Na Cioclóip...

Darach Ó Scolaí
Na Cioclóip...

Sa dara cuid d’aistriúchán Dharach Uí Scolaí ar ‘Na Cioclóip’, tá Uiliséas agus a chuid compánach sáinnithe i bpluais ag an gCioclóp agus tá sé siúd tar éis beirt den chompántas a ithe

Chomh luath agus a gheal an mhaidin rósmhéarach, dheargaigh an Cioclóp an tine agus bhligh sé a thréada breátha, beithíoch ar bheithíoch, agus leag a cinn óga féin faoi gach máthair. Ansin, nuair a bhí an cúram sin curtha i gcrích aige, rug sé ar bheirt eile de mo chuid fear agus thosaigh ag réiteach béile dó féin. Nuair a bhí a chuid ite aige bhain sé an charraig mhór den doras agus thiomáin sé a thréada méithe as an bpluais amach, agus chuir an chloch ar ais, amhail is go raibh claibín á chur ar ais ar bholgán saighead aige. D’imigh an Cioclóp leis ansin agus é ag feadaíl os ard gur thiomáin a thréada méithe i dtreo an tsléibhe agus gur fágadh mise sa phluais agus gach olc á bheartú i mo chroí dó le súil go mbainfinn díoltas amach — agus le súil go dtabharfadh Aitéana an ghlóir sin dom.

Ar deireadh, shíleas gurb é seo an tseift ab fhearr. In aice le loc na gcaorach bhí lorg mhór an Chioclóip — fás mór olóige a bhí bainte aige agus é fágtha ar triomú sula n-úsáidfeadh sé é (go deimhin, shíleamar féin go raibh sé chomh mór le crann seoil ar long fhada leathan thráchtála a thrasnaíonn an fharraige mhór). Thógas é agus ghearras cuaille sé troithe de agus shín chuig mo chompánaigh é agus d’iarr orthu é a shnoí go mín. Thógas uathu ansin é agus bhioraíos é agus chruas os cionn na tine é. Nuair a bhí sin déanta chuireas i leataobh é, i bhfolach faoin aoileach a bhí ina charnáin ar fud na pluaise. D’iarras ar mo chompánaigh é a chur ar chrainnte ansin go bhfeicfeadh muid cé ar a thitfeadh sé an cuaille a ardú in éineacht liom féin agus é a bhá i súil an Chioclóip nuair a thiocfadh a shámhchodladh air. Roghnaíodh an dream ab fhearr a d’iarrfainn féin — ceathrar, agus mé féin ar an gcúigiú duine.

Ba ansin a tháinig sé, a thréada lomracha á dtiomáint roimhe aige gur ruaig caol díreach isteach sa phluais iad. Níor fhág sé oiread is ceann amháin sa bhuaile lasmuigh — agus ní feasach dom an drochthuar nó comhairle na ndéithe a thug air é sin a dhéanamh. Chroch sé cloch an dorais in airde agus chuir sa doras í, shuigh agus chuaigh ag bleán na gcaorach is na ngabhar, ceann i ndiaidh a chéile, agus ansin leag a cinn óga féin faoi gach máthair. Nuair a bhí sin déanta aige rug sé ar bheirt fhear eile agus thosaigh ag réiteach don suipéar.

Ba ansin a theannas leis an gCioclóp, mias den fhíon dorcha i mo lámha agam, gur labhras leis:

‘A Chioclóip,’ a deirimse, ‘ól deoch fíona tar éis do bhéile feola go bhfeicfidh tú cén sórt dí a bhí ar bord na loinge againn. Is chugatsa a bhí an fíon á thabhairt agam, le súil go ndéanfá trua dúinn agus go gcabhrófá linn an baile a bhaint amach, ach tá tú chomh fiáin ainsrianta nach féidir cur suas leat. A fhir bhrúidiúil, cén chaoi a dtiocfadh éinne de shluaite an domhain mhóir ar ais ar cuairt ort go deo arís, tharla tú gan dlí ná eagar?’

In áit freagra a thabhairt orm thóg sé an mhias agus dhiúg an fíon, agus bhí sé chomh sásta leis an deoch mhilis gur iarr sé an dara deoch orm:


‘Tabhair dom deoch eile,’ ar seisean, ‘agus inis d’ainm dom, go dtabharfad an bronntanas is dual don taistealaí duit. Mar i measc na gCioclóp, tugann an talamh torthúil fíonchaora uaidh go fial, agus méadaíonn Séas lena chuid fearthainne iad, ach níl amhras ach gur sruthán meala ó na déithe an deoch seo.’

Thugas deoch eile den fhíon dearg-lasta dó. Trí huaire a líonas an mhias dó, agus trí huaire a d’ól sé an fíon go díchéillí. Agus nuair a bhí an fíon gafa sa chírín air, labhras leis de bhriathra boga séimhe:


‘A Chioclóip,’ a deirimse, ‘d’iarr tú m’ainm clúiteach orm, agus inseod duit é; agus tabharfaidh tusa do bhronntanas dom mar a gheallais. Éinne is ainm dom, Éinne a thugann siad ar fad orm — m’athair is mo mháthair, agus mo chompánaigh ar fad.’

D’fhreagair sé mé gan trua gan taise:


‘Íosfad na fir eile ar dtús agus coinneod Éinne ar deireadh,’ ar sé. ‘Sin é mo bhronntanas dó.’

Nuair a bhí an méid sin ráite aige thit sé siar ar a dhroim, agus luigh ansin agus a mhuineál mór casta siar air agus é ina thromshuan meisce. Agus ina chodladh dó, chuir sé amach, agus aníos as a scornach tháinig fíon agus píosaí feola. Ba ansin a shás an chuaille faoi ghríosach na tine gur théas é. Le briathra dóchasacha, d’ardaíos meanma mo chuid compánach ionas nach gclisfeadh aon fhear orm le faitíos. Ach nuair a bhí an cuaille olóige ar tí lasadh — cé gur adhmad glas a bhí ann — agus é ag tosú ag deargadh, tharraingíos as an tine é. Chruinnigh mo chompánaigh i mo thimpeall agus chuir dia cogar misnigh ionainn ar fad. Thóg siad an cuaille géar olóige agus sháigh siad an bior i súil an Chioclóip. D’éirigh mise in airde agus chuireas mo mheáchan anuas air, agus chasas thart é mar a dhéanfadh siúinéir le bísire i gclár loinge fad a bheadh na fir eile á chasadh le gad a bheadh i ngreim ar an dá thaobh acu. Agus ansin mheascamar an bior lasta anonn is anall ina shúil gur thosaigh an fhuil ag coipeadh ina thimpeall. Loisc an ghal as an tsúil dhóite na malaí agus na fabhraí, agus istigh faoin mbior thosaigh fréamhacha na súile ag cnagarnach sa teas. Agus mar a dhéanann tua mhór siosarnach nuair a leagann an gabha san uisce í — rud a thugann a chruas don iarainn — rinne an tsúil siosarnach thart timpeall ar an mbior dóite.

Lig an Cioclóp béic uafásach as a bhain macalla as carraig na pluaise inár dtimpeall agus, le scéin, chúbamar siar uaidh. Tharraing sé an bior fuilteach as a shúil agus theilg uaidh é, a dhá lámh á síneadh amach aige. Ghlaoigh sé os ard ar na Cioclóip a bhí ina gcónaí sna pluaiseanna ar na mullaigh sceirdiúla máguaird gur chualadar a shainbhéic agus gur thángadar de rith as gach taobh chuige. Sheasadar taobh amuigh den phluais agus d’fhiafraíodar de céard a bhí air:


‘Céard é seo ort, a Pholaiféamais, go bhfuil tú ag síonaíl san oíche shíoraí dár ndúiseacht?’ ar siad. ‘An bhfuil duine éigin ag tiomáint do chuid tréada leis de d’ainneoin, nó an bhfuiltear do do mharú le feall nó le forneart?’

Aniar as an bpluais d’fhreagair Polaiféamas Mór iad:


‘A chairde,’ ar sé, ‘níl Éinne do mo mharú le forneart óir ní mharóidh éinne mé ach le feall!’

Thugadar freagra air sin agus labhair leis de bhriathra breátha:


‘Mura bhfuil éinne do do mharú is é Seás a chuir an tinneas seo ort agus níor mhór duit paidir a chur chuig ár n-athair, chuig an Tiarna Poiséadón,’ ar siad.

Labhradar agus d’imigh; agus léim mo chroí go sásta mar gur éirigh chomh maith sin leis an ainm a thugas orm féin is le mo chleasaíocht chliste. Maidir leis an gCioclóp, chuaigh sé ag geonaíl agus ag smúrthacht go cráite sa dorchadas gur rug an chloch as an doras agus gur shuigh sé féin i mbéal an dorais, a dhá lámh sínte amach aige le breith ar éinne a d’iarrfadh éalú amach in éineacht leis na caoirigh — óir shíl sé go mbéarfadh sé ar an gcaoi sin orainn.

Maidir liomsa, rinneas mo chomhairle go bhfeicfinn cén bealach ab fhearr dúinn éalú ón mbás. Agus mar a dhéanfadh duine atá i mbaol a bháis, chuimhníos ar an uile chineál seifte, óir ba mhór an t-olc a bhí amach romham. Agus seo é, dar liom, an tseift ab fhearr díobh. Bhí reithí sa phluais, beithígh bhreátha mhóra agus olann dhubh orthu. Go ciúin, rugas ar thrí reithe agus cheangail mé le chéile iad leis na gaid ar a gcodlaíodh an t-arrachtach. Cheanglaíos fear faoin reithe láir agus é ceilte ag an dá reithe ar gach aon taobh de, agus rinneas amhlaidh leis na reithí ar fad. Maidir liomsa, rugas ar reithe a bhí níos breátha ná reithe ar bith eile, rugas greim ar a dhroim agus bháigh mé mé féin san olann bhreá thiubh a bhí faoina bholg, mo bhéal faoina ucht agus mo chroí ag bualadh go láidir, agus choinníos greim docht daingean air. Ba mar sin dúinn, go caointeach brónach, go breacadh an lae.

Chomh luath is a shoilsigh an mhaidin rósmhéarach, bhrostaigh na reithí agus na pocaidí go doras na pluaise le súil go ligfí amach ar an mbuaile iad agus chuaigh na caoirigh is na gabhair ag glaoch sna loic, a n-úth ata le bainne. Agus cé go raibh pianta uafásacha ar a máistir, chuimil sé a lámh de dhroim na gcaorach agus iad ag teacht amach thairis, ach ní fhaca sé go raibh mo chuid fear greamaithe faoina n-ucht. Ar deireadh, chuaigh an reithe mór amach agus meáchan na holla agus mo mheáchan féin air. Chuimil Polaiféamas Mór a dhroim agus labhair leis:

‘A reithe mhaith,’ ar sé, ‘cén fáth gur i ndeireadh na tréada atá tú inniu? Ní hiondúil go mbíonn tú ar deireadh, is iondúil gur tú is túisce a théann amach thar an bhféar go srutháin na habhann, agus gur tú is túisce a fhilleann sa tráthnóna. Ach anois tá tú ar deireadh. An é go bhfuil cumha ort i ndiaidh shúil do mháistir, an tsúil ar dhall an meatachán sin is a chairde cladhartha nuair a mheall sé mé lena chuid fíona? Ach deirimse leat nach bhfuil Éinne tar éis éalú uaim! Is trua nach bhfuil bua na cainte agat mar atá agamsa agus nach bhféadfá a insint dom cén áit sa phluais a bhfuil sé i bhfolach orm, ansin bheadh a inchinn ina smíste ar fud na pluaise agam agus bheadh ualach na himní a leag Éinne orm bainte díom.’

Nuair a bhí sin ráite aige scaoil sé amach an reithe mór. Agus nuair a bhí an reithe imithe achar gearr ón bpluais ligeas mé féin anuas de agus scaoileas mo chompánaigh. Go tapa, thiomáineamar uainn na caoirigh móra méithe agus rinneamar ar an long. Cé gur mhór an fháilte a chuir ár gcompánaigh romhainn, chaoineadar go faíoch ár gcairde a cailleadh. Ach chuireas-sa stop lena gcaoineadh ansin agus d’ordaigh dóibh na caoirigh maithe lomracha a chaitheamh ar bord na loinge agus seoladh thar sáile amach.

Chuadar ar bord láithreach, shuíodar ina n-ionad féin ar na seasanna agus bhuaileadar an fharraige ghlas lena maidí rámha. Ach nuair a bhíos fós i bhfoisceacht béice den oileán labhras leis an gCioclóp de bhriathra magúla:


‘A Chioclóip,’ a deirim, ‘ní meatachán ar bith a bhí san fhear sin ar mharaigh tú a chompánaigh i do phluais. Nach raibh a fhios agat go ndíoghlfaí do ghníomhartha barbartha ort? Cén bhrúid mhallaithe a d’íosfadh a chuid aíonna ina theach féin! Cén t-iontas go mbainfeadh Séas agus na déithe eile díoltas amach ort?’

Nuair a chuala sé mo ghlór, le teann feirge bhain an Cioclóp an splinc de mhullach ard sléibhe agus chaith linn é gur thit san fharraige os comhair na loinge duibhe. D’éirigh an fharraige faoin gcloch agus de réir mar a thit sí d’ardaigh tonn mhór mar a bheadh taoille aníos ón ngrinneall agus thiomáin sí an long ar ais i dtreo an oileáin gur chaith in airde ar an gcladach í. Ach thógas-sa cuaille fada i mo lámh agus sháigh an long amach ón gcladach arís. Sméideas ar mo chompánaigh gur mhúsclaíodar agus chromadar ar na maidí rámha go n-éalódh muid as an ngábh ina rabhamar. Ach nuair a bhíomar tagtha beagnach chomh fada leis an oileán beag bhíos ar tí glaoch arís ar an gCioclóp, ach duine i ndiaidh a chéile, le briathra ciúine séimhe, d’iarr mo chompánaigh orm gan é a ghríosú arís:


‘Ná tarraing orainn an t-arrachtach sin a chaith diúracán linn agus a thiomáin ar ais ar an gcladach sinn ionas gur shíleamar go rabhamar caillte athuair,’ ar siadsan liom. ‘Má chloiseann sé oiread is gíoc as éinne againn caithfidh sé carraig mhór ghéar linn a bhrisfeadh idir long is chloigne orainn, tá sé chomh láidir sin,’ ar siad.

Ach níor éirigh leo mo spiorad dúshlánach a mhúchadh agus d’fhreagraíos arís go feargach é:

‘A Chioclóip,’ a deirim, ‘má fhiafraíonn daonnaí díot faoi chaochadh náireach do shúile, abair leis gurbh é Odaiséas, Creachadóir na gCathracha, a chaoch í, mac Laertas as Iotaca.’

Nuair a chuala sé mo chuid cainte lig sé geoin as:


‘Tá an fíor tagtha faoin tairngreacht, más ea,’ ar sé. ‘Bhí draoi anseo fadó, fear breá ard, Teileamas mac Eoramais, arbh é an draoi a b’fhearr dá raibh é, agus a mhair i measc na gCioclóp. Dúirt sé liom go dtitfeadh na nithe seo ar fad amach agus gur le lámh Odaiséas a dhallfaí mé.

