LEIRMHÉAS

Sadhbh Devlin

Gráinne - Gaiscíoch Gael

Siobhán Parkinson

Cois Life, 2019

Léirmheas le Sadhbh Devlin

Ní scéal nua dúinn é scéal Ghráinne Mhaol Ní Mháille. Is iomaí leagan atá againn cheana faoina laochas agus a crógacht. Tá scéalta simplí do pháistí óga, úrscéalta grafacha, mórleabhair stairiúla, drámaí, saothair cheoil agus ealaíne spreagtha aici I gcaitheamh na mblianta. Ach cé go bhfuil clú agus cáil uirthi féin agus ar a cuid gaiscíochta, ní fhéachtar uirthi go minic ach mar chineál ‘imlíne’ de dhuine - carachtar, nach-mór-miotasach, aontoiseach. Feictear í mar ‘Bhanríon na bhFoghlaithe Mara’ seachas mar fhíordhuine daonna go raibh fuil agus feoil inti agus croí ag bualadh ina cliabhrach.

San úrscéal nua ó pheann Shiobháin Parkinson, Gráinne – Gaiscíoch Gael (Cois Life, 2019), preabann an banlaoch stairiúil chun beatha. Éiríonn le Parkinson léiriú an-éifeachtach a thabhairt dúinn ar Ghráinne Ní Mháille an duine agus léargas tugtha aici dúinn uirthi mar bhean, mar chéile agus mar mháthair. Tugann sí tuiscint dúinn freisin ar conas mar a spreag na gnéithe éagsúla seo de Ghráinne ina saol eachtrúil í.

Buaileann muid léi in 1565, i gCliara. Tá a fear céile curtha aici, ach tá sí i mbarr a réime ina ainneoin sin. Tagann teachtaire chuici le nuacht faoi longbhriseadh. Lasann splanc na heachtraíochta inti láithreach agus amach linn go beo ar an bhfarraige gharbh lei. Braitheann muid an ghaoth ag fuipeáil thart orainn, blas an tsáile ar ár mbeola agus scréach na bhfaoileán inár gcluasa. Tugann an chéad caibidil tuiscint láithreach dúinn ar cé chomh neamheaglach agus neamhghnách is atá an bhean seo agus meallann Parkinson muid dul le Gráinne – pé áit a rachaidh sí.

Ag leanúint ar aghaidh ón tús spleodrach sin, insítear scéal Ghráinne i bhfoirm míreanna a thagann leis na fíricí atá ar eolas againn faoina saol ón stair. Tá an struchtúir seo beagán éagsúil ó ghnáth-úrscéal. Ó am go ham, léimeann an scéal ar aghaidh píosa fada idir chaibidil agus cailltear carachtair – roinnt acu go mbeadh cion agat orthu, b’fhéidir – i gcaoch na súl. Is fíordhaoine iad formhór na bpearsana atá sa scéal, ach tá curtha go mór le h-amlíne oifigiúil na staire ag Parkinson freisin, agus carachtair nua-chumtha aici le tacú leis na himeachtaí, na hagallamh agus na smaointí atá idir chamáin.

Léirítear Gráinne mar mhairnéalach láidir, eolasach agus uaireanta neamhthrócaireach agus Macdara lena taobh. Feiceann muid í agus í ag streachailt go príobháideach lena sláinte agus leis an mbealach a bhfuil iarrachtaí á dhéanamh í a chur faoi smacht agus í lena mná cúnta Mairéad agus Sadhbh. Spreagann sí an cócaire cantalach-ach-cineálta, Neilí Thanaí, le seasamh taobh amuigh den ghnáth-saol atá aici le dul ar an bhfarraige lei. Ní ‘uirlisí’ amháin iad na carachtair seo leis an spotsholas a lonrú ar thréithe Ghráinne, áfach. Tá a bpearsantacht féin ag gach duine acu freisin agus ról tábhachtach ag gach duine acu an stair a thabhairt chun beatha.

Cé go bhfuil an leabhar iomlán bunaithe ar fhíricí, a d’fhéadfadh a bheith lom go leor, ní cur síos leamh stairiúil atá san úrscéal seo ar chor ar bith. Tá gach mír dea-scríofa agus lán-aicsean. Tá breis is fiche leabhar foilsithe ag Siobhán Parkinson - do gach aoisghrúpa – agus mar sin, is féidir brath air go bhfuil an scríbhneoireacht ar ardchaighdeán aici.

Tá an chuma air go bhfuil borradh agus fás ar ‘neamh-fhicsean cruthaitheach’ den chineál seo le déanaí agus is maith an rud é sin. Tá gá níos mó ná riamh go mbeadh tuiscint dhomhain againn ar an stair agus nasc againn leis an am a caitheadh, ionas nach ndéanfar na botúin chéanna. Braitheann sé tráthúil gur anois atá an leabhar áirithe seo á fhoilsiú. Tá toradh an Bhreatimeachta ag druidim linn go beo. Ní gá ach Twitter a oscailt na laethanta seo agus feicfidh tú na méimeanna ‘the Brits are at it again’ go flúirseach ann, gan trácht ar ghiolcanna a léiríonn cé chomh haineolach is atá aicme áirithe sa Bhreatain ar stair a dtíre féin agus an bhaint atá aici le hÉireann.

Bheadh sé éasca Dia beag a dhéanamh de Ghráinne Mhaol Ní Mháille mar shiombail an fheimineachais, mar laoch na nGael – agus tá na tréithe sin aici go cinnte - ach níl Gráinne seo Shiobháin Parkinson gan smál. Is é sin an éacht atá déanta aici sa leabhar seo. Feiceann muid Gráinne agus í in ardghiúmar agus feiceann muid í agus í in ísle brí. Feiceann muid í ag déanamh cinntí cliste agus ag déanamh botún. Tá idir ghreann agus dáiríre inti freisin (go háirithe nuair atá an t-ab i gceist!) Cé gur ficsean atá i bhformhór na n-agallamh agus na smaointí anseo, braithfimid go bhfuil blaiseadh ceart faighte againn den bhean dhaonna í féin.

Is é Gráinne - Gaiscíoch Gael an 169ú leabhar ón gcomhlacht Cois Life agus, faraor, an saothar deireanach uathu. Fágfaidh Cois Life féin oidhreacht thábhachtach ina ndiaidh – agus an leabhar seo mar sheoid ina gcoróin litríochta.

Sadhbh Devlin

Is scríbhneoir í Sadhbh Devlin