Téarma tástála Stormont
An bhfeicfimid aon athrú san Fheidhmeannas ó thuaidh? a fhiafraíonn Póilín Ní Chiaráin
Tréimhse chorrach í seo do rialtais agus údaráis phoiblí ar fud na cruinne a bhuíochas don víreas corónach. Ní mór do Thionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, ach oiread le gach dream eile, sláinte an phobail a chosaint ach tá víreas thairis sin le ceansú ag Stormont.
Sceith bhéil ab ea an réimeas a thit as a chéile trí bliana ó shin as a mhífheidhmiúlacht. Fearacht an té a dhéanann gníomh croíbhrú as a chuid peacaí maítear go bhfuil rún diongbháilte a leasaithe ag an bhFeidhmeannas nua, agus ag an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, go háirithe. De réir an treoirphlean le haghaidh athnuachan Stormont i mí Eanáir bhí ré nua agus cur chuige nua i ndán dúinn. Chífimid cé mar a chloífear leis an dea-rún.
Nuair a d’fhoilsigh Julian Smith, Státrúnaí na linne agus an Tánaiste Simon Coveney a bplean, a d’fhág na páirtithe gan an dara rogha ach glacadh leis, bhí an teachtaireacht soiléir. Níor chuir Smith fiacail ann is é ag leagan béim ar na leasuithe a bheadh riachtanach chun Stormont a chur ar bhonn bisiúil a thuillfeadh muinín an phobail. Ba iad seo na riachtanais, ar sé, is é ag moladh an mhargaidh: ‘It ensures more sustainable institutions, better politics and greater transparency and a new framework on language, arts and literature’.
Ba í an phraiseach chostasach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI a bhunaigh Arlene Foster nuair a bhí sí ina haire fiontair in 2012 an buille feille don bhFeidhmeannas in 2017.
Bhí Sinn Féin toilteanach glacadh le himscrúdú teoranta dá seasfadh Foster i leataobh ar feadh cúpla seachtain. Bhí Foster ina Céad-Aire faoin tráth sin agus ina ceannaire ar an DUP. Chuir sí cos i dtaca, ag diúltú as éadan don iarratas cé go raibh fasach ann ó sheas a réamhtheachtaí, Peter Robinson i leataobh ar ócáid eile. Chuir lucht tacaíochta Shinn Féin brú ar an bpáirtí a d’éirigh as an bhFeidhmeannas.
Bunaíodh fiosrú poiblí an RHI, faoi cheannas an iarbhreithimh, Sir Patrick Coghlin. Má bhí éinne aineolach faoi mhífheidhmiúlacht Stormont roimhe sin nocht an fhianaise a tugadh don bhfiosrú cé chomh holc is a bhí. Rinneadh dochar mór do cháil na státseirbhíse in Stormont, do pholaiteoirí ar leith - a bhformhór imithe as Stormont anois - agus do chomhairleoirí a d’fhostaigh páirtithe faoi rialacha a mbeadh sé cineálta a rá go raibh siad easnamhach.
Bhí comhairleoirí neamhthofa níos cumhachtaí ná airí go minic, ag feidhmiú amhail is gurbh iadsan a bhí gceannas gan a bheith faoi smacht na rialacha a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí agus gan a nAirí a bheith freagrach astu. De réir a fianaise féin, ba chosúil nár thuig Arlene Foster an scéim a bhunaigh sí, go raibh sí dall ar an róchostas a bhainfeadh lena bunú gan srian ar bith ar chaiteachas, nár léigh sí bille a mhol sí don Tionól agus nach raibh mórán suime aici san RHI. Tháinig sé chun solais go ndearnadh neamhshuim d’fholáirimh go raibh an teas á úsáid lá agus oíche ag roinnt mar go raibh saibhreas le carnadh - £1.60 de dheontas as gach £1.00 de chostas.
Nuair a chuaigh na páirtithe ar ais i mbun oibre in Stormont i mí Eanáir níor chualathas smid faoin mbagairt a rinneadh trí bliana ó shin nach bhféadfadh Arlene Foster filleadh ar phost an Chéad-Aire go dtí go mbeadh fáil ar an mbreithiúnas ón bhfiosrú poiblí ar a hiompar. Ní raibh tuarascáil an Bhreithimh Coghlin agus a phainéil eisithe nuair a bhí an t-alt seo á scríobh ach bhí sé le tuiscint gur ghlac na páirtithe eile leis, go háirithe Sinn Féin go dtiocfadh Foster slán ón gcáineadh a dhéanfaí uirthi san tuarascáil. Ba í an chaint in Stormont nár bhaol di mura gcuirfí caimiléireacht nó éilliú ina leith - cor nach raibh coinne ná cúis leis. Thabharfadh sí na cosa léi fiú dá gcinnfí go raibh sí neamhinniúil don ghnó ag an am.
Diancháineadh a bheadh ansin ar dhuine ar bith ach chaithfeadh ciallachais thromchúiseacha a bheith aige do Chéad-Aire. Chuir an fiosrú na daoine a bhí le cáineadh ar an eolas i ndeireadh an tsamhraidh seo caite; bhí ceart freagartha acu agus bhí a fhios acu céard a déarfaí fúthu. Dúirt foinsí san DUP nach raibh údar mór imní ag a gceannaire agus ba chosúil óna hiompar nach raibh sí buartha.
Is bocht an teist é ar an réimeas a bhí in Stormont ó 2007 go 2017 gurbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de nuair a bhíothas ag filleadh ar an obair i mbliana nach mbainfeadh breithiúnas faoi éagumas croitheadh as an institiúid athbhunaithe.
Rinneadh iarracht sa phlean New Decade, New Approach na hinstitiúidí a chosaint ó iarmhairtí an RHI.
Chun praiseach den chineál sin a sheachaint feasta éilíodh sa phlean leasaithe ar an gcóras, tiomantas d’iompar níos fearr ‘a commitment to further reform to take account of the outcome of the Renewable Heat Incentive (RHI) inquiry’.
Cuireadh an obair sin go sonrach faoi amchlár an Bhreithimh, Sir Patrick Coghlinái, agus a fhoireann ach bhí an chuid is mó den chlár oibre faoi stiúir na bpáirtithe féin. Gealladh beartais mhóra taobh istigh de 100 lá. Chuige sin bhí clár rialtais le haontú. D’inis feidhmeannach do Choiste an Fheidhmeannais (is í Oifig an Fheidhmeannais an t-ainm a thugtar anois Oifig an Chéad agus LeasChéad-Aire) le déanaí go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar an gclár rialtais. Mheas sé go mbeadh bailchríoch ar an obair faoin Aibreán.
Leagadh amach na tosaíochtaí i bplean athnuachana an dá rialtas. Orthu sin bhí fuascailt ar stailc na n-altraí, rud a rinneadh cé go raibh sé costasach. Bhí ceansú na liostaí feithimh le haghaidh cúram leighis, réiteach ar agóid thionsclaíoch na múinteoirí, méadú ar líon na bpóilíní, scoil leighis a bhunú in Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire agus ceapadh an Choimisinéara Teanga ar an liosta freisin. Beifear ag dréim le pleananna do na rudaí sin a bheith sa chlár rialtais chomh maith le beartais i dtaca le híocaíochta leasa shóisialaigh, forbairt ar an gcóras iompair, ceartúchán ar easpa forbartha taobh thiar den Bhanna agus scéimeanna in aghaidh athrú aeráide – ní áirím conas a thabharfaidh siad faoi thionchar an Bhreatimeachta.
Ar éigean a bhí na páirtithe imithe isteach an doras in Stormont mí Eanáir nuair a léiríodh míshuaimhneas faoi airgead. Conas a íocfaidh siad as na beartais uaillmhianacha a gealladh agus a cheaptar ba cheart a bheith sa chlár rialtais? Tá roinnt daoine ag fiodmhagadh faoi na páirtithe mar gur fhill siad ar Stormont gan barántais a bheith faighte acu ó rialtas na Breataine faoin mbuiséad. Faoin am ar fhógair Státrúnaí an ama, Julian Smith agus an Tánaiste, Simon Coveney an plean athnuachana ní raibh figiúirí dearbhuithe agus dúradh go mbeadh riar a gcáis acu.
Is léir nach ionann léamh Whitehall ar riar a gcáis agus an tsuim atá de dhíth ar Stormont agus ar an Aire Airgeadais Conor Murphy, Sinn Féın. Ar a chéad lá i mbun oifige d’fhógair Murphy go raibh an buiséad thar a bheith easnamhach. Bhí airgead breise dlite do Thuaisceart Éireann agus réigiúin eile de bharr pholasaí an Phríomh-Aire Boris Johnson an caiteachas i dtuaisceart Shasana a mhéadú ach bhí Murphy meáite de go raibh beagnach £700 milliún eile riachtanach don obair reatha gan trácht ar an gcostas a bheadh ar bheartais úra.
Tá roinnt in Stormont den bharúil go bhféadfadh easpa airgid croitheadh chomh mór a bhaint as an réimeas nua is a bhainfeadh tuarascáil an RHI. Ní áibhéil é a rá go bhfuil seans maith go bhfuil baint ag an dá rud lena chéile. Seans gur cuireadh glas daingean ar an sparán nuair a chuala Londain comhairleoir neamhthofa de chuid an DUP ag moladh do dhaoine i dtaca leis an RHI ‘líonaigí bhur bpócaí – Londain atá ag íoc as’.
Is cosúil go bhfuil feidhmeannaigh in oifig an Státchiste den bharúil gur gá do Stormont a chruthú go bhfuil sé toilteanach airgead a bhailiú seachas a bheith go síoraí ag bleán na bó thall. Níl aon dabht ach go gceapann na Tóraithe gur cheart táillí uisce a ghearradh abhus agus táillí ollscoile a mhéadú; tá an DUP agus Sinn Féin in aghaidh tháillí uisce. I bhfianaise na géarchéime sláinte a bhí ann fiú roimh an ráig den víreas corónach, scoileanna ar an ngannchuid, drochbhail ar bhóithre agus ceantair ar nós an Chreagáin i nDoire batráilte ag dífhostaíocht agus easpa deiseanna, ní bheidh an pobal sásta mura ndéanfar dul chun cinn. Caithfidh an Feidhmeannas a bheith cruthaitheach maidir leis an mbuiséad agus is mór an dúshlán é.
Níl an DUP agus Sinn Féin ina n-aonar sa bhFeidhmeannas reatha; tá SDLP, UUP agus Alliance ann freisin. Chuaigh siadsan sa bhfreasúra in 2016 i ngeall ar iompar an dá mhórpháirtí a bhí níos tugtha do roinnt na creiche ná roinnt na cumhachta. Feidhmeannas ar bhonn páirtnéireachta atá in ainm is a bheith ann agus beifear ag faire go géar féachaint an mar sin a bheidh. Níor dhea-thuar é an chaoi a roghnaíodh an Ceann Comhairle agus an LeasCheann Comhairle ar an gcéad lá ar ais sa Tionól. Chreid na mionpháirtithe gurb é Patsy Mac Giolla Eoin a bhí le toghadh mar Cheann Comhairle ach shéan an dá mhórpháirtí gur deineadh a leithéid de mhargadh agus choinnigh siad an dá phost acu féin, Sinn Féin agus DUP. Is fíor gur acu a bhí na huimhreacha agus an ceart chun é sin a dhéanamh. Is é an scéal céanna é sa bhFeidhmeannas ó thaobh uimhríochta. An bhfeicfimid athrú?