Imeacht gan teacht air…

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Chuir Donald Trump tús lena shaol sa pholaitíocht nuair a thacaigh sé leis an mbréag chiníoch nach as do Mheiriceá Barack Obama.

Ag spalpadh bréaga faoin gcóras daonlathach toghchánaíochta agus toil na ndaoine féin atá sé agus deireadh ag teacht lena sheal mar uachtarán.

“I always tell the truth. Even when I lie,” a deir Tony Montana i Scarface agus ba dheacair gan cuimhneamh ar an mbarún drugaí i radharcanna deiridh an scannáin sin agus súil á caitheamh anall againn ar iompar Trump ó chaill sé an toghchán.

Teanntaithe ina thigh mór atá faoi chith piléar agus é suite laistiar de charn mór cócaoin a bhí Montana sa deireadh, paraonóia iomlán air, é ag ceasacht ar an gcinniúint agus greim an fhir bháite aige ar an gcumhacht.

Tá sé fós i gceannas, dar leis féin.

A fhón agus a chuntas Twitter a bhí ag Trump seachas an carn mór cócaoin, ach dála Montana níl sé chun géilleadh gan troid a chur suas agus bíodh an diabhal ag aon duine nó aon rud a thagann sa tslí air.

De réir tuairiscí, phléigh Trump lena chomhairleoirí an bhféadfaí toghthóirí a cheapadh in Pennsylvania a dhéanfadh neamhaird ar vóta na ndaoine ar mhaithe le téarma eile a thabhairt dó.

Nuair nach raibh sé ag tvuíteáil bréag, is cosúil go raibh sé ag caint os ord faoin Iaráin a bhuamáil sula gcríochnódh a théarma. D’éirigh le comhairleoirí áirithe an plean áirithe sin a chur as a cheann, de réir dealraimh.

Ná habraíodh aon duine linn nach ndéanfaidh sé mórán difear an fear seo a bheith imithe as an dTigh Bán.

Tar éis ceithre bliana den chiníochas, cothú deighilte, seaineafóibe, fuath ban, frith-intleachtúlachas agus frith-eolaíochtacht, ní gan dua a ghlanfar rian an Trumpachais den saol.

Agus féach gur vótáil nach mór leath den phobal dó in ainneoin na n-ainneoin, cuid mhaith acu a chreideann go mbíonn an fhírinne aige fiú nuair is éitheach eile fós atá á thabhairt aige.

Mairfidh lorg na mbréag go léir go ceann i bhfad. Mairfidh lorg na hiarrachta atá á déanamh aige beag is fiú a dhéanamh den phróiseas daonlathach go ceann i bhfad chomh maith.

Imeacht gan teacht air.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie