Cluiche an tsaoil  

Joe Steve Ó Neachtain 

Imir an ghlaic

a roinntear leat

chomh maith is atá

i do neart,

cúig na bua

i ndeireadh saoil

an tslí a bhfágann tú

do mharc.

Mura roinntear leat

ach drámhasaí,

ná caith do lámh

i bpaca,

is minic drámh

chomh maith le mámh,

ach bheith foighdeach

ag baint leas as.

An t-aon hairt

is sláinte dhuit,

mámh ins gach bonn

den tsaol í,

agus sonas a bheith

de shíor i do chroí,

comhair é sin

mar chíonán.

Coinnigh súil

ar chlár na himeartha

mar threoir

do shlí do leasa,

gaol gar don tsaint

an tséitéireacht,

bíonn olc is maith

sa bpaca.

Bíodh an focal maith

mar chaitheamh i do dhiaidh,

más beag nó mór

do mharc,

níl i bhfad an tsaoil

ach cluiche gearr,

is ní bhfaighidh tú

an darna seans.

- Canadh an dán seo ón gcnuasach filíochta Fad Saoil (Cló Iar-Chonnacht, 2015) ag Aifrinn sochraide an fhile