‘Croke hit me!’ 

Bhí fear ann fadó
fear ceannais coláiste
bhí tuirseach dá shiúlóid
agus a chuir fé le sagart eile ar a shuaimhneas,
ar fhilleadh dhó, i seomra na mbróg.
Sa pháirc imeartha lasmuigh den doras
bhí gleo agus gleithreán
a bhristí ó thráth go chéile
le nóiméad ciúnais.
Nuair a tháinig stócach ina éide spóirt isteach
a chaith dhe na bróga
is a chuir a chamán ar lámh shábhála
agus é ag caoineadh:
‘Cad a tharla duit, a stócaigh?’ arsa an sagart cineálta.
‘Croke hit me!’ a deir an buachaill.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig
stócach eile isteach ón bpáirc
a chuir fé chomh díomuach céanna
ar an stóilín fada céanna lena chompánach
i seomra na mbróg.

‘Agus cad a tharla duitse?’ arsa an sagart compánaigh:
‘Croke hit me!’ a deir an dara buachaill.
Agus an tríú duine ar ball
agus an tuairisc chéanna aige
gur bhuail Cróc é.
D’fhéach an bheirt shagart
ar a chéile
rud beag caidéiseach.

Gur tháinig an ceathrú mac léinn camánach:
‘I suppose Croke hit you too?’ a deir ceannasaí an choláiste.
‘I’m Croke!’ a deir an stócach.
‘Chuir an réiteoir den bpáirc mé as bheith dainséarach.
Bhí sé go mór san éagóir!’