Laoithe Cumainn
A ógánaigh an órfhoilt bhúidhe...
i.
A ógánaigh an órfhoilt bhuidhe
a mbíodh lí na gréine i do ghruaidh,
ba tú is túisce a spreag mo dhúil
is a chuir mé ag déanamh uabhair.
Chuir mé dúil i do leiceann bhláith
is i ngach ball de do cholainn álainn
is thug mé buannaíocht duit i ndán
nuair a chan mé d’áilleacht is d’intinn ghrinn.
An óige fhionn is broid na colainne
a chuireann fíoch ar fud na féithe.
Scéimh nach maireann a mheallann mé,
an luisne dhiaga i gcorp na cré.
ii.
Ar do shonsa, a chumainn ghil-óig,
rachainn thar gach cuing agus teorainn;
masla clainne, míchlú na ndaoine,
aon ní ach a bheith i do bhaclainn.
Is ní ag déanamh imní a bheinn
faoi mhairgí móra an tsaoil,
faoi chogadh agus chreach, ghorta agus phláigh,
agus mé leatsa i bhfuil agus i bhfeoil.
Is cé nach bhfuil buaine ar bith
i scéimh na hóige, ina luisne ná a haoibh,
níl casadh gréine, níl éirí gealaí,
nach móróinn d’aghaidh is d’intinn chaomh.
Umhla agus dílse tugaim duitse, a chroí,
dílse na colainne, gach ball agus géag.
Tusa a rialaíonn mo cheann is mo chéadfaí,
leatsa na críocha seo anois is go héag.
Is tusa an tiarna dár dual domh géilleadh,
laoch na leapa, mo ghaiscíoch is mo bhile;
Ó m’uile chroí, bheirim duitse mo sheirbhís,
Is bhéarfaidh, a ghile, a thréan oiread uile.
Tusa amháin atá i dteideal mo ghrá,
a thiarna na seirce, a phrionsa na bpóg;
agatsa atá an barántas anois is go brách
ar chneas, ar chnámh agus ar chorróg.
vii.