is fiú de luach an duine agus, dá réir sin, go ndéanann an t-údar amhlaidh. Arís, is leis na gearrscéalta, go háirithe gearrscéalta Eiriceachtaí, is mó a bhaineann an mhíréir seo.
In ‘An Tríú Scéal Déag,’ atá mar a bheadh freagra ann ar an gcéad scéal sa gcnuasach, ‘An Tuisle Giniúnach,’ casann an cine daonna ar an neach a chruthaigh iad agus tapaíonn siad an deis a thuisle a chúiteamh leis. Lá an Luain atá ann agus tagann Dia agus na haingil chomh fada le Páirc an Fhionnuisce leis an gcuntas deireanach a dhéanamh, na caoirigh a dhealú ó na gabhair. Mar is dual do charachtair Titley, áfach, ní ghéilleann an reacaire ná a chara, Aimhirgin, dá údarás neamhaí. Is cosúil go bhfuil cúis acu freisin mar, fearacht Jia agus a chairde in ‘An Tuisle Giniúnach,’ is cineál seafóide a labhraíonn Dia in ‘An Tríú Scéal Déag’: ‘Ní broimide an léann an lacha’ (1987f: 203); ‘Ná bí ag cuimilt smala fúm’ (204); ‘Is é an tsiobarstocáil a dhéanann prúta-práta den tsilginéis’ (204); agus mar sin de. Ní bhíonn aon réasún mór lena bhreithiúnas ach an oiread – damnaíonn sé daoine ar na héadaí a chaitheann siad (203-4) nó toisc nár cheannaigh siad ticéad chun na bhflaitheas (204); slánaíonn sé duine eile toisc go ndeachaigh siad ar an scoil cheart (203). Ach más é Aimhirgin a chuireann stop leis an éigeart seo chun réim nua daonnachta a thosú, ní hin le rá gur duine inmholta é. Ar mhaithe leis féin atá sé i gcónaí agus is cuma sa diabhal leis faoi gach duine eile:
‘Caithfidh mé a rá nár dhein mé faic ar son na farraige,’ arsa Aimhirgin leis, mar a bheadh sé ag déanamh buanúil, ‘ná ar son na talún ach an oiread. Ná go deimhin féin ar son an stáit ná an náisiúin ná na mbocht ná an tríú domhain. Gach aon ní riamh a dhein mé is ar mo shon féin amháin a dhein mé é. Sin é mise go hiomlán’ (1987f: 205).
Is ina dhiaidh sin a tharraingíonn Aimhirgin an gunna amach agus maraíonn sé Dia agus a gharda cosanta. Ag deireadh an scéil, fógraíonn sé go mbeidh ‘loighic agus eagar agus ceart sna cúrsaí’ feasta (1987f: 206) ach, sa saol fantaisíochta ina dtiteann an eachtra amach, ní léir dúinn go mbeidh luachanna aon phioc níos daingne i bhfeidhm. Críochnaíonn an scéal, agus an cnuasach, leis an reacaire ‘ag iarraidh ciall a chruthú i gcomhair cúrsaí an tsaoil,’ amhail is dá mbeadh prionsabail na ré nua chomh saorga, chomh suibiachtúil leis na cinn sa seanreacht (206). Is fíor go bhféadfadh an léitheoir brí níos dearfaí a bhaint as an scéal seo freisin, is é sin, ná géilltear go bog don údarás. Ach, lena bhfuil ann de chleasaíocht agus de ghreann, is dóigh gur túisce a cheapfaidh sé gur ábhar scigaithrise ag Titley ceisteanna móra na beatha agus an bháis. Dá réir sin, samhlóidh sé go bhfuil beag is fiú á dhéanamh den duine agus dá áit sa saol.
Is scéalta den chineál seo is mó a thugann dúshlán an léimh eitice, dar liom, mar baineann siad de luach na heitice féin le teann diabhlaíochta. Ar nós cuid mhaith saothair choiméide, greann fuarchúiseach atá ann a sheachnaíonn na himpleachtaí morálta atá ag roinnt leis an ábhar magaidh. Agus, dá dtabharfadh muid tús áite dó seo, thiocfadh muid ar thuiscint eile ar fad ar na hábhair is mó is cás leis an údar.
Gan amhras, ní hin le rá nach furasta cruacheisteanna mar seo a sheachaint. D’fhéadfaí a rá, mar shampla, gur píosa spraoi amháin atá sna gearrscéalta barrúla seo agus nach gá bheith buartha faoi na himpleachtaí eitice mar nach chuige sin atá sé. Dá ngabhfadh muid ag cuartú seasamh morálta, bheadh muid ag déanamh neamhairde de na gnéithe is tábhachtaí den téacs – an magadh, an greann – ar mhaithe le ceisteanna ‘móra’ a phlé, ceisteanna nach mbaineann leis an scéal ach ar éigean. (Seo uabhar an chriticeora arís, é ag baint gaisneas as an litríocht chun a chríche suaraí féin.) D’fhéadfaí a rá freisin gur cuma drochrún a bheith ann nó as, mar ní gá don údar a bheith ina naomh i ngach uile scéal leis chun teachtaireacht fhiúntach eitice a bheith ina shaothar trí chéile. Má fhágann sé an plé mór ar leataobh i saothair áirithe leis, cén dochar? Nach bhfuil an iomad saothar eile againn le tábhacht na heitice a chruthú? Léamh níos sofaisticiúla, b’fhéidir, ná a áitiú gurb é aidhm na scéalta seo go díreach an mearbhall seo a chur orainn – go bhfuil muid ceaptha a bheith idir dhá chomhairle faoina mbrí agus dá réir sin nach cóir féachaint leis an teannas idir an magadh agus an dáiríre a réiteach.
