Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh

Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh

Thuigfeadh an Ríordánach don ghalar agus thuigfeadh sé don bhagairt laethúil nó mhair sé faoi scáil na heitinne ar feadh na mblianta, a scríobhann Pól Ó Muirí

‘Dúirt an Tiarna le Maois: ‘Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n-aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’’ Eax: 6:19-20

Ina leaba féin, ina sheomra féin, ina theach féin a fuair athair m’athar bás. Breis agus dhá scór bliain ó shin a d’éag sé. Bhí mise óg go maith; ar éigean go raibh an bhunscoil fágtha i mo dhiaidh agam. Fuair sé bás san oíche agus bhí m’athair féin ina chuideachta nuair a d’éag sé. Ar a chrann a thit sé fanacht leis an oíche chinniúnach úd. Cúram an mhic a bhí ann an oíche a chaitheamh leis.

Seanduine a bhí ann domsa agus níor luadh a dhrochshláinte linne, páistí. Níor dár ngnó é. Ba é an cúram a bhí orainn, ina dhiaidh sin, é a chomóradh chun na cille. D’éist muid Aifreann na Marbh; sheas muid taobh thiar den chónra mar a dhéanann gach aon teaghlach agus pobal in Éirinn agus lean muid an chónra ina dhiaidh sin síos an bóthar. Tórramh traidisiúnta Éireannach.

Is i mBéal Feirste a adhlacadh é, i mBaile an Mhuilinn, agus tá mórán eile de mo mhuintir i ndiaidh leaba a aimsiú sa reilig sin ó shin; tá mic agus iníonacha d’athair m’athar anois ag coinneáil cuideachta leis faoin am seo. M’athair, atá os cionn na ceithre scór anois, agus iníon amháin eile, sin a bhfuil fágtha den chlann líonmhar sin anois. Agus bíodh is gur sa taobh thoir d’Éirinn a luíonn athair m’athar, i mBéal Feirste cois cuain, is thiar a tháinig sé ar an tsaol, i nDún Lúiche, Dún na nGall, faoi scáth na hEaragaile. Is i Machaire Gathláin, reilig cois farraige i nGaoth Dobhair, atá a athair agus a mháthair féin ina luí.

Ar thaobh na láimhe clé, faoi chúpla slat den gheata tosaigh, atá siad. Ach ba de bhunadh an Droichid Nua, Cill Dara, athair athair m’athar agus ba de bhunadh Ghlinntí Aontroma máthair athair m’athar. Tá taisí de mhuintir Murray ar an Droicead Nua agus muintir McKendry i nGleann Arma agus, lá de na laethanta seo, rachaidh mise ar cuairt go reiligí eile agus leagfaidh bláthanna agus cuirfidh paidir le daoine muinteartha de mo chuid a tháinig ar an tsaol fadó fadó fadó. An dé deiridh den spioradáltacht atá fágtha ionainn, an ea? Níl cosaint ar bith sa chéim ollscoile ar a bhfuil i ndán dúinn.

Fuair seanbhean, nach raibh aithne agam uirthi, bás i dTír Eoghain inné. Bhí meas agus gean ag na comharsana uirthi ach ní raibh tórramh ann. Thug dornán dá muintir faoin aistear uaigneach chun na cille leo féin. Sheas na comharsana ar thaobh an bhealaigh mhóir lena n-urraim a léiriú di ach sin a raibh ar a son. Ní raibh siad ar Aifreann ina cuideachta; ní raibh siad isteach is amach as an teach; ní raibh deis ann le cárta Aifrinn a thabhairt, comhbhrón a dhéanamh, tae agus ceapairí a roinnt de bharr Covid-19.

Tá an gnás gallda céanna ar siúl fad fud na hÉireann anois – an tórramh uaigneach tapa, adhlacadh aonair, cúpla paidir os cionn na huaighe agus sin a bhfuil de. Bhrisfeadh sé do chroí. Is beag dínit ná comhar atá ag baint leis.

‘Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh,’ a scríobh Seán Ó Ríordáin (1916-1977) ina dhán, ‘Adhlacadh mo Mhátha’r. Sea, tá an Meitheamh ag titim siar isteach sa Gheimhreadh i mórán áiteanna in Éirinn anois – agus san Iodáil, sa Spáinn, ar fud na cruinne. Agus seo á scríobh, tá borradh faoi líon na marbh agus faoi líon na ndaoine a bhfuil galar Covid-19 orthu. Tá namhaid nach dtig linn a fheiceáil ár mbagairt agus ár stoitheadh as an tsaol seo.

Thuigfeadh an Ríordánach don ghalar agus thuigfeadh sé don bhagairt laethúil nó mhair sé faoi scáil na heitinne ar feadh na mblianta. Meastar go bhfuair 10,000 duine bás den eitinn sa bhliain 1916, an bhliain ar tháinig Ó Ríordáin ar an tsaol. 10,000 in aon bhliain amháin! (Tá an méid sin agus breis marbh san Iodáil agus sa Spáinn faoin am seo, básanna a tharla in imeacht roinnt míonna.)

Go luath ina shaol a mhothaigh Ó Ríordáin buille an ghalair. Scríobhann Seán Ó Coileáin ina bheathaisnéis ar Ó Ríordáin, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar), gur bliain is fiche a bhí an Ríordánach an chéad uair a chuaigh sé isteach sa tsanatóir. Níor éalaigh sé riamh óna scáth; rinneadh ‘othar gairmiúil’ de an t-am sin, a scríobhann Ó Coileáin: ‘Bhí Seán baiste ina lobhar ón gcéad lá a thuirling sé i measc a chomhothar. Bhain sé feasta le hord ba rialta ná aon ord creidimh, cé gur chroíúla b’fhéidir.’ De réir Uí Choileáin, ‘bás beo’ a bhí ag an fhile ón lá sin ar aghaidh.

Go ‘sanatorium’ a cuireadh an t-othar, an lobhar, an t-am sin le go dtiocfadh biseach air, má thagann. Scríobhann Ó Ríordáin: ‘Ba shaol eile saol na slán – saol cruaidh coimhtheach buan folláin. D’fhan a bpearsa súd socair téagartha, agus sinne ag leá. Blianta ina dhiaidh san nuair a chínn daoine sláintiúla, chuimhnínn siar a bhuachaillí agus ar chailíní na heitinne agus iad ag díthéagarú os comhair do dhá shúl.’

Tá an tsochaí ar fad ag leá os comhair ár súl agus an pobal ag díthéagarú faoi láthair. Tá muid uilig sa tsanatóir le Ó Ríordáin anois; is othar agus lobhar an uile dhuine againn, bíodh an galar orainn nó ná bíodh. Scríobhann Ó Coileáin faoi sheal Uí Ríordáin faoi thinneas: ‘An t-am a chomhaireamh, a roinnt, a mheilt, thar aon rud eile. Mar a chéile an sanatorium ó bhliain go bliain. Laethanta agus blianta ag leá isteach ina chéile...’

Amharc go bhfuil an toradh céanna ag an dianghlasáil orainn; muid uilig ag comhaireamh na n-uaireanta agus na laethanta agus ag iarraidh an t-am a mheilt chomh maith agus is féidir linn. Laethanta agus seachtainí agus, b’fhéidir, míonna a bheidh ag leá isteach ina chéile. Blianta? Cá bhfios? Nach sin an eagla atá ar gach aon duine anois, eagla Uí Ríordáin, eagla roimh an ghalar bhradach a fhillfeas amárach, arú amárach, amach anseo?

Is minic sleachta as dialann Uí Ríordáin in Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht; in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine) a chuireann síos ar an drochshláinte: scamhóga atá lag, tinneas, fiabhras, bheith ag cur fola. An duine neamhbhuan, sobhriste agus inbhriste; an duine nach bhfuil smacht aige ar a chinniúint féin; an duine a mhaireann, ní hea, an duine a thugann a cheann leis ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain, an duine a thuigeann go dtig leis an domhan a chnámha a bhriseadh ar an chéad chasadh eile.

‘Tá mé ag lorg m’análach,’ a scríobhann Ó Ríordáin ina dhialann, líne shimplí scáfar. ‘Tá mé ag lorg m’análach’ agus smaointíonn muid láithreach ar dhaoine eile fud fad na cruinne atá ar lorg a n-análach de bharr an ghalair úir seo.

Paindéim a thugann muid air seo; plá a thabharfadh glúnta eile ar an ócáid. Beidh mórán deora lena linn agus mórán ceisteanna ina diaidh agus muid ag siúl cois na habhann nó na canála nó taobh an bhogaigh arís eile. Beidh ceisteanna ann faoi fhás agus bhorradh an ghalair; faoi chur chuige na rialtas; faoi phleananna a cuireadh i gcrích nó nár cuireadh i gcrích; faoi thuairisciú agus thuairimíocht na meán. Fágfaidh na laethanta seo a rian ar chuid mhór daoine agus déanfaidh mórán eile dearmad de a luaithe agus is féidir leo.

Sea, bhí an Meitheamh seal ina Gheimhreadh ag Ó Ríordáin ach bhí dúil aige i mí an Mheithimh: ‘Is é seo an tráth den bhliain is ansa liom. Grian, solas. Tá mo léine bhán orm. Ba cheart léinte bána a chaitheamh i gcónaí sa tsamhradh. Tá boladh aoibhinn na mbláth in gach aon bhall. Is aoibhinn iad oícheanta an tsamhraidh. Is breá an rud é paidreacha a rá san uain.’

Is aoibhinn iad oícheanta an tsamhraidh gan amhras.