‘Bhí súil agamsa le fear ard dea-chumtha a thiocfadh anseo faoi dhea-éide,’ ar seisean, ‘ach is meatachán beag lag a bhain an tsúil díom tar éis dó mé a chur ar meisce le fíon. Ach tar anseo, a Odaiséas, go leagfad do chuid bronntanas romhat agus go gcuirfead ar do shlí abhaile thú — le cúnamh an Chreathadóra Talún é féin, óir is mé a mhac agus tugann seisean m’athair air féin, agus leigheasfaidh sé mé más mian leis — rud nach dtig le fear ná dia eile a dhéanamh.’

Mar sin a labhair sé, agus thugas-sa freagra air go ndúirt:

‘Dá mbeadh deis agam air bhainfinn do bheatha agus d’anam díot agus thiomáinfinn go teach Haidéas thú, áit nach leigheasfadh an Creathadóir Talún féin an tsúil sin agat!’

Ghuigh sé chuig Posaidéan ansin
agus shín a dhá lámh amach chuig réaltaí na spéire:

‘Tabhair cluas dom, a Phosaidéin, a Chreathadóir Talún, a dhia dhubhchiabhach, más mé go deimhin do mhac mar a mhaígh tú, guím nach mbaine Odaiséas, Creachadóir na gCathracha, mac Laertas as Iotaca, a bhaile féin amach go deo. Ach má bhíonn sé sa chinniúint aige a bhaile agus a chairde a fheiceáil riamh arís, go dtaga sé ann go mall ainspíonta, tar éis dó a chompánaigh ar fad a chailleadh, agus é i long nach leis féin í, agus go raibh drochscéala sa bhaile ag fanacht leis.’

B’in í an ghuí a rinne sé, agus chuala an dia dubhchiabhach é. Chroch an cloch eile níos airde fós, agus theilg le hiomlán a nirt í. Thit sí díreach taobh thiar de chúl dubh na loinge agus ba bheag nár bhris sí an stiúir. D’éirigh an fharraige faoin gcloch agus í ag titim gur ardaigh sí an long agus gur thiomáin chun cinn i dtreo an oileáin bhig í.

Nuair a thángamar ar an oileán sin a raibh ár longa breátha ar an gcladach ann, agus ár gcompánaigh mórthimpeall ag caoineadh go sásta ar ár bhfeiceáil dóibh, thriomaíomar ár long ar an ngaineamh agus chuamar i dtír. Thugamar tréad an Chioclóip as íochtar na loinge agus roinneamar eadrainn féin iad ionas go bhfuair gach fear a chuid féin go cothrom. Ach, sular roinneadh an tréad, thug mo chompánaigh an reithe mór dom mar bhronntanas; agus ar an gcladach rinneas íobairt de do Shéas mac Crónas, dia na néalta dorcha, tiarna an uile, agus loisceas na ceathrúna. Ach ba léir nár thug sé aird ar m’íobairt ach gur ag beartú ar mo longa breátha is mo chompánaigh dílse a bhá a bhí sé.

Mar sin, i gcaitheamh an lae, ó mhaidin go fuineadh gréine, shuíomar agus chaitheamar ár sáith den fheoil agus den fhíon milis, agus nuair a d’ísligh an ghrian agus nuair a thit an dorchadas shíneamar muid féin siar ar chladach na farraige. Agus chomh luath agus a shoilsigh an mhaidin rósmhéarach dhúisíos mo chompánaigh agus d’ordaigh dóibh na longa a bhordáil agus na cáblaí a scaoileadh. Rinneadar sin gan cheist, shuíodar ina n-ionad féin ar na seasanna gur bhuail an fharraige ghlas lena maidí rámha. Agus sheolamar linn, sásta gur éalaíomar ón mbás, agus muid croíbhriste i ndiaidh ár gcairde dílse.

- Is ar choimisiún ó Imram a rinneadh an saothar seo. Aithrisíodh an sliocht seo ar stáitse mar chuid d’fhéile Imram

Darach Ó Scolaí