Ré nua, cur chuige nua?
Bliain ba mhaith linn a ligean i ndearmad í 2020, a deir Póilín Ní Chiaráin
Réab 2020 chugainn le híomhánna uafásacha den loscadh san Astráil agus an ghéarchéim aeráide follasach. Ag an am céanna bhí tuairiscí ag teacht chugainn faoi aicíd in Wuhan na Síne.
Ach anseo i dTuaisceart Éireann ba iad an Breatimeacht agus blianta d’easpa rialach ó Stormont nó Westminster a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine.
Go luath mí Eanáir thapaigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith agus Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, an deis a thug na vótóirí dóibh an mhí roimhe sin. Bhí teachtaireacht tugtha ag an bpobal don DUP agus Sinn Féin go raibh sé thar am acu a dhul i mbun oibre in Stormont. Chaill an DUP agus Sinn Féin suíocháin Parlaiminte in olltoghchán Westminster i mí na Nollag agus ní raibh cóimheá na cumhachta ag an DUP in Westminster feasta ó fuair Boris Johnson móramh ollmhór.
Chun teacht roimh chainteanna fadálacha gan toradh, oíche Déardaoin, an 9 Eanáir, d’fhoilsigh Smith agus Coveney a moltaí le haghaidh athnuachan Stormont.
Dúshlán poiblí ab ea foilsiú an phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua do na páirtithe chun deireadh a chur leis an bpairilis trí bliana. Athbhunaíodh Stormont agus cúig pháirtí ag roinnt na cumhachta sa bhFeidhmeannas. Chuaigh na mionpháirtithe, an SDLP, UUP agus Alliance, ar ais i gcomhar leis an DUP agus Sinn Féin ar an mbonn nach ndéanfadh an dá mhórpháirtí beag is fiú díobh an geábh seo. Faoi dheireadh na bliana bhí amhras faoin gcuid sin den Chur Chuige Nua.
Gealladh freisin go dtabharfaí faoi na fadhbanna a bhí curtha ar an méar fhada le blianta. Ina measc bhí cabhair d’íobartaigh agus gníomhartha eile chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dtrioblóidí, cearta reachtúla teanga, athchóiriú ar an gcóras sláinte agus liosta fada eile.
Tá siad fós gan réiteach.
tais le cur i bhfeidhm chun modh tarrthála a sholáthar dá mbeadh baol sáinne eile ann, bhí obair ullmhúcháin don Bhreatimeacht le réiteach agus bhí leasuithe le déanamh a chuideodh nuair a d’fhoilseodh Binse Fiosraithe an RHI tuarascáil a ceapadh a bheadh an-cháinteach.
Baineadh siar go mór as daoine nuair a foilsíodh tuarascáil an Bhinse ar an 13 Márta toisc go raibh sí fíorleamh.
Ba é an RHI, an phraiseach róchostasach de scéim fuinnimh inathnuaite a bhunaigh Arlene Foster mar Aire Fiontair an t-údar conspóide ba chúis le titim Stormont in Eanáir 2017. Measadh i bhfianaise a raibh cloiste ag na héisteachtaí go dtabharfadh an Fiosrú breithiúnas an-dian ar phearsana áirithe agus ar nósanna imeachta. Is fíor gur chinn an fiosrú gur scéim ‘thar chumas’ Stormont ab ea an RHI ach thug polaiteoirí na cosa leo.
Faoin am sin níorbh aicíd aisteach éigin sa tSín é Covid-19; d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar an 11 Márta gur phaindéim a bhí ann.
Bhí an galar tolgtha ag daoine sa tír seo thuaidh agus theas, bhíomar ag dul i dtaithí ar ‘nigh do lámha, fan dhá mhéadar ó dhaoine’ agus araile. Ar an 19 Márta fógraíodh go raibh duine básaithe leis an Covid-19 i dTuaisceart Éireann agus bhí 77 gcás deimhnithe ansin.
Bhí deighilt thraidisiúnta an Tuaiscirt soiléir ag tús na paindéime, an DUP ag iarraidh sampla rialtas na Breataine a leanúint agus Sinn Féin ag brú cur chuige rialtas na hÉireann. Tháinig siad ar chóras comhaontaithe ar feadh tréimhsí fada ach bhain sochraid mhór Shinn Féin d’iarchomhalta den IRA, Bobby Storey, croitheadh as a gcaidreamh. Lagaigh an scéal sin muinín san teachtaireacht faoi shrianta Covid-19 ó Stormont agus ón LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin go háirithe. Bhain sceipteachas fheisirí Parlaiminte an DUP, Sammy Wilson (faoi mhascanna) agus Ian Paisley (faoi shrianta), de mhuinín an phobail sa teachtaireacht sláinte phoiblí freisin.
Sa bhFeidhmeannas bhí easaontas suaithinseach idir an DUP agus na páirtithe eile ar fad i mí na Samhna. Ag an bpointe sin agus eite den DUP ag iarraidh baint d’údarás Arlene Foster mar cheannaire, bhain an páirtí úsáid go conspóideach as veto sa bhFeidhmeannas chun an eacnamaíocht a chosaint, dar leo.
Bhí an t-achrann sa bhFeidhmeannas nimhneach agus géarchéim pholaitiúil á cothú sa mullach ar an ngéarchéim sláinte. Níor chiúnaigh sé na heasaontóirí san DUP nuair ab éigean don pháirtí cúlú go huiríseal ón seasamh aonair sin taobh istigh de sheachtain.
Bhí baol ann go mbáfadh an rabharta cásanna den ghalar na hospidéil in achar an-ghearr. Faoin tráth sin bhí cuid de na hospidéil lomlán, ganntanas foirne ann agus gan a thuilleadh le fáil. Bhí os cionn 900 básaithe le Covid de réir chuntas na Roinne Sláinte atá bunaithe ar dhaoine a raibh toradh dearfach ar a dtástáil; bhí os cionn 1,200 ar an liosta ag an Áisíneacht Staidrimh a áiríonn gach duine a ndéantar tagairt do Covid-19 ar a dteastas báis.
Cúis imní is ea an difríocht idir an cur chuige ar dhá thaobh na teorann. Is fíor go raibh Stormont ag brath ar mhaoiniú ó Whitehall chun tacú le gnólachtaí agus oibrithe ar bhain an phaindéim dá slí bheatha. Ach mheas saineolaithe nár leor é sin chun easpa comhordaithe thuaidh-theas, a mhíniú, go háirithe sna ceantair cois teorann mar a raibh an aicíd níos forleithne de bharr líon mór na dturas trasna na teorann a tharlaíonn go seasta. Más idé-eolaíocht nó malairt anailíse faoi ndear na difríochtaí idir an dá dhlínse is fadhb í nár mhór réiteach Angla-Éireannach agus thuaidh-theas uirthi a aimsiú.
Tháinig an phaindéim idir sinn agus gach gné eile den saol. Ba é aiséirí Stormont eachtra mhór mhí Eanáir ach liosta le háireamh iad na cúraimí nár dhrann an Feidhmeannas leo in aon chor. Bhíothas chun aire a thabhairt d’íobartaigh na dtrioblóidí – tá siad fós ag fanacht. Is féidir glacadh leis gurb í an phaindéim is cúis le moill a bheith
ar chuid den obair ach níor cuireadh ina luí ar dhaoine gur amhlaidh an
cás i gcónaí.
Bhí lucht gnó ar buile faoi moill a bheith ar íocaíochtaí faoisimh, go leor ag cur faillí dho-mhaite i leith an Fheidhmeannais. B’fhurasta tuiscint dóibh agus ba dheacair meabhair a bhaint as na cúiseanna a tugadh leis an moill.
Nuair a chuirtear san áireamh an éiginnteacht faoi cad a tharlóidh ar an 1 Eanáir 2021 i dtaca leis an mBreatimeacht is furasta a mbuairt faoi thubaiste a thuiscint.
Ba iad Julian Smith agus Simon Coveney ailtirí Ré Nua, Cur Chuige Nua, a bhí bunaithe ar na cainteanna ilpháirtí.
Ar éigean a bhí an dúch tirim ar an bplean nuair a bhris Boris Johnson Julian Smith as a phost agus cheap Brandon Lewis i gcomharbacht air. Is annamh a tharlaíonn sé le Státrúnaithe ach bhí meas ar Smith.
An mbeadh brú coinnithe aigesean ar an bhFeidhmeannas chun spriocanna a bhaint amach? Cé nach bhfuil Simon Coveney ina Thánaiste níos mó is é an tAire Gnóthaí Eachtracha é ach níl aon ghlacadh ag an DUP le hairí Éireannacha a bheith ‘ag cur a ladar i ngnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann’. Is faoi Stormont atá mar sin agus amhras ar roinnt go bhfuil sé in ann don chúram: leasuithe a dhéanamh chomh maith le dul i ngleic leis an bpaindéim.
Ba í 2020 freisin an bhliain a bhfuair beirt de mhórlaochra náisiúnacha na hÉireann bás. I mí Eanáir cailleadh Seamus Mallon iar-leascheannaire an SDLP agus iar-LeasChéad-Aire in Stormont. Bhí pobal uilig an Tuaiscirt, idir náisiúnaithe agus aontachtaithe, faoi chomaoin aige as a shaothar ar son an chirt agus an chomhionannais.
Seacht mí ina dhiaidh cailleadh John Hume buaiteoir ghradam Nobel na síochána chomh maith le gradam Martin Luther King agus Gandhi. Rinne sé cion fathaigh ar mhaithe leis an tsíocháin abhus agus ba é a chuir ceist Thuaisceart Éireann ar chlár oibre na gcumhachtaí móra, an tAontas Eorpach an institiúid ab ansa leis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ní raibh sé gníomhach sa pholaitíocht le scór bliain beagnach de bharr drochshláinte ach baintear tairbhe gach lá as toradh a anailíse, a fhíse agus a shaothair. Ba é státaire na haoise é.
Guímid síocháin na síoraíochta ar an mbeirt acu agus gach duine a cailleadh le Covid-19. Agus bliain faoi shó agus sláinte duitse, a léitheoir.