Tá ábhar áirithe sna freagraí sin ar fad, mar tá cuid de scéalta Eiriceachtaí chomh háibhéalta agus chomh spraíúil sin nach spreagtar muid le haon ráiteas faoin saol iarbhír a oibriú amach iontu. Ach is freagraí seachantacha iad sa deireadh. Má thograíonn muid dul faoi chraiceann na scéalta mar is dual don chriticeoir eitice, ag iarraidh na luachanna saoil laistiar díobh a thomhas, beidh orainn aghaidh a thabhairt ar an míréir atá i gcuid acu. I gcás ‘Scéal i mBarr Bata’, mar shampla, is é an chaoi go bhfuil cur síos éadrom ar bhás fir aeraigh contúirteach, go háirithe ag scríbhneoir engagé ar nós Titley, mar féadfaidh muid a rá go bhfuil an dualgas comhchoiteann do dhínit an duine eile séanta aige. Féadfaidh muid a rá, go fiú, go bhfuil sé idir ‘immoral’ agus ‘injurious,’ faoi mar a mhíníonn Anthony Julius iad sin agus é ag plé na healaíne mímhorálta: ‘Immoral, because they did not condemn the vices that they represented … injurious, because this failure to condemn was thought to encourage imitative harm to others (2002).’ Mar sin, fimíneacht a bheadh ann mar cén mhaith a bheith ag caint ar íospartaigh a chosaint mura ndéanann muid féin i gcónaí é? D’fhéadfadh ceisteanna mar seo amhras a chaitheamh ar dhindiúirí an údair agus, dá réir sin, ar gach a bhfuil ráite aige i saothair eile leis.
Ba dhian an léamh sin ar ‘Scéal i mBarr Bata’ ach soilsím an fhadhb seo mar gur mian liom ábhar míréire i gcur chuige Titley a shoilsiú. Is éard atá i gceist ná go gcuireann Titley, agus go leor ealaíontóirí nua-aimseartha eile, luach chomh mór sin ar an úire agus ar chur i gcoinne na gcoinbhinsiún gur furasta a cheapadh gur fiú iad sin i gcónaí, beag beann ar an gcomhthéacs. Is é sin, in ainneoin go bhfuil bonn eitice faoin bhféinléiriú a thabharfadh aitheantas do chearta chách, má bhíonn muid róghafa lena bheith nuálaíoch is baolach go bhfágfaidh muid an bonn sin inár ndiaidh. Ag tóraíocht na húire dúinn i gcónaí, féadfaidh muid seanphrionsabail a ligean i ndearmad. Agus muid ag iarraidh gach riail a bhriseadh, féadfaidh muid beag is fiú a dhéanamh de na rialacha is mó linn féin. Ar an gcaoi seo, sleamhnaíonn an t-indibhidiúlachas eiticiúil chun leagan eile de nach bhfuil chomh huasal céanna.
Gaiste coitianta atá i gceist againn anseo agus é i bhfad níos leithne ná saothar Alan Titley. Go deimhin, baineann sé le hábhar i gcónaí nuair a thugtar tús áite do mhianta an duine aonair thar an slua, bíodh sé sin i gcraiceann an rómánsachais nó an indibhidiúlachais. Samhlaítear iad sin a bheith i gcodarsnacht, cuid mhaith, le nósanna – agus dá réir sin, uaireanta, le leas – an phobail. Má shíltear go bhfuil an mhoráltacht choiteann ar na nósanna cúnga sin a chuireann bac ar an indibhid, bíonn cathú ann beag is fiú a dhéanamh di. ‘Morality as normally understood obviously involves crushing much that is elemental and instinctive in us, many of our deepest and most powerful desires,’ a deir Charles Taylor. ‘So there develops a branch of the search for authenticity that pits it against the moral’ (1991). Ní hionann seo is a rá gur mian le Titley (ná le héinne eile) fáil réidh leis an eitic ar fad sa saol iarbhír. Ach, leis an gcur chuige seo atá fréamhaithe san indibhidiúlachas, osclaítear fearann nua ealaíne don údar ina bhféadfaidh sé impleachtaí an fhéinsásaimh, agus é sin gan choinníoll, a spíonadh amach dó féin ina shaothar. Ar an mbealach sin saortar an féinléiriú ó chúraimí morálta; go deimhin, cothaítear ceangal idir é agus sárú na moráltachta féin.
- Tá Titley le Máirtín Coilféir foilsithe ag LeabhairCOMHAR.
Leabharliosta
Julius, Anthony. (2002) Transgressions: The Offences of Art. London: Thames & Hudson.
Mhac an tSaoi, Máire. (1978) Léirmheas ar Méirscrí na Treibhe. In: Comhar 29 (6)
O’Leary, Philip. (2008) ‘Teanga Gan Teorainn: The Novels of Alan Titley’. In: Ó Conchubhair, B. (eag.) Why Irish?: Irish Language and Literature in Academia. Gaillimh: Arlen House
Ó Tuama, Seán. (1987) ‘An Domhan a Chruthaigh Titley’. In: Comhar 46 (12)
Taylor, Charles. (1991) The Ethics of Authenticity. Cambridge, London: Harvard University Press.
Titley, Alan. (1987f) Eiriceachtaí agus Scéalta Eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Titley, Alan. (1991e) An tÚrscéal Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Titley, Alan. (1991f) ‘Mála an Éithigh’. In: Léachtaí Cholm Cille XXI: 184-206.
Titley, Alan. (2014b) ‘Rogha na nÚdar’. In: Comhar 74 (8).
Máirtín Coilféir