In am an ghátair a bhraitear an chabhair

Seán Tadhg Ó Gairbhí

I dtús na haicíde atáimid agus súil againn gurb in í an uair is fusa í a leigheas.

Ach tá an saol curtha as a riocht ag paindéim Covid-19 agus tá an caidreamh a bhíonn againn le daoine eile curtha bunoscionn ar fad.

Tá seift mhínádúrtha foghlamtha againn chun go dtiocfaimis slán – conas fanacht glan ar a chéile ar mhaithe le teacht i gcabhair ar a chéile. Bímis ag súil go bhfuil sí foghlamtha go maith againn.

Níl aon amhras ach gur léirigh an tslí ar scaip an galar seo ar fud an domhain a leochailí is atáimid mar dhaoine.

Bímis ag súil go léireoidh sé chomh maith an teacht aniar
atá ionainn.

Róluath atá sé a bheith ag déanamh aon chaint mhór faoi na ceachtanna atá foghlamtha againn de thoradh na géarchéime, ach tá rud beag nó dhó le rá faoinar tharla go dtí seo in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás den choróinvíreas.

Is beag ciall dúrúch a bheith anois orainn ag iarraidh naoimh a dhéanamh de na polaiteoirí céanna a ndeineamar iad a dhamnú mí ó shin mar gheall ar a mí-éifeacht, ach bímis buíoch gur cosúil, go fóill ar chuma ar bith, go bhfuil ár gceannairí inchurtha leis an dúshlán.

Ní hé an scéal céanna é i gcás na gceannairí i dtíortha áirithe eile agus is amhlaidh, mar shampla, gur soiléire ná riamh místuaim Donald Trump agus a chontúirtí is atá a chuid ganfhiosaíochta agus ablála.

Léirigh an ghéarchéim go dtí seo chomh maith a chontúirtí is a áiféisí atá meon na críochdheighilte an uair is diongbháilte a bhíonn sé.

Is mór an feall é dhá chur chuige éagsúil i leith na paindéime a bheith ar aon oileán beag amháin, go háirithe nuair atá locht mór á fháil ag saineolaithe ar fud an domhain ar cheann de na polasaithe sin.

Ach b’fhéidir go dtabharfaidh an ghéarchéim seo ar dhaoine aird níos mó a thabhairt ar shaineolaithe agus an chluas bhodhar a thabhairt do dhéimeagógaigh agus do dhileataint de gach saghas.

Dá dtarlódh sin, ní hamháin gur mó an seans go dtiocfaimid slán as an ngéarchéim seo, ach is mó an seans go mbeimid níos ullmhaithe don chéad cheann eile.

Idir an dá linn, fágfaimid sibh go fóill le ráiteas as leabhar Pheig Sayers, ráiteas tráthúil a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine nuair a scaipeadh le déanaí ar na meáin shóisialta é:

Níor luíos trom ar aon duine de mo chomharsana. Thugadar dom gach cabhair a bhí ar a gcumas. Má bhí lochtanna orthu sin, bhí mo lochtanna féin ormsa. Chaitheamar ár saol i dteannta a chéile go sítheach grách. Ar chnoc is i ngarraí thugaimis cúnamh dá chéile. Má bheireadh greim crua orm, ní bhíodh le déanamh agam ach rith go dtí duine de na comharsana. Bheireadh sin
go dtí cabhair Dé mé. Chuireamar ár saol isteach ar scáth a chéile.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie