Scéal Titley ar fáil faoi dheireadh ...

Scéal Titley ar fáil faoi dheireadh ...

Tá léargas grinn géarchúiseach ar shaothar Alan Titley sa chéad mhórleabhar critice faoin údar iomráiteach, a deir Gearóid Denvir

Gaiste nó gábh iar-nua-aoiseach dom an léirmheas seo a scríobh! Más íomhá choitianta nua-aoiseach a bhí sa duine ag breathnú ar an ‘duine dubh romham’ ar an scáileán, mar a chuir an Ríordánach síos ar an duine scoite ag dearcadh ar a scáil féin sa dán ‘An Silhouette’, scaoil an tomhais liteartha seo dhom agus ná can gó. Seo mise, údar, criticeoir, léitheoir fimíneach fiú, ag dearcadh ar Mháirtín Coilféir, údar agus criticeoir, agus eisean ar a sheal ag dearcadh ar údar agus criticeoir eile fós, Alan Titley. Agus le barr a chur ar bhata an scéil, an triúr againn in aon seomra ... más fior sin, arae mhúin an Riordánach dúinn nach ann go has go brách! Ní hamháin sin, ach bhí an domhan frithimpiriúlach, frithchoilíneach, frithchaipitleach, frithchiníoch a deir an leabhar seo linn a chruthaigh Titley ag bagairt orainn nuair a seoladh an leabhar le gairid in institiúid ársa na himpireachta, Coláiste na Tríonóide, teálta dúchais Mahaffy agus a leithéidí, ach go mb’fhéidir go raibh faoiseamh agus fuascailt seal le fáil againn sa seomra iarchoilíneach (fiú neamhchoilínithe), Téatar Uí Chadhain, áit a ndearnadh an seoladh.